Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > Oifig Ealaíon an Chontae > Forbairt na nEalaíon

Forbairt na nEalaíon

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall bródúil as a gcuid tacaíochta d’fhorbairt na n-ealaíon le fada an lá, tacaíocht a shíneann siar go dtí deireadh na 1980idí. 

 

Is é meon na Comhairle a bheith ag obair go dlúth le healaíontóirí, grúpaí ealaíon agus grúpaí forbartha pobail chun tacú le réimse leathan tionscadal ealaíon ar fud an chontae chun beocht agus brí a chur agus a choinneáil iontu agus i dtionscnaimh na n-ealaíontóirí. 

 

 The annual Carnival Ballyshannon project supported under Donegal County Council's Art Development programme

 

I measc na dtionscadal a bhfuil meas mór orthu agus a raibh an Chomhairle páirteach iontu ó bunaíodh iad, tá rian dealbhóireachta comhshaoil An Cosán Glas (An Fal Carrach / Gort a’Choirce), Grúpa Carnabhail Inis Eoghain (Carn Domhnach), Carnabhal Bhéal Átha Seanaidh agus Féile Damhsa Aeróige na hÉireann (Leitir Ceanainn).

 

Féadfaidh ealaíontóirí, grúpaí ealaíon nó grúpaí pobail ar mhaith leo tograí forbartha ealaíon a phlé leis an tSeirbhís Ealaíon é sin a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís - féach Déan Teagmháil Linn.