Cuireann an Scéim Dheontas Ardoideachais tacaíocht airgid ar fáil do mhic léinn i gcoláistí ceadaithe tríú-leibhéal.
Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a riarann Scéim Dheontas Ardoideachais na Roinne Oideachais do na mic léinn sin a thosaigh a gcuid cúrsaí roimh an bhliain acadúil 2012/13 ag an leibhéal fochéime agus iarchéime.
Is íocaíocht de réir tástála acmhainne í agus tá gné chothabhála agus íocaíocht táillí/táillí clárúcháin mhac léinn i gceist i bPoblacht na hÉireann.
Rinneadh riarachán na Scéime um Dheontais Ardoideachais a lárú sa bhliain 2012.
Ba chóir do gach mac léinn ionchasach a bheas ag tosú ar chúrsa úr tríú leibhéil, ag leibhéal fochéime nó iarchéime, iarratas a dhéanamh trí SUSI (Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léin in Éirinn) ag www.studentfinance.ie nó scairt ar 0761 087874 nó ríomhphost a chur chuig support@susi.cdvec.ie.
Is féidir aon fhiosrúchán breise a dhéanamh leis an Oifig um Dheontais Ardoideachais le linn gnáthuaireanta oibre.
Is féidir cruinnithe pearsanta a shocrú trí choinne a dhéanamh ach dul i dteagmháil le hOifig na nDeontas Ardoideachais.