Donegal County Council Logo
Baile > Deontais maidir le Bloic Lochtacha > Céim 1 – Dearbhú Incháilitheachta (Céim 1 – Inchái

Céim 1 – Dearbhú Incháilitheachta

 

Baineann Céim 1 le

1.    innealtóir inniúil a fháil ó Liosta IS465 chun cuidiú leat agus comhairle a thabhairt duit. Tá liosta d'innealtóirí inniúla ar fáil ag an nasc anseo.  

2.    tú na doiciméid uilig atá de dhíth a bhailiú agus cur isteach ar Dhearbhú Incháilitheachta faoin scéim.

 

Má éiríonn leat dul thar an chéim seo, léiríonn sé sin gur chruthaigh tú:

a)      go bhfuil an áit chónaithe suite laistigh de limistéar riaracháin Chomhairle Contae Dhún na nGall agus

b)      gur tú úinéir na háite cónaithe agus

c)      gur tógadh an áit chónaithe roimh an 31/01/2020 agus

d)      gurb í an áit chónaithe an phríomháit chónaithe phríobháideach agat agus

e)      gur damáistíodh na bloic choincréite san áit chónaithe mar gheall ar Mhíoca agus

f)      go bhfuil cúrsaí cánach uilig in ord agus

g)      nár tosaíodh nó nár críochnaíodh  aon oibreacha deisiúcháin

 agus

 déanfaidh an Chomhairle Dearbhú Incháilitheachta i scríbhinn a eisiúint duit.

 

<< SIAR

AR AGHAIDH >>

Ceisteanna Coitianta Chéim 1 – Dearbhú Incháilitheachta

 

     1.  An mbaineann an Scéim leis an Phríomhtheach Cónaithe Phríobháideach amháin atá ag Iarratasóirí?

         Baineann. Le go mbeidh tú incháilithe, ní mór gur tusa úinéir cláraithe na háite cónaithe agus ní mór fosta gurb í do phríomháit chónaithe phríobháideach í. Níl áiteanna cónaithe ar cíos ná tithe saoire incháilithe faoin scéim.

 

     2.  An ceadmhach domh iarratas a dhéanamh más tionónta  de chuid na Comhairle mé?

         Ní ceadmhach nó ní tú úinéir an tí. Más tionónta de chuid na Comhairle thú, thig leat teagmháil a dhéanamh leis an rannóg Tithíochta san oifig Comhairle is cóngaraí duit trí scairt a chur ar 074-9153900 nó trí rphost a chur               chuig [email protected] (déan cinnte go dtugann tú do sheoladh baile).

 

     3.  An dtig liom na costais a bhaineann le hoibreacha deisiúcháin atá íoctha agam cheana sular faomhadh mé faoin scéim deontais a fháil ar ais?

          Ní thig. Ní féidir íocaíocht deontais a fháil d’aon obair atá déanta agat cheana.

 

     4.  I ndiaidh domh an Dearbhú Incháilitheachta a fháil i scríbhinn, cad é a tharlaíonn ansin?

          Iarrfaidh muid do chuid sonraí bainc ort le go dtig linn socruithe a dhéanamh le díol as an tuairisc innealtóra a bhfuil cuntas uirthi i do litir, ar an choinníoll gur uaslódáil tú an/na sonra(i)sc. Thig leat, fosta, tosú ar d’iarratas ar            Fhaomhadh Deontais (Céim 2).

<< siar  /  ar aghaidh >>

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna