Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag lorg tairiscintí fá choinne Urraíocht Timpealláin i Leitir Ceanainn don tréimhse ó Nollaig 2018 go dtí Samhain 2019.
Tá na timpealláin seo ar na háiteanna is gníomhaí laistigh den bhaile mór agus bíonn na mílte carr ag dul tharstu achan lá, rud a chuireann deis iontach fógraíochta ar fáil do ghnólachtaí áitiúla.
Tá fáilte romhat tairiscint a dhéanamh do Thimpealláin i Leitir Ceanainn don bhliain 2018-2019. Is é an dáta druidte le haghaidh tairiscintí ná 4.00pm Dé Luain 5 Samhain 2018. Fá choinne tuilleadh eolais léigh Eolas ar Urraíocht Timpealláin.