Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Gnó > Fás Straitéiseach an Iarthuaiscirt

Fás Straitéiseach an Iarthuaiscirt

 

Comhpháirtíocht Fhás Straitéiseach an Iarthuaiscirt 

 

Is comhpháirtíocht éagsúil í Comhpháirtíocht Fhás Straitéiseach an Iarthuaiscirt a bunaíodh sa bhliain 2016 tríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas. Is comhairle í seo a thugann oifigigh shinsearacha ó Ranna an Rialtais i bPobalcht agus i dTuaisceart Éireann le chéile. Buaileann siad le Comhairle Contae Dhún na nGall chomh maith le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin chun plé a dhéanamh ar na tosaíochtaí straitéiseacha is mó a dtig leo tionchar dearfach a bheith acu ar Cheantar Cathrach an Iarthuaiscirt.

 

North West Strategic Growth Partnership

Baill de Chomhpháirtíocht Fhás Straitéiseach an Iarthuaiscirt 

 

Is iad Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin atá i gcomhpháirtíocht agus tá an Lárionad Idirnáisiúnta um Fhorbairt Áitiúil agus Réigiúnach (LIFAR) ag tacú leis an chomhpháirtíocht seo.

 

I gcuideachta príomhfheidhmeannaigh an dá Chomhairle, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach Ghrúpa Forbartha Réigiún an Iarthuaiscirt, tá oifigigh shinsearacha ó na Ranna Rialtais seo a leanas ina n-ionadaithe ar an Chomhpháirtíocht:

 

Poblacht na hÉireann

Roinn an Taoisigh

An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

An Roinn Coimirce Sóisialaí

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

An Roinn Oideachais agus Scileanna

An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta

An Roinn Sláinte

 

Tuaisceart Éireann

An Roinn Pobal

An Roinn Airgeadais agus Pearsanra

An Roinn Infreastruchtúir

An Roinn Oideachais

An Roinn Sláinte

An Roinn Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe

An Roinn Geilleagair

Oifig Fheidhmiúcháin Thuaisceart Éireann

 

Tionscnaimh a bhaineann le Fás Straitéiseach an Iarthuaiscirt 

 

 

Tá an comhshaothar ag dul chun sochair do cheantar cathrach an iarthuaiscirt.

Dúradh le baill na comhpháirtíochta ag cruinniú dá cuid go bhfuil Ceantar Cathrach an Iarthuaiscirt ag baint leasa as an chomhshaothar atá ar bun mar chuid de Chomhpháirtíocht Fhás Straitéiseach an Iarthuaiscirt mar thoradh ar an bhéim atá curtha ar infheistíocht, ar fhás agus ar fhorbairt an réigiúin.

 

 

Tionchar an Bhreatimeachta

Thug Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin faoi chomhthaighde ar thionchar féideartha an Bhreatimeachta ar Cheantar Cathrach an Iarthuaiscirt.   

 

 

Léarscáil do Cheantar Cathrach 

Ghlac an tionscnamh taighde seo atá dírithe ar iarthuaisceart na hÉireann ocht mí dhéag ar an iomlán. Rinneadh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cúrsaí eacnamaíochta, polaitíochta agus sóisialta an Bhreatimeachta ar cheantar cathrach trasteorann a fhiosrú sa taighde. 

 

 

Misean Trádála chuig na Stáit Aontaithe

Is mol iontach infheistíochta é iarthuaisceart na hÉireann do ghnólachtaí agus do chomhlachtaí domhanda ar mian leo a mbealach a dhéanamh chuig margaí sa Ríocht Aontaithe agus san Aontas Eorpach.