Is ag Céim 3 a thig leat iarratas a dhéanamh ar íocaíocht do dheontais, ar an choinníoll go bhfuair tú Dearbhú Fhaomhadh an Deontais le linn Céim 2.
Is suim chríochnúil é luach an chostais fhaofa, arna chinneadh ag an Chomhairle agus arna chur in iúl ar Dhearbhú Fhaomhadh an Deontais, agus ní thiocfaidh sé faoi réir aon mhéaduithe. Éascóidh an Chomhairle íocaíochtaí céimnithe agus léireoidh an litir faofa chomh maith an méid íocaíochtaí céimnithe a éascófar.
Tabhair do d’aire:
1. An dtig liom airgead a éileamh i gcéimeanna seachas mé fanacht go gcuirfear na hoibreacha i gcrích?
Sa litir a gheobhaidh tú lena nDearbhófar Faomhadh an Deontais, déarfaidh muid leat méid an deontais atá faofa duit agus an líon íocaíochtaí deontais a cheadófar, déanfar é seo a roinnt thar thréimhse agus cuirfear in iúl duit cá huair agus cén dóigh a dtig iad a éileamh.
2. Cad é mar a éilímse an t-airgead deontais? An ndéanfar na híocaíochtaí deontais roimh ré nó an mbeidh orm íoc ar dtús agus na híocaíochtaí a éileamh ar ais ina dhiaidh sin?
Sa litir a gheobhaidh tú lena nDearbhófar Faomhadh an Deontais, déarfaidh muid leat méid an deontais atá faofa duit agus an líon íocaíochtaí deontais a cheadófar, déanfar é seo a roinnt thar thréimhse agus cuirfear in iúl duit cá huair agus cén dóigh a dtig iad a éileamh. Iarr ar d’innealtóir agus do chonraitheoir cóipeanna leictreonacha de shonraisc mhiondealaithe agus de dhoiciméid eile a sholáthar duit roimh duit iarratas a dhéanamh ar íocaíocht.
3. Tá Dearbhú Fhaomhadh an Deontais faighte agam ón Chomhairle. An bhfuil amscála ann ar gá na hoibreacha deisiúcháin a bheith curtha i gcrích agus an deontas a éileamh lena linn?
Tá. Ní mór duit íocaíocht an deontais a éileamh tráth nach moille ná 12 mhí i ndiaidh shíniú an Teastais Deisiúcháin (i.e. i ndiaidh chur i gcrích sásúil na n-oibreacha ar fad)
<< siar / ar aghaidh >>