Donegal County Council Logo
Baile > Deontais maidir le Bloic Lochtacha > Céim 2 – Faomhadh Deontais

Céim 2 – Faomhadh Deontais

Is í Céim 2 an chéim ag a gcuireann tú isteach ar Fhaomhadh Deontais faoi choinne méid ar leith i dtaca le hoibreacha deisiúcháin riachtanacha, ar an choinníoll go bhfuair tú Dearbhú Incháilitheachta le linn Chéim 1.

 

Má éiríonn leat sa chéim seo, déanfaidh an Chomhairle Dearbhú Fhaomhadh an Deontais a eisiúint duit i scríbhinn ina leagfar amach an méid shonrach atá faofa duit.

 

Tabhair do d’aire:

 

Ní mór duit a chur in iúl don Chomhairle más amhlaidh go bhfuair nó go bhfaighidh tú féin, nó comhúinéir eile, aon árachas nó cúiteamh a d’eascair as úsáid bloic lochtacha nuair a tógadh an áit chónaithe s’agat.

 

>> SIAR

AR AGHAIDH >>

Ceisteanna Coitianta – Céim 2 – Faomhadh Deontais

 

1.  Má thugann an Chomhairle Dearbhú Fhaomhadh an Deontais domh, cad é an chéad rud eile a bheas orm a dhéanamh?

  • Beidh ort Innealtóir ón chlár I.S. 465 a fhostú (https://www.engineersireland.ie/Registers-and-Panels/10). Is féidir gurb é seo an t-innealtóir céanna a rinne an measúnú tosaigh, ach ní gá gurb é.
  • Is é an chéad rud a dhéanfaidh an tInnealtóir s’agat ná Plean Oibreacha Deisiúcháin a fhorbairt, ina mbeidh sonraí ar na hoibreacha atá de dhíth faoi choinne na háite cónaithe s’agat.
  • Déanfaidh sé/sí, chomh maith leis sin, comhairle ghairmiúil a sholáthar, sláinte agus sábháilteacht a chinntiú, na hoibreacha deisiúcháin a mhaoirsiú le linn tógála agus deimhniúchán a chur ar fáil ar chur i gcrích na n-oibreacha.
  • Arís eile, ba cheart duit roinnt meastachán costais a fháil lena chinntiú go bhfaigheann tú luach ar airgead agus praghas a chomhaontú le pé Innealtóir a roghnaíonn tú roimh duit é nó í a cheapadh.

 

2.  Nuair a fhaighimse an Plean Oibreacha Deisiúcháin, cad é an chéad rud eile atá le déanamh agam?

  • Meastacháin costais a lorg ó chonraitheoirí bunaithe ar an Phlean Oibreacha Deisiúcháin
  • An conraitheoir is fearr leat a roghnú
  • Cur isteach ar Fhaomhadh Deontais
  • I ndiaidh duit Dearbhú Fhaomhadh an Deontais a fháil (i scríbhinn), tig leat an conraitheoir s’agat a cheapadh.

<< siar  /  ar aghaidh >>

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna