Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Gnó > An Earnáil Turasóireachta a fhorbairt > Slí an Atlantaigh Fhiáin

Slí an Atlantaigh Fhiáin

Bhí Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair le Fáilte Éireann ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a fhorbairt i gContae Dhún na nGall. Is é atá i Slí an Atlantaigh Fhiáin ná bealach turasóireachta cois cósta ag síneadh ó Charn Uí Néid i gContae Chorcaí go Cionn Mhálanna i gContae Dhún na nGall. Tá thart fá 26 Phointe Aimsithe i gContae Dhún na nGall agus tá trí ionad mhórchlú do chuairteoirí ar feadh an bhealaigh (Cionn Fhánada, Cionn Mhálanna agus Sliabh Liag). Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag cuidiú le Fáilte Éireann san am i láthair leis an straitéis chomharthaíochta do Shlí an Atlantaigh Fhiáin a chur i bhfeidhm, chomh maith le plean forbartha do na Pointí Aimsithe. Is deis iontach í Slí an Atlantaigh Fhiáin don earnáil iomlán turasóireachta i gContae Dhún na nGall, agus é d'aidhm tuilleadh cuairteoirí a thabhairt isteach chuig an réigiún ó thíortha eile.

 

Le léarscáil Dhún na nGall a fheiceáil tabhair cuairt ar -

 

http://www.failteireland.ie/FailteIreland/media/WebsiteStructure/Documents/2_Develop_Your_Business/Key%20Projects/WAW_Route_DonegalLeitrimSligo_RGB.jpg