Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > Cultúr > An Ghaeilge > Nuacht faoin Ghaeilge

Taighdeoir á lorg le tabhairt faoi thionscadal trasteorann taighde ar an Ghaeilge

Taighdeoir á lorg le tabhairt faoi thionscadal trasteorann taighde ar an Ghaeilge

 

Tá Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall le taighde a choimisiúnú ar an Ghaeilge san Iarthuaisceart.


Ceapfar taighdeoir nó foireann taighde le tabhairt faoi athbhreithniú cuimsitheach mionsonraithe ar an Ghaeilge san Iarthuaisceart agus bainfear leas as torthaí an taighde le hacmhainn eolais atá bunaithe ar fhianaise a chruthú ónar féidir tionscnaimh úra agus tograí nua a fhorbairt.


Cuideoidh an taighde críochnaithe leis an dá Chomhairle tuiscint níos fearr bheith acu ar stádas na Gaeilge ar fud an cheantair mar theanga réigiúnach, agus ar chumas na Gaeilge cur le sochaí, cultúr, oideachas, geilleagar agus comhshaol cheantar na Iarthuaiscirt ina iomláine.


Fáiltítear anois roimh léiriúcháin suime ó thaighdeoirí nó foirne taighde a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu agus tá na sonraí ar fad maidir leis an fholúntas mar aon le sonraí faoin dóigh le cur isteach ar fáil ag. Iarrtar ar iarratasóirí a gcuid suime a léiriú faoin Aoine 11 Meitheamh 2021 agus tá go dtí meánlae ar an Luan 28 Meitheamh 2021 le hiarratas a chur isteach.


Tuilleadh eolais i nGaeilge anseo

Tuilleadh eolais go dátheangach anseo

 

Tá an togra seo arna mhaoiniú ag Ciste Forbartha an Iarthuaiscirt le tacaíocht ó Oifig an Fheidhmeannais agus Rialtas na hÉireann.