Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Bóithre > An Scéim Rannpháirtíochta Pobail

Scéim Rannpháirtíochta Pobail

 

Treoracha fá choinne léirithe spéise:

 


Tugtar na nóta seo a leanas mar chuidiú dóibh siúd atá ag líonadh na foirme iarratais i dtaca le léirithe spéise.

 


Ginearálta:

Is le bóithre poiblí amháin a bhaineann an scéim seo.
D'fhéadfadh an Chomhairle tacaíocht a chur ar fáil do phobail áitiúla nó do dhaoine aonaracha le haon chuid de na hoibreacha bóthair ar an fhoirm léirithe spéise agus an méid thíos. Seo a leanas an cineál tacaíochta a d'fhéadfadh a bheith i gceist:

 

  • Ábhair:
  • Trealamh
  • Comhairle
  • Bainistiú Tráchta
  • Foireann
  • Sa chás go ndéanann grúpa pobail nó buíon daoine obair thógála nó chothabhála ar an bhóthar, cuirfidh an Chomhairle slánaíocht agus árachas ar fáil i dtaca leis na hoibreacha, agus cur i bhfeidhm na n-oibreacha, chomh fada is go ndéantar iad de réir na gcoinníollacha a leagann an Chomhairle síos in aon chomhaontú.
  • Agus í ag déanamh cinneadh deiridh faoi aon oibreacha atá le déanamh ag grúpa pobail nó ag buíon daoine, beidh aird ag an Chomhairle ar chumas an ghrúpa pobail aon oibreacha a dhéanamh
  • Ní bheidh an Chomhairle freagrach as aon chostas a thiteann ar aon ghrúpa pobail agus iad i mbun oibreacha, seachas iad siúd atá aontaithe sula gcuirtear tús leis na hoibreacha, ach amháin má aontaítear a mhalairt.
  • Is í an Chomhairle amháin a bheas freagrach as cinneadh a dhéanamh i dtaca le teidlíocht agus tosaíocht aon oibreacha a roghnaítear faoin scéim.

 

 

Ba í an Aoine 25 Aibreán 2014 @ 4:30pm an dáta deireanach le haghaidh iarratas.