Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Bailiú Ioncaim > Rátaí Tráchtála > Maoiniú Covid do Ghnólachtaí

Scéim Cúnaimh do Ghnólachtaí Beaga maidir le Covid (SCGBC) - An Dara Ceathrú

Tá an Scéim leathnaithe Cúnaimh do Ghnólachtaí Beaga maidir le Covid ag glacadh le hiarratais anois.


Is é an 21 Iúil 2021 an dáta deiridh don scéim seo.


Tá Céim 2 den scéim seo leathnaithe anois leis na gnólachtaí sin nach raibh incháilithe roimhe seo a chur san áireamh.


Tá na gnólachtaí sin atá ag obair ó áitribh neamh-inrátaithe i dteideal iarratas a dhéanamh agus má chomhlíonann siad na critéir incháilithe eile gheobhaidh siad deontas €4,000.


Tá gnólachtaí a bhfuil láimhdeachas idir €20,000 agus €49,999 acu incháilithe le hiarratas a dhéanamh anois má chomhlíonann siad na critéir eile agus gheobhaidh siad deontas €1,000.


Tugann SCGBC deontais do ghnólachtaí nach bhfuil incháilithe do Scéim Cúnaimh Srianta Covid an Rialtais (SCSC), Deontas Leanúnachas Gnó de chuid Fáilte Ireland nó aon scéim deontas díreach earnála eile. Féachann an scéim seo le cuidiú le gnólachtaí maidir lena gcostais sheasta, mar shampla, cíos, billí fóntais, urrús.


Má fuair tú Céim 1 den SCGBC is féidir leat cur isteach ar Chéim 2 fosta má chomhlíonann tú na riachtanais incháilithe go fóill.


Sonraí maidir le Céim 2 den SCGBC:

 

  • Tá an scéim ar fáil do ghnólachtaí nach bhfuil incháilithe do na scéimeanna SCSC, MEBAS, Fáilte Ireland nó scéimeanna earnála eile atá dírithe ar chuidiú le costais sheasta.
  • Tá an scéim ar fáil do chomhlachtaí, do dhaoine féinfhostaithe, do thrádálaithe aonair nó do chomhpháirtíochtaí;
  • Níl an gnólacht faoi úinéireacht agus á oibriú ag eagras poiblí;
  • Níl an gnólacht incháilithe le haghaidh, agus ní bhfuair siad tacaíocht ó, scéimeanna SCSC, Scéim Leanúnachas Gnó Fáilte Ireland, MEBAS ná aon scéim earnála eile. Tá sonraí maidir leis na scéimeanna seo leagtha amach ar an fhoirm iarratais agus sna ceisteanna coitianta.
  • Tá an gnólacht ag feidhmiú ó fhoirgneamh, agus an obair chianda sa bhaile san áireamh, nó ó struchtúr seasta fisiciúil den chineál sin, amhail clós nó seastán trádála sráide ar a bhfuil rátaí iníoctha, nó i mol comh-oibre nó ag deasc seasta faoi chíos. Níl san áireamh anseo gnólachtaí a dhéantar ó fheithiclí, amhail PSVanna nó gnólachtaí tógála;
  • Is gá go bhfuil Deimhniú Imréitigh eChánach ag an ghnólacht ó na Coimisinéirí Ioncaim;

 

Critéir Láimhdeachais an Ghnólachta:

 

  • Meastar nach mbeidh meánláimhdeachas measta seachtainiúil an ghnólachta, thar thréimhse an éilimh ón 1 Aibreán go dtí 30 Meitheamh 2021, níos mó ná 25%...:
    • De mheánláimhdeachas seachtainiúil an ghnólachta in 2019; nó
    • De mhéanláimhdeachas seachtainiúil measta an ghnólachta in 2020, do ghnólachtaí ar cuireadh tús leo i ndiaidh an 1 Samhain 2019, agus ba chóir na ráitis airgeadais dar críoch 2019 a uaslódáil leis an iarratas;
  • Go bhfuil sé beartaithe ag an ghnólacht an gnó a atoiseacht ina iomláine nuair a laghdófar srianta Covid-19 an Rialtais.

 

Pointí tábhachtacha eile:

 

  • Cuideoidh an scéim le gnólachtaí incháilithe a chomhlíonann critéir na scéime don tréimhse trádála dar tús 1 Aibreán go dtí 30 Meitheamh 2021.
  • Gach iarratas incháilithe a bhfuil láimhdeachas €50,000 ar a laghad acu, gheobhaidh siad íocaíocht €4,000.
  • Gach iarratas incháilithe a bhfuil láimhdeachas €20,000 ar a laghad acu, agus níos lú ná €49,999, gheobhaidh siad íocaíocht €1,000.
  • Scaipfear na híocaíochtaí trí aistriú bainc.
  • Is faoin iarratasóir atá sé an fhoirm a chomhlánú ina hiomláine agus gach doiciméad ábhartha atá riachtanach a chur isteach mar thacaíocht lena n-iarratas.
  • Druidfear an Scéim d’iarratasóirí úra ar an 21 Iúil 2021.

 

Reáchtálfar an scéim ar bhonn “tús freastail ar an cheann is túisce”, agus glacfaidh sé cúpla seachtain le hiarratais a phróiseáil.

Bheimis buíoch duit as a bheith foighdeach.

Fá choinne tuilleadh tacaíochtaí gnó i dtaca le Covid-19, féach enterprise.gov.ie/coronavirus.

Má fuair tú maoiniú SCGBC roimhe seo cliceáil anseo

MURA bhfuair tú maoiniú SCGBC roimhe seo, cliceáil anseo

Fá choinne tuilleadh eolais/fiosrúcháin, seol ríomhphost chuig [email protected] nó déan teagmháil leis an bhall foirne cuí  .

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO