Donegal County Council Logo
Baile > Seirbhísí > Bóithre > Comhairliúchán Poiblí sa tSeirbhís Bóithre > Acomhal R267 i mBaile Dhún na nGall

Acomhal an R267 ag Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile Dhún na nGall

Tá sé beartaithe córas rialaithe soilse tráchta a thabhairt isteach ar an acomhal idir an R267 / Ionad Seirbhísí Poiblí Dhún na nGall / Bóthar Shiopa So Lo i mBaile Dhún na nGall chun sábháilteacht, feidhmíocht agus nascacht a fheabhsú le haghaidh coisithe agus feithiclí, agus chun méadú tráchta a éascú agus chun acmhainneacht bhreise a sholáthar a thacóidh leis na spriocanna forbraíochta do Bhaile Dhún na nGall ina n-iomláine.


Déanfar an tionscadal de réir na líníochtaí a ghabhann leis an iarratas seo, ina measc:

  • Acomhal úr le comharthaíocht a sholáthar de réir na líníochtaí a cuireadh ar fáil.
  • An cosán a fheabhsú de réir mar is cuí chun glacadh le trasrianta coisithe,
  • Gathanna an acomhail a athailíniú mar is cuí,
  • Marcanna úra bóthair, comharthaíocht, oibreacha draenála, tírdhreachú agus oibreacha áise.
  • Déanfar an tionscadal de réir Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994.

 

NÓTA: NÓTA: De bharr na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair le linn Covid-19, níl na pleananna agus sonraíochtaí don fhorbairt bheartaithe seo ar fáil lena scrúdú ná lena n-íoslódáil ach amháin ar na naisc thíos.

 

Nó mar mhalairt air sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Ionad Seirbhíse Custaiméara  ar (074)91 53900 chun tuilleadh eolais a fháil faoi na hOibreacha Beartaithe.

 

Beidh na moltaí ar fáil lena scrúdú ó 9am Dé Luain 25 Bealtaine 2020 go dtí 5pm Dé Máirt 23 Meitheamh 2020.



Is féidir aighneachtaí agus breathnúcháin i dtaca leis an fhorbairt bheartaithe, ag plé le pleanáil agus forbairt chuí an cheantair ina mbeadh an fhorbairt suite, a dhéanamh i scríbhinn chuig: Oifig Rúnaíochta an Chontae, Comhairle Contae Dhún na nGall, Leifear, Contae Dhún na nGall roimh 4.30in Dé Céadaoin 8 Iúil 2020.

 

Tabhair faoi deara, de réir Alt 120(1)(b)(i) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú) tá cinneadh déanta ag Comhairle Contae Dhún na nGall, bunaithe ar réamhscrúdú ar nádúr, ar mhéid agus ar shuíomh na forbartha, nach bhfuil gá le Measúnú Tionchair Timpeallachta.


Marcáil tosach an chlúdaigh, le do thoil, le hainm an tionscadail de réir an sceidil thuas.

 

R267 Donegal Town PSC Junction Part 8 Report

R267 Donegal Town PSC Junction App B Drawings

R267 Donegal Town PSC Junction EIA Pre-screen Prel Exam

R267 - Donegal Town PSC Junction Article 6 Screening Report

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO