Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > Bailiú Ioncaim > Rátaí Tráchtála

Rátaí Tráchtála

An scéim spriocdhírithe um tharscaoileadh rátaí tráchtála sa chéad ráithe de 2022

 

Cad é an rud é Rátaí Tráchtála?

 

Cad chuige a n-íocann muid Rátaí?

 

Cad é mar a thig liom mo rátaí a íoc?

 

Scéim Dreasachta Rátaí Tráchtála

 

Deontas do Ghnólachtaí Beaga as Íocaíocht Luath a dhéanamh

 

Athluacháil 2022

 

Déan teagmháil le ball foirne

 

Ceisteanna Coitianta

 

Naisc agus Foirmeacha

 

An scéim spriocdhírithe um tharscaoileadh rátaí tráchtála sa chéad ráithe de 2022

 


D’fhógair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta scéim nua neamhspleách spriocdhírithe um tharscaoileadh rátaí tráchtála donchéad  ráithe de 2022.

 

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil critéir leasaithe ag an tarscaoileadh seo sa chéad ráithe de 2022 agus go ndíríonn sé ar raon níos cúinge d’earnálacha gnó, agus gur scéim tarscaoilte neamhspleách aonair í. Is iad na catagóirí leathana de chatagóirí gnó incháilithe atá i dteideal an chreidmheasa in ionad rátaí don chéad ráithe de 2022 ná:

  • Fáilteachas lena n-áirítear bialanna agus caiféanna;
  • Fóillíocht;
  • Siamsaíocht ilghnéitheach;
  • Catagóirí áirithe a bhaineann le turasóireacht agus;
  • Aerfoirt.

 

Ní bheidh feidhm ag an tarscaoileadh maidir le réadmhaoine atá folamh agus as feidhm.

 

Is féidir tuilleadh eolais agus liosta de na catagóirí gnó incháilithe a fháil laistigh de 'Tarscaoileadh Spriocdhírithe ar Rátaí Tráchtála, Ráithe 1 2022'

 

Conas iarratas a dhéanamh

 

Ní gá iarratas a dhéanamh chuig Comhairle Contae Dhún na nGall. Cuirfidh Comhairle Contae Dhún na nGall creidmheas 100% i bhfeidhm go huathoibríoch in ionad rátaí tráchtála, don tréimhse trí mhí seo, ar áitribh rátáilte a thagann faoin liosta incháilithe.

 

Má tá aon cheist eile agat maidir leis an Tarscaoileadh Rátaí don chéad ráithe de 2022 téigh i dteagmháil le do bhailitheoir áitiúil nó seol ríomhphost chuig [email protected]. Féach na sonraí teagmhála thíos.

 

Cad é an rud é Rátaí Tráchtála?

Is cáin ar réadmhaoine tráchtála iad rátaí tráchtála a bhfuil luacháil déanta orthu ag an Choimisinéar Luachála.  Eisítear éileamh rátaí chuig gach íocóir rátaí ag tús gach bliana. Is gá rátaí a bhailiú i dtaca le réadmhaoine tráchtála agus tionsclaíochta chun réimse iomlán seirbhísí ón chomhairle a choinneáil ag gabháil.

 

Cad chuige a n-íocann muid Rátaí?

Is é atá i Rátaí Tráchtála ná an t-airgead a íocann úinéirí gnó agus sealbhóirí gnó chun an caighdeán maireachtála agus beatha sa phobal áitiúil a chothabháil.

Cuidíonn an t-airgead a fhaightear ó rátaí tráchtála le réimse an-leathan seirbhísí amhail:

  • Tacaíochtaí Tithíochta a sholáthar
  • Stoc tithíochta a chothabháil
  • Cothabháil Gheimhridh (clár griotála bóithre)
  • Soilsiú Poiblí
  • Bóithre agus Cosáin a chothabháil
  • Glanadh sráide
  • Bóithre agus Cosáin a choinneáil
  • Forbairt agus chur chun cinn na Turasóireachta
  • Gníomhaíochtaí oidhreachta agus caomhantais
  • Oibríochtaí na Seirbhíse Dóiteáin
  • Oibríochtaí na Cosanta Sibhialta
  • Páirceanna agus Spásanna Oscailte
  • Clóis súgartha a chothabháil agus a fhorbairt
  • Tacaíochtaí d’Ionaid Fóillíochta
  • Cosaint na Timpeallachta
  • Rialacháin Dramhaíola, monatóireacht agus cur i bhfeidhm
  • Seirbhísí Leabharlainne
  • Oidhreacht, Turasóireacht, Áiseanna Poiblí agus na hEalaíona

  

Scéim Dreasachta Rátaí Tráchtála
 

An bhfuil tú ag smaointiú ar ghnólacht úr tráchtála a oscailt in 2022? Má osclaíonn tú le haghaidh gnó i réadmhaoin atá folamh le dhá bhliain ar a laghad, laistigh de bhaile mór nó de shráidbhaile i nDún na nGall, d’fhéadfá a bheith i dteideal deontas a fháil chun cuidiú le do bhille bliantúil Rátaí Tráchtála, faoi réir ag coinníollacha áirithe.

