Tá Coiste Gaeilge Chomhairle Chontae Dhún na nGall, i gcomhar leis na Coláistí Gaeilge, ag tairiscint scoláireachtaí Gaeltachta le freastal ar Choláistí Gaeilge Samhraidh i 2020. Tá na scoláireachtaí ar fáil do dhaltaí scoile idir deich mbliana agus ocht mbliana déag d’aois, a bhfuil buanchónaí orthu, nó atá ag freastal ar scoileanna, i gContae Dhún na nGall.
Déanfar na hiarratasóirí a roghnú i gCrannchur Oscailte ag tús mhí an Mhárta 2020. Bronnfar 30 Scoláireacht ar a laghad, agus íocfar na táillí ar fad faoin Scéim. Rachfar i dteagmháil go díreach leis na buaiteoirí amháin agus cuirfear fógra ginearálta in airde ar ár suíomh idirlín ag cur in iúl go bhfuil an crannchur thart.
Ba chóir dóibh siúd a bhfuil spéis acu sa scéim seo an fhoirm iarratais, atá thíos faoi seo, a líonadh isteach agus a chur ar ais chuig an seoladh ar an fhoirm roimh -
Tá leagan Word nó leagan PDF den fhoirm iarratais ar fáil ag an dá nasc thíos.
Foirm Iarratais Scoláireachta 2020 Leagan Word
Foirm Iarratais Scoláireachta 2020 Leagan PDF
Tá eolas faoi na Coláistí ar fáil sa doiciméad thíos
Eolas faoi na Coláistí / Information on Colleges 2020
Is féidir foirmeacha a fhágáil in aon cheann dár nIonaid Seirbhísí Pobail ach iad a bheith in am agus an seoladh atá luaite ar an fhoirm scríofa go soiléir orthu.
Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le: Róise Ní Laifeartaigh ar 074 9153900 Rphost: rmcclafferty@donegalcoco.ie
|