Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Pleanáil > Ceadúnais - Alt 254

Iarratais ar Cheadúnais Alt 254

Tá pleananna nochta inniu ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Nicholas Mac an Chrosáin, chun tacú le gnólachtaí san earnáil turasóireachta agus fáilteachais trí chuidiú leo spásanna breise itheacháin agus suí a chur ar fáil taobh amuigh.Tá tuilleadh eolais le fáil ag an nasc seo a leanas:-

 

 


 

 

  

Alt 254 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)  

 

Tá ceadúnas de dhíth faoi alt 254 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) maidir le tógáil, foirgniú, suíomh nó cothabháil na nithe seo a leanas:-

 

  1. Inneall díola  
  2. Léarscáil de bhaile nó de thírdhreach chun treonna nó áiteanna a thaispeáint  
  3. Clárlach, fál nó scafall  
  4. Déanmhas fógráin (seachas déanmhas fógráin a sonraítear i mír (dd)).
    Mír (dd) - Déanmhas fógráin (comhartha de chineál méire eolais nach bhfuil níos mó ná 1 méadar ar fhad) arb é atá ann ná treo-chomhartha i gcomhair lóistín do thurasóirí.
  5. Cábla, sreang nó píblíne, lena n-áirítear, infreastruchtúr cumarsáide leictreonach os cionn talún mar aon le haon infreastruchtúr fisiciúil eile bainteach leo.
  6. Both nó uaithne gutháin.  
  7. Aon fhearas nó déanmhas eile a fhorordófar mar ní ar gá ceadúnas a fháil ina leith faoin alt seo, ar bhóthar poiblí nó faoi nó thairis nó feadh bhóthar poiblí.

 

Ní bheidh gá le ceadúnas faoi Alt 254 maidir leis na nithe seo a leanas:-

 

  1. Fearas/gaireas ná déanmhas a bheidh údaraithe de réir ceada pleanála.  
  2. Clárlach/fál/scafall sealadach a bheidh tógtha de réir coinníl a ghabhann le cead pleanála. Cábla/sreang/píblíne a thógáil, a fhoirgniú, a shuíomh nó a chothabháil faoi bhóthar poiblí ag gnóthaire reachtúil.

 

Féadfaidh an t-údarás pleanála ceadúnas a dheonú ar feadh cibé tréimhse agus ar cibé coinnióllacha a shonróidh an t-údarás, lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le suíomh agus dearadh.

 

Tabhair faoi deara, go bhféadfaidh an t-údarás pleanála, trí fhógra i scríbhinn, an ceadúnas a tharraingt siar agus a cheangal ar an gceadúnaí an déanmhas a dhíchur ar a chostas/a costas féin.