Intreoir
Tá cuireadh á thabhairt ag Comhairle Contae Dhún na nGall do ghrúpaí pobail iarratas a dhéanamh le haghaidh maoinithe faoin Scéim deontais do mhionoibreacha turasóireachta. Cuirfidh an maoiniú atá ar fáil faoin scéim seo go mór le gnéithe turasóireachta in áiteanna éagsúla ar fud an chontae, lena n-áirítear comharthaíocht, feabhas ar bhealaí isteach chuig suíomhanna agus pointí inspéise a bhfuil suim faoi leith ag cuairteoirí iontu ar nós easanna, láithreacha oidhreachta, suíomhanna sciamhacha, áiteanna picnice, tránna agus mar sin de.
Riaradh na Scéime
Beidh an scéim seo á riaradh ag an Ionad Turasóireachta atá mar chuid de Rannán Forbartha Eacnamaíochta na Comhairle.
Déanfar gach iarratas a mheas de réir na gcritéar seo a leanas:
Go bhfuil, nó go bhfuil gach cosúlacht ann, go mbeidh gach cead reachtúil agus rialaitheach in ord ionas gur féidir an maoiniú iomlán a tharraingt anuas faoin 30 lá de mhí na Samhna 2021.
Ní mór don iarratasóir a bheith ina ghrúpa pobail nó ina ghrúpa eile ar féidir leo a léiriú go bhfuil ról agus feidhm bona-fide acu maidir le tacú le forbairt pobail, shóisialta, eacnamaíoch nó a mhacasamhail i gContae Dhún na nGall.
Fianaise úinéireachta nó cead i scríbhinn ó na húinéirí cuí a léiríonn go bhfuil cead faighte chun tabhairt faoin obair atá beartaithe.
Ní féidir leis an togra baint d’aon ghnó nó d’aon togra eile sa cheantar máguaird.
Caithfidh na hoibreacha ar fad a bheith críochnaithe roimh dheireadh 2021 agus caithfear an maoiniú a tharraingt anuas faoin 30 lá de mhí na Samhna 2021.
Gníomhaíocht incháilithe
Cuirfidh an maoiniú atá ar fáil faoin scéim seo go mór le gnéithe turasóireachta in áiteanna éagsúla ar fud an chontae, lena n-áirítear comharthaíocht, feabhas ar bhealaí isteach chuig suíomhanna agus pointí inspéise a bhfuil suim faoi leith ag cuairteoirí iontu ar nós: easanna, láithreacha oidhreachta, suíomhanna sciamhacha, áiteanna picnice, tránna agus mar sin de.
Costais neamh-incháilithe:
Níl na costais seo a leanas incháilithe le haghaidh maoinithe faoin scéim seo: costais a bhaineann le cúrsaí fostaíochta, costais mhargaíochta, costais reatha ó lá go lá, mar shampla, solas, teas, árachas agus mar sin de.
Méid maoinithe ar fáil:
Is é €5,000 an méid is lú a bhronnfar ar aon togra agus is é €20,000 an méid is mó a bhronnfar ar aon togra.
Treoirlínte
Tá na treoirlínte ag tacú leis an phróiseas iarratais chomh maith leis an fhoirm iarratais ar fáil le íoslodáil agus ba chóir iad a léamh go cúramach sula cuirtear an t-iarratas isteach.
Céatadán Maoinithe á thairscint:
Tá maoiniú 100% á thairscint i leith na gcostas glan a thabhaítear.
Is féidir iarratas a dhéanamh fríd r-phost a sheoladh chuig -
Má tá cuidiú nó treoir uait, seol r-phost chuig –
Is é 4pm ar an Chéadaoin, 28 Aibreán 2021 an spriocdháta deiridh lena nglacfar le hiarratais.
Cinntí
Déanfaidh Oifigigh na Comhairle na tograí incháilithe a mheas lena chinntiú go gcomhlíonann an t-iarratas/togra critéir na scéime mar atá mínithe thuas agus cuirfidh siad moltaí ar fáil do na baill tofa ionas gur féidir leo a machnamh agus a gcinneadh a dhéanamh orthu.
Is iad na baill tofa sa Cheantar Bardasach lena mbaineann an togra/na tograí a cheadóidh gach togra faoin scéim seo.
Seisiún Eolais Poiblí:
Tá seisiún eolais beartaithe dóibh siúd a bhfuil suim acu sa scéim seo don Déardaoin, 15 Aibreán 2021 ag 11.30am.
Is féidir clárú don ócáid am ar bith anois ar an nasc thíos –
https://zoom.us/webinar/register/WN_rcw2FtrWQ_yUWCB-oiEEqQ
Treoirlínte MTRWGS 2021 – Íoslódáil ANSEO
Foirm Iarratais Pobal MTEWGS 2021– Íoslódáil ANSEO