 

Tá sonraí iomlána maidir leis an scéim agus critéir theidlíochta le fáil sa Cháipéis Threorach thíos

 

Scéim Dreasachta Rátaí Tráchtála - Treoracha 

Commercial Rates Incentive Scheme - Guidance Document

 

Cad é mar a dhéanaim iarratas?

Le hiarratas a dhéanamh íoslódáil cóip den fhoirm iarratais thíos.

 

Scéim Dreasachta Rátaí Tráchtála - Foirm Iarratais

Foirm Iarratais Scéim Dreasachta Rátaí Tráchtála

 

Nuair atá seo comhlánaithe agat, seol an fhoirm iarratais agus na doiciméid tacaíochta ar ais chuig:

 

An tAonad um Bailiú Ioncaim

Comhairle Contae Dhún na nGall
Teach an Chontae
Leifear
Contae Dhún na nGall

F93 Y622

  

Sin nó ríomhphost ina bhfuil an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig [email protected]

  

Is féidir tuilleadh eolais a lorg ón Chomhairle ar 074 9153900 nó trí ríomhphost [email protected]

  

Cad é mar a thig liom mo rátaí a íoc?

Tá rátaí le híoc in dhá pháirt / leath gach bliain. Bíonn an chéad pháirt le híoc nuair a fhaightear an chéad éileamh, a chuirtear go luath sa bhliain, agus bíonn an dara páirt le híoc ar an 1 Iúil 2022.  Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara áfach, chun cuidiú lenár rátíocóirí, gur féidir na híocaíochtaí a dhéanamh in aghaidh na míosa i rith na bliana.

 

Tá cúpla dóigh éagsúil le híocaíocht a dhéanamh, mar seo a leanas:

  • Dochar Díreach (íocaíochtaí míosúla leis na híocaíochtaí a spré amach thar thréimhse de mhíonna.  Íoslódáil an Fhoirm Dhochar Díreach, líon isteach agus seol ar ais í chuig an seoladh ar an fhoirm.
  • Ordú Seasta (le híoc gach seachtain, coicís nó mí).  Caithfear é seo a shocrú i do bhanc agus beidh sonraí an bhainc s'againne de dhíth, le fáil thíos.
  • Ríomhaistriú Airgid ó do chuntas bainc.  Tabhair d'uimhir chuntais chustaiméara agus tú ag déanamh íocaíochta ar an dóigh seo.
  • Cárta Creidmheasa nó Dochair trí scairt a chur ar 074 91 53900 le linn uaireanta oifige agus d’uimhir chuntais chustaiméara a lua.
  • Le Frith-Áireamh (Faoi Alt 58 den Acht Rialtais Áitiúil 1941 ) (Má tá tú i dteideal airgid ón Chomhairle is féidir sin a úsáid le híoc as do bhille rátaí).
  • Go pearsanta in aon cheann de na hIonaid Seirbhísí Poiblí nó san Oifig s'againne i mBun Cranncha le linn uaireanta oifige. (Luan-Déar - 9am - 4.30pm Aoine – 9am – 4.00pm – Lón 12.30pm – 1.00pm).

 

Sonraí cuntais bainc s'againne

Banc Uladh - Cód Sórtála: 98-60-10

Uimhir IBAN.  IE48 ULSB 9860 1015 990110

Uimhir BIC      ULSB IE 2D

  

Deontas do Ghnólachtaí Beaga

Tugann an Scéim deontas suas le 7.5% den éileamh ráta bliantúil (seachas riaráiste), faoi réir ag uasmhéid de €375, agus faoi réir ag téarmaí agus coinníollacha áirithe a bheith comhlíonta.   Tugtar an deontas mar chreidmheas ag deireadh na bliana.  Le bheith i dteideal an Deontais do Ghnólachtaí Beaga, tá na príomhthéarmaí agus coinníollacha seo a leanas i bhfeidhm:

  • Is gá na rátaí uilig don bhliain reatha a bheith íoctha go hiomlán agus gan aon riaráiste a bheith ar an chuntas faoin spriocdháta.
  • Don bhliain 2021, tá an spriocdháta faoina gcaithfear na rátaí a bheith íoctha go hiomlán curtha siar go dtí 30 Samhain 2021 - san áireamh anseo tá custaiméirí a íocann trí dhochar díreach agus ordú buan gach mí.
  • Cuirtear an deontas leis an chuntas rátaí ag deireadh na bliana airgeadais, rud a bheas mar chreidmheas ar an chuntas custaiméara.

