Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Pobal > Ag obair i gcomhpháirt > SÍOCHÁIN III

Comhpháirtíocht Síochána agus Athmhuintearais Bhord Forbartha Contae Dhún na nGall

Bunaíodh Comhpháirtíocht Síochána agus Athmhuintearais Bhord Forbartha Contae Dhún na nGall (BFC) in 2008 chun Clár SÍOCHÁIN III a mhaoirsiú agus a chur i bhfeidhm i gContae Dhún na nGall. 

 

Tagann an Chomhpháirtíocht ó na hearnálacha seo a leanas:

  • Páirtnéirí Sóisialta
  • An Earnáil Phobail agus Dheonach        
  • Rialtas Áitiúil                             
  • Áisíneachtaí Stáit agus Forbairt Áitiúil      

 

Tá an bhallraíocht socraithe mar seo a leanas:

Ceardchumainn                                         1 Bhall       

Gnó                                                           1 Bhall       

Feirmeoireacht                                          1 Bhall       

Earnáil Phobail/Dheonach                         6 Bhall

Cathaoirligh na gCoistí um Bheartas Straitéiseach             3 Bhall

Bainisteoir Contae nó Ionadaí ainmnithe (Cathaoirleach)  1 Bhall       

Áisíneachtaí Stáit agus Forbairt Pobail                               4 Bhall          

 

Is é éiteas na Comhpháirtíochta ná a bheith ag comhoibriú le chéile chun fís na Comhpháirtíochta a bhaint amach, mar atá, “go mbeidh Dún na nGall ina chontae gan aon chiníochas ná seicteachas, agus go dtig le gach duine a mhothú go bhfuil an meas céanna agus an luach céanna orthusan mar dhaoine, agus ina dtig le gach duine a bheith iontaofa go bhfuil áit ann dóibh".