Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > Cartlann > Bailiúchán Chartlann an Chontae

Bailiúchán Cartlainne an Chontae

Buneolas faoin bhailiúchán

Is é is cartlann ann oidhreacht thaifeadta nó dhoiciméadach ar phobal, ar eagraíocht, ar dhuine nó ar thír, cibé formáid ina bhfuil sin. Is cuid den oidhreacht náisiúnta agus áitiúil é an t-ábhar cartlainne. Bunábhar na staire atá in ábhar cartlainne, agus is ó ábhar caomhnaithe cartlainne a scríobhann na staraithe faoi stair na ndaoine agus faoi stair na n-áiteanna. Tá beatha, dul chun cinn, forbairt, scileanna, teanga agus cultúr mhuintir Dhún na nGall le fáil sna doiciméid scríofa atá á gcoinneáil ag Seirbhís Cartlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

 Stranorlar Tea Room Railway 
  Póstaeir Iarnróid Shrath an Urláir

 

Tá ceann de na bailiúcháin chartlainne is cuimsithí sa tír, ó thaobh na n-údarás áitiúil de, á choinneáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall, bailiúchán ina bhfuil meascán d'ábhar poiblí agus d'ábhar príobháideach. I measc an ábhair chartlainne tá pleananna, líníochtaí, léarscáileanna, litreacha, miontuairiscí, cláracha cruinnithe agus tuairiscí ó chruinnithe, grianghraif, cláracha, doiciméadú airgeadais, dialanna, lámhscríbhinní, póstaeir, cíosanna, taifid ó bhéal agus ábhar eile.

Tá ábhar cartlainne a bhaineann le hAontas Dhlí na mBocht i measc na dtaifead is tábhachtaí atá á gcoinneáil ag Cartlann an Chontae. Ina measc seo tá miontuairiscí ó chruinnithe de chuid na n-ocht mBord Bardachta a reáchtáladh tithe na mbocht i nDún na nGall, agus cláracha laistigh agus cláracha lasmuigh atá iontach gann ar fud na tíre. Cé nach bhfuil na cartlanna a bhaineann leis an Ard-Ghiúiré go hiomlán cuimsitheach, téann siad siar go dtí lár an ochtú haois déag agus tá siad fíorthábhachtach i dtaca le forbairt an chontae le linn tréimhse céad go leith bliain a thaispeáint.

I measc na gcomhlachtaí poiblí eile atá anois as feidhm ach a bhfuil a scéal fágtha ina ndiaidh i gCartlann an Chontae tá na Comhairlí Ceantair Tuaithe, Comhairlí Ceantair Uirbeacha agus An Bord Sláinte & Cúnaimh Phoiblí. Tá bailiúchán ollmhór d'ábhar cartlainne ag an Chomhairle Contae í féin, a bunaíodh in 1899, a bhaineann le Tithíocht agus Bóithre go dtí Pleanáil agus Timpeallacht (níl ach cuid den ábhar seo aistrithe go dtí an tSeirbhís Cartlainne).

 

Gweedore Hotel Book Extract 1846

Sliocht as Leabhar Cuairteora Óstán Ghaoth Dobhair, 1846

Insan Bhailiúchán tá na céadta clár agus leabhar rolla do Bhunscoileanna, curtha ar fáil don Chartlann ag na scoileanna iad féin, agus tá taifid shuntasacha a bhaineann leis na hiarnróid.
I measc an ábhair chartlainne a fuarthas ó fhoinsí príobháideacha tá páipéir de chuid Chathail Uí Shearcaigh, an file ar cainteoir Gaeilge é, páipéir de chuid an Athar Pádraig Ó Gallchóir ó Chumann Staire Dhún na nGall, taifid eastáit, grianghraif, agallaimh ó bhéal ar an stair, agus páipéar de chuid roinnt teaghlach aitheanta, ina measc muintir Grove ó Chaisleán Grove agus muintir Murray Stewart ó dheisceart Dhún na nGall.

 

Bailiúchán Cartlainne an Chontae: achoimrí ar na cartlanna liostaithe atá á gcoinneáil i gCartlann Chontae Dhún na nGall