 

Cad é a tharlóidh mura n-íocfaidh mé mo chuid rátaí?

  • Tá ceangal dlí ar Chomhairle Contae Dhún na nGall Rátaí Tráchtála a ghearradh agus a bhailiú. Mura n-íoctar rátaí, cuireann sin isteach go mór ar ár gcumas seirbhísí riachtanacha a sholáthar.  Cuirfear an dlí i bhfeidhm nuair is gá.
  • Mar sin féin, tuigeann an Chomhairle go maith na deacrachtaí a bhíonn ag gnólachtaí agus déanaimid gach iarracht tacú le tionsclaíocht agus le gnó agus iad a chothú.  Mholfaimis d’aon ghnólacht a bhféadfadh ceisteanna a bheith acu maidir lena gcuntas teagmháil a dhéanamh le ball foirne cuí a bhfuil a n-ainm agus a n-uimhir theagmhála le fáil ag bun an éilimh ar rátaí nó trí na sonraí atá liostaithe thíos a úsáid.

 

Cén áit a dtig liom eolas breise a fháil maidir le hAthluacháil 2022?

Mar gheall ar COVID-19 tá aontaithe idir An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an Coimisinéir Luachála, go gcuirfidh an Coimisinéir siar an Athluacháil ar Réadmhaoine Inrátaithe sna limistéir údaráis rátaithe de chuid Chomhairlí Contae Dhún na nGall, an Chláir, na Gaillimhe, Chiarraí agus Mhaigh Eo go dtí 2022.  

Ba chóir go mbeadh doiciméid faighte ón Oifig Luachála ag gach custaiméir rátaí faoi seo maidir leis seo. Is féidir fiosrúcháin a dhéanamh agus tuilleadh eolais a fháil ón Oifig Luachála ar a suíomh idirlín www.valoff.ie, nó trí scairt ar 01 817 1033, nó LoCall 1890 531 431 nó trí ríomhphost chuig [email protected].

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Féach an tOrdú ceangailte ar: Revaluation 2022

 

 

Déan teagmháil le Ball Foirne

Más mian leat plean íocaíochta a shocrú, má tá deacracht agat íocaíochtaí a dhéanamh, nó má tá aon cheist agat i dtaca le do chuntas rátaí, déan teagmháil le baill foirne s’againne agus beidh siad breá sásta cuidiú leat.

 

Ceantar Bardais Dhún na nGall                                    

Ann Crawford -  (087 7623095)  - [email protected]

Mairead Devine  - (087 3488567) - [email protected]

 

Ceantar Bardais na nGleanntach                                  

Miriam Bonner  -   (087 3662219)  -  [email protected]

 

Ceantar Bardais Leitir Ceanainn                   

Lorraine Bonner  -  (087 2041529)  -  [email protected]

Mairead Shields   -  (087 6222084)  -  [email protected]

                                       

Ceantar Bardais Shrath an Urláir                    

Geraldine McElwee - (087 7644749) - [email protected]

Christina O'Donnell - (087 9192272) - [email protected]

 

Ceantar Bardais Inis Eoghain                                    

Paula McCann  -   (087 0574596)  - [email protected]

Marie Deeney  -  (087 3172688)  -  [email protected]

 

                                                                                             

Ceisteanna Coitianta:

 

Cad é an rud é Rátaí Tráchtála?

Is é atá i rátaí tráchtála ná cáin mhaoine ar áitribh / réadmhaoine tráchtála. Tá rátaí iníoctha ar mhaoin tráchtála a bhfuil luacháil déanta orthu ag an Choimisinéar Luachála.  Eisítear éileamh rátaí chuig gach íocóir rátaí ag tús gach bliana.

 

Cad é an rud é sonrasc Tobhach Réadmhaoine Iontrála (TRI)?

Má dhéantar luacháil ar réadmhaoin úr le linn na bliana, is féidir go bhfaighidh tú Tobhach Readmhaoine Iontrála (TRI) seachas éileamh rátaí.  An bhliain dár gcionn, gheobhaidh tú d'éileamh rátaí.  

 

Cad é mar a oibrítear amach mo bhille Rátaí Tráchtála?

Oibrítear amach do rátaí tríd an ráta bliantúil ar luacháil a iolrú faoi fhigiúr eile ar a dtugtar 'an luach inrátaithe ar do réadmhaoine'.  Is í an Oifig Luachála a shocraíonn an luacháil inrátaithe ar do réadmhaoin, agus cuirtear an t-eolas seo ar fáil duit ar do bhille rátaí.  Is féidir do rátaí a oibriú amach tríd an sampla simplí seo thíos a úsáid:

Luacháil ar an réadmhaoin:                         €100.00

Ráta Bliantúil ar an Luacháil (2020):            €71.81

Rátaí atá le híoc:                                        €7,181.00 (nó €100 x €71.81)

 

* Tabhair faoi deara gurb é €58.29 an Ráta Bliantúil Luachála le haghaidh réadmhaoine i limistéar Shean-Chomhairle Baile Bun Cranncha 

 

 

Cad é a tharlaíonn má éirím as seilbh réadmhaoine nó má dhíolaim an réadmhaoin?

Faoi Alt 32 den Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, tá ceangal dlí ar úinéar réadmhaoine, nó ar a ngníomhaire, a chur in iúl do Chomhairle Contae Dhún na nGall má dhéantar leas in aon réadmhaoin inrátaithe a aistriú nó a dhíol.   Caithfidh an duine atá ag aistriú na réadmhaoine, bíodh sin an t-úinéir nó an sealbhóir, na rátaí ar fad atá le híoc a íoc ag am an aistrithe / an díolacháin.  Mura dtugann tú fógra do Chomhairle Contae Dhún na nGall i dtaca leis an athrú leasa laistigh de 14 lá ó dháta an aistrithe, d'fhéadfaí pionós a ghearradh as gan cloí leis na rialacháin sa mhéid is gurb ar an úinéir a thiteann an dualgas as an mhéid atá le híoc, atá comhionann le leibhéal na rátáí atá gan íoc (suas go dtí uasmhéid d'íocaíochtaí dhá bhliain) 

 

An íocaim rátaí go fóill má tá mo réadmhaoin folamh?

Mura mbíonn an réadmhaoin i seilbh éinne agus má bhíonn sí ar fáil le léasú nó le ligint ar cíos, caithfidh tú grianghraif den réadmhaoin (taobh istigh agus taobh amuigh) a sholáthar mar fhianaise go bhfuil an réadmhaoin folamh agus nach bhfuil sí i seilbh éinne.   Caithfear fianaise, go bhfuil an réadmhaoin ar fáil le léasú, a sholáthar i bhfoirm fógra i nuachtán áitiúil, litir ó ghníomhaire eastáit nó grianghraf den réadmhaoin ar a bhfuil comhartha 'le léasú / le ligint ar cíos'  ar taispeáint ar an réadmhaoin. 

 

An íocaim rátaí má tá mo réadmhaoin á cóiriú / druidte le cóiriú?

Má tá réadmhaoin á cóiriú nó má tá sí druidte le cóiriú, ba chóir duit dul i dteagmháil linn le go dtig linn scrúdú a dhéanamh.  Ní íoctar rátaí don tréimhse ina mbíonn an réadmhaoin á cóiriú, ar an choinníoll go ndéantar é seo a dheimhniú. 

 

Cad é a tharlaíonn má tá athrú struchtúrtha ar mo réadmhaoin? 

Ní féidir athbhreithniú a fháil ar luacháil réadmhaoine ach amháin má tá athrú ábhartha tagtha ar an réadmhaoin ón luacháil dheireanach.  Is féidir gur tharla sé seo de bharr oibreacha athchóirithe / méadaithe nó nuair a athraítear an réadmhaoin ar ais chuig úsáid tí, teaghlaigh nó talmhaíochta. Tá foirm iarratais i dtaca le hathbhreithniú a lorg uaidh seo, agus ba chóir í a sheoladh ar aghaidh chuig an Choimisinéir Luachála, Oifig na Luachála, Ionad Irish Life, Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, leis an táille chuí.

  

Naisc agus Foirmeacha

 

www.valoff.ie (Is í an Oifig Luachála a dhéanann luacháil ar réadmhaoine tráchtála)

 

www.localenterprise.ie/donegal (Tá réimse seirbhísí ar fáil do ghnólachtaí i nDún na nGall ó Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall).

 

Foirm Dhochar Díreach (líon isteach agus seol ar ais chuig Comhairle Contae Dhún na nGall).

 

Iarratas go ndéanfaí athluacháil de bharr athrú suntasach - íoslódáil Foirm Iarratais.

 

Foirm Alt 32 – lena chur in iúl do Chomhairle Contae Dhún na nGall nuair a stadann do sheilbh ar réadmhaoin nó nuair a dhíolann tú an réadmhaoin.

 

Scéim Dreasachta Rátaí Tráchtála - Doiciméad Treorach

Scéim Dreasachta Rátaí Tráchtála - Treoracha

 

Scéim Dreasachta Rátaí Tráchtála - Foirm Iarratais

Foirm Iarratais Scéim Dreasachta Rátaí Tráchtála

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO