Donegal County Council Logo
Baile > Deontais maidir le Bloic Lochtacha > Eolas Eile > Cúlra leis an Scéim

An Painéal Saineolaithe ar Bhloic Choincréite

 

Bhunaigh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil an Painéal Saineolaithe ar bhloic choincréite in


2016 d’fhonn iniúchadh a dhéanamh ar fhadhbanna a tháinig chun cinn i


dtaobh blocobair choincréite in áiteanna cónaithe áirithe i gContae Dhún na nGall


agus i gContae Mhaigh Eo. Ar an 13 Meitheamh, 2017, foilsíodh Tuairisc an Phainéil Saineolaithe ar Bhloic Choincréite.

 

IS 465: Prótacal 2018

 

Ag leanúint de Thuairisc an Phainéil Saineolaithe, bhunaigh an tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (NSAI) Coiste Teicniúil leis an scóip a bhainfeadh le prótacal caighdeánaithe a fhorbairt a mheas agus leis an fhorbairt sin a luathú.

 

Treoraíonn an prótacal caighdeánaithe an cur chuige i dtaca le hoibreacha deisiúcháin do gach úinéir tí bainteach. D’fhoilsigh NSAI an prótacal caighdeánaithe ar an 13 Samhain 2018 agus tá ‘‘I.S. 465:2018 - Assessment, testing and categorisation of damaged buildings incorporating concrete blocks containing certain deleterious materials’ ar fáil ag www.nsai.ie.

 

Is féidir an caighdeán a úsáid leis an damáiste i bhfoirgnimh ina meastar go bhfuil na mianraí míoca nó pirít sna bloic choincréite a mheasúnú agus a chatagóiriú. Roimhe seo, ní bhíodh aon mhodh coitianta ag innealtóirí ná úinéirí tí leis an damáiste a eascraíonn as bloic choincréite lochtacha a mheas, lena shocrú cén obair dheisiúcháin, má tá obair ar bith de dhíth, atá le déanamh. Is é a dhéanann an caighdeán:

 

  • bunaíonn sé prótacal le measúnú a dhéanamh ar agus lena dhéanamh amach cé acu a damáistíodh foirgneamh mar gheall ar bhloic choincréite ina bhfuil méideanna iomarcacha d’ábhair dhochracha (míoca moscóíte scaoilte nó neamhtháite, nó cumascán a bhféadfadh sé méideanna dochracha pírite a bheith ann);
  • cuireann síos ar mhodhanna le méid na faidhbe a dhéanamh amach;
  • cuireann síos ar scóip aon tástála a bheadh de dhíth; agus
  • déanann foirgnimh a chatagóiriú, i gcomhréir leis an chaighdeán, agus feistíonn daoine inniúla le treoir i dtaca leis na bearta iomchuí atá le cur i bhfeidhm.

<< SIA>

AR AGHAIDH >>

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna