Donegal County Council Logo
Baile > Deontais maidir le Bloic Lochtacha > Céim 1 – Dearbhú Incháilitheachta (Céim 1 – Inchái > Cad é eile atá de dhíth orm roimh domh iarratas a

Céim 1 – Cad é eile atá de dhíth orm roimh domh iarratas a dhéanamh?

De bhreis ar an tuairisc innealtóra (Tuairisc Deiridh IS465 agus Moladh i dtaca le Rogha Deisiúcháin), beidh ort an méid seo a leanas a bheith agat:

 a)     Cruthúnas gur tú úinéir cláraithe an tí lena mbaineann an t-iarratas seo

i.e. Gníomhas teidil nó doiciméad dlíthiúil eile a chruthaíonn úinéireacht roimh an 31/01/2020.

       Tabhair faoi deara: Is féidir gníomhas teidil a fháil ó Údarás Clárúcháin Maoine na hÉireann (https://www.prai.ie)

 b)     Toiliú comhúinéara/comhúinéirí más amhlaidh gur le comhúinéirí an áit chónaithe

 c)     Cruthúnas gurb í an áit chónaithe do phríomháit chónaithe phríobháideach lena n-áireofar dhá cheann de na nithe seo a leanas:

(ar a léirítear seoladh an tí agus iad dátaithe tráth nach sine ná sé mhí ó shin)

  • Sonraí ar Chlár na dToghthóirí
  • Ráiteas Bainc
  • Polasaí Árachas cairr nó tí reatha
  • Doiciméad a bheadh eisithe ag roinn rialtais
  • Cóip de do Theastas Creidmheasa Cánach (TCC)
  • Ráiteas Dliteanais (P21 roimhe seo) ó Cháin agus Custaim na hÉireann
  • Doiciméad árachais shóisialta

d)     Cruthúnas gur íocadh an Cháin mhaoine áitiúil

e)     Dearbhú Chéim 1 d’Innealtóra

f)      Gach sonra(i)sc miondealaithe a bhaineann le táillí i dtaca le hullmhú thuairisc an innealtóra

Beidh ort bheith cinnte fosta go bhfuil tú féin agus duine ar bith a bhfuil sé beartaithe agat é nó í a fhostú faoin scéim cáin-chomhlíontach.

>> SIAR

AR AGHAIDH >>

1.  Cén áit a dtig liom cruthúnas úinéireachta a fháil?

Is féidir gníomhas teidil a fháil ó Údarás Clárúcháin Maoine na hÉireann (https://www.prai.ie)

 

2.  Tá an áit chónaithe s’agam cláraithe faoi chomh-ainmneacha.  An ceadmhach dúinn comh-iarratas a dhéanamh?

Déantar an t-iarratas faoi ainm úinéir amháin ach beidh tú in ann sonraí a sholáthar i dtaca le duine ar bith eile a bhfuil úinéireacht aige nó aici ar an teach mar aon le cruthúnas go dtoilíonn sé nó sí an t-iarratas a dhéanamh.

 

3.  Is teach leathscoite í an áit chónaithe s’agam agus tá an teach eile thíos leis an damáiste fosta. An dtig linn comhiarratas a dhéanamh?

Ní thig. Ní mór iarratas a dhéanamh i dtaobh gach áit chónaithe ar leithligh agus í na critéir faoin scéim a chomhlíonadh.

 

4.  Cad é mar a chruthaímse go bhfuil an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMA) íoctha agam?

Tig logáil isteach go díreach ar https://lpt.revenue.ie/lpt-web/ má tá d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí, d’Uimhir Aitheantais Maoine Uathúil agus d’UAP/PIN slán agat. Cliceáil ar Bhreathnaigh ar Stair Íocaíochtaí agus, ag bun an scáileáin, beidh tú in ann Priontáil – roghnaigh rud éigin amhail ‘Print to Microsoft PDF’ le pdf a chruthú a dtig leat é a uaslódáil mar chuid den iarratas. Tig leat teacht ar do chuid taifead CMA fosta trí moChúrsaí má tá tú cláraithe le www.revenue.ie

 

5.  Cad é a tharlaíonn mura bhfuil an Cháin Mhaoine Áitiúil íoctha agam?

Ní mór an Cháin Mhaoine Áitiúil a bheith íoctha go dáta agat. Déan teagmháil le Cáin agus Custaim nó gabh chuig https://lpt.revenue.ie/lpt-web  

 

6.  Cad é mar a thig liom a chruthú go bhfuil mé cáin-chomhlíontach?

Tig teagmháil a dhéanamh le Cáin agus Custaim (www.revenue.ie )  le cuidiú a fháil le cúrsaí cánach. Má tá tú cláraithe le Cáin agus Custaim na hÉireann, gabh chuig moChúrsaí agus Bainistigh Mo Thaifead.  Lean na treoracha le haghaidh Imréiteach Cánach agus déan nóta den uimhir (Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach). Seo an uimhir a chaithfidh tú a sholáthar, mar aon leis an uimhir  PSP, nuair a dhéanann tú iarratas.

<< siar  /  ar aghaidh >>

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna