Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Seirbhísí > An tSeirbhís Dóiteáin > Tinte Aitinn

Tinte Portaigh

 

Le blianta beaga anuas, tá Seirbhísí Dóiteáin Dhún na nGall i ndiaidh freastal a dhéanamh ar chuid mhór tinte portaigh achan bhliain agus lasadh líon ard de na tinte sin d’aon turas.

 

Tá tinte portaigh thar a bheith contúirteach le linn tréimhsí d’aimsir the agus ghrianmhar, go háirithe nuair atá an féar agus an talamh iontach tirim. Thig le tine taisteal fríd talamh portaigh agus talamh tirim ag luas millteanach gasta.

 

 

Iarmhairtí a bhaineann le tinte gan smacht

 

Cuireann tinte portaigh gan smacht bac le gníomhaíochtaí fóillíochta ar nós campáil agus carbhánaíocht. Ní hamháin go bhfuil na tinte portaigh ag cur beatha an duine i mbaol ach tá contúirt ann d’fhiadhúlra agus d’áilleacht na contae.Tá go leor ainmhithe ann nach mbeidh ábalta éalú ón tine agus dófar iad. Thig leis na héin eitilt ar shiúl ach scriosfar na neadacha agus uibheacha atá fágtha ina ndiaidh.

 

 

Cad is cúis leis na tinte portaigh?

 

Tá cúpla cúis éagsúil ann, daoine ag ligean do thoitíní titim ar nós chuma liom, daoine ag fágáil bruscair ina ndiaidh, beárbaiciúnna agus tinte cnámh gan smacht agus i gcásanna eile, daoine ag lasadh na tinte d’aon turas.

 

 

An dóigh le tinte portaigh a chosc

 

Tá ról ag achan duine baol na dtinte portaigh a laghdú sa dóigh agus go mbeidh tuath na contae sábháilte, go háirithe le linn míonna an tsamhraidh agus nuair a bhíonn an aimsir deas agus tirim. Tá comhraiceoirí dóiteán ag impí ar an phobal an chomhairle seo a leanas a ghlacadh agus a gcuid féin a dhéanamh le cosc a chur thinte portaigh.

 

  • Ag caitheamh tobac- Má ta tú ar shiúlóid nó má tá picnic le bheith agat, déan cinnte go bhfaighidh tú réidh le toitíní agus ábhar caite tobac eile mar is ceart agus go gcinntíonn tú go bhfuil siad curtha as go hiomlán.
  • Beárbaiciúnna- Tá sé mídhleathach tine ar bith a lasadh, beárbaiciúnna san áireamh, ar mhórchuid de thailte gan cead ón úinéir talaimh.
  • Bruscar- Tabhair do chuid bruscair leat abhaile. Thig le buidéal gloine atá caite i leataobh tine a thoiseacht fiú.
  • Daoine – Cuir daoine óga ar an eolas maidir leis na hiarmhairtí tromchúiseacha a bhaineann le tinte a lasadh. 

 

 

 

Cad ar cheart a dhéanamh má thoisíonn tine faoin tuath

 

  • Cuir scairt ar an tSeirbhís Dóiteáin láithreach.
  • Coinnigh ar shiúl ón tine – thig le tinte portaigh spréadh go gasta
  • Ná triail an tine a chur as ach amháin má tá tú cinnte go bhfuil sé sábháilte a leithéid a dhéanamh.
  • Má ta beostoc agat, bí réidh le hiad a bhogadh má bhíonn gá leis.
  • Má ta innealra feirme agat, bí réidh le hiad a úsáid agus cuidiú a thabhairt don Seirbhís Dóiteáin.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO