CEISTEANNA COITIANTA - Deontas Atosaithe
1. Cén cineál gnólachtaí a thig iarratas a dhéanamh?
Faoi réir na gcritéar cáilitheachta thíos, aon ghnólacht a bhfuil áitreabh inrátaithe tráchtála acu, nó ar a n-íoctar na rátaí ar do shon agus atá inchurtha i leith an áitribh ghnó ina bhfuil tú lonnaithe, thig leo iarratas a dhéanamh. Ilsiopaí sraithe, i.e., gnólacht nach bhfuil neamhspleách go hairgeadúil, agus atá ina brainse de ghrúpa de shiopaí sraithe atá faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht ag aon eintiteas amháin, níl siad i dteideal an deontais. Eagraíochta neamhthráchtála ar nó ionaid phobail agus spóirt (ar a n-áirítear siopaí carthanachta, agus ionaid phobail agus spóirt a bhfuil beár iontu), níl siad i dteideal an deontais. Gnólachtaí nach mbíonn ag obair amach as áitribh inrátaithe tráchtála (ceardaithe, soláthróirí seirbhíse etc), níl siad i dteideal an deontais. Áitribh a bhí folamh roimh ghéarchéim Covid-19, níl siad i dteideal an deontais.
2. Cé chomh luath agus a gheobhaidh mé mo dheontas?
Ar an mheán, tá súil againn cead a eisiúint taobh istigh de sheachtain. Braitheann sé seo, ar ndóigh, ar an líon iarratas a thagann isteach i dtús ama. Déanfar iarratais a phróiseáil de réir na ndátaí athoscailte a bhfuiltear ag dréim leo, de réir straitéis an Rialtais leis an gheilleagar a athoscailt.
3. Cá mhéad a gheobhaidh mé?
Is ionann an deontas agus méid do bhille rátaí don bhliain 2019 amháin, agus íosmhéid de €2,000 agus uasmhéid de €10,000 i gceist. I gcás gur laghdaíodh do bhille rátaí i ndiaidh achomhairc, bainfidh an ráta achomhairc le méid an deontais, má tá an deontas níos mó ná €2,000.
4. Má bhí mo bhille rátaí don bhliain féilire 2019 níos lú ná €2,000 an dtig liom deontas €2,000 a fháil?
Thig
5. Cad é dó a dtig liom an deontas a úsáid?
Tá an deontas ann le cuidiú leis na costais a bhaineann le gnólacht a athoscailt nó a choinneáil ag dul, agus iad a athcheangal le hoibrithe agus le custaiméirí. Ba chóir an deontas a úsáid chun íoc as costais sheasta leanúnacha, e.g. Fóntais, árachas, athchóiriú nó bearta chun sábháilteacht fostaithe agus custaiméirí a chinntiú.
6. Más rud é nach ndearnadh measúnacht rátaí ar m’áitreabh in 2019, an bhfuil mé i dteideal an deontais?
Tá. Féachfaidh an t-údarás áitiúil leis na rátaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist duit in 2019 a mheas, agus mura féidir, ar aon chúis ar bith, meastúchán a dhéanamh, íocfar an deontas is lú de €2,000.
7. Más rud é nach bhfuil mo chuid rátaí le haghaidh 2019 íoctha agam, an bhfuil mé i dteideal an deontais?
Tá
8. Má tá mé chun deiridh le mo rátaí, an bhfuil mé i dteideal an deontais?
Tá
9. Cad é mar a dhéanaim iarratas?
Is féidir an t-iarratas a dhéanamh ar líne ar www.donegalcoco.ie
10. Cén dóigh a n-íocfar an deontas?
Íocfar an deontas trí aistriú leictreonach chuig an chuntas gnó atá luaite ar an fhoirm iarratais.
11. Cad é na critéir le bheith incháilithe don deontas?
Caithfidh láimhdeachas níos lú ná €5m a bheith ag an ghnólacht, agus 50 duine nó níos lú fostaithe acu. Is gá go mbeidh caillteanas measta 25%+ in ioncam na gnólachta ón 1 Aibreán 2020 go dtí 30 Meitheamh 2020. Caithfidh an ghnólacht geallúint a thabhairt chun fanacht oscailte nó chun athoscailt má bhí sí druidte. Caithfidh an ghnólacht a fhógairt chomh maith go bhfuil sé i gceist acu fostaithe atá ag baint sochar as an Scéim Fóirdheontais Tuarastail Sealadach, a choinneáil. Ba chóir do ghnólachtaí doiciméadú tacaíochta a choinneáil mar is féidir go ndéanfar spotseiceálacha le haon dearbhú maidir leis seo a chinntiú.
12. Cad é an dáta deireanach?
Is é an 31 Lúnasa 2020 an dáta deireanach a ghlacfar le hiarratais.
13. Cad é m’Uimhir Chustaiméara?
Tá d’Uimhir Chustaiméara le fáil ar do bhille rátaí tráchtála.
14. Cad é m’Uimhir Ráta?
Tá d’Uimhir Ráta (nó LAID) le fáil ar do bhille rátaí tráchtála.
15. Cad é mo Chatagóir Ghnó?
Tá na Catagóirí Gnó, bunaithe ar Phlean Oibre an Rialtais leis an gheilleagar a athoscailt de réir a chéile, leagtha amach thíos:
Céim 0 |
Níor druideadh an ghnólacht ar chor ar bith. |
Céim 1 (18 Bealtaine) |
Earraí crua, ionaid gharraíodóireachta, radharceolaithe, deisiúcháin mhótair/rothair, táirgí oifige, leictreonach, trealamh TE, díolacháin/deisiúcháin ghutháin, obair thógala lasmuigh, saoráidí poiblí. |
Céim 2 |
Ionaid bheaga dhíolacháin, marglanna. |
Céim 3 |
Naíolanna le haghaidh oibrithe riachtanacha, ionaid dhíolacháin le doras chun sráide, caiféanna agus bialanna le haghaidh ithe laistigh. |
Céim 4 |
Naíolanna, seirbhísí ‘ardriosca’ ar a n-áirítear gruagairí, lóistín do thurasóirí. |
Céim 5 |
Beáir, amharclanna, pictiúrlanna, spórtlanna agus ionaid siopadóireachta. |
16. Cad é m’Uimhir Coimisinéirí Ioncaim?
Is í d’Uimhir Chláraithe Cánach (UCC) d’uimhir coimisinéirí ioncaim, agus is uimhir ghnó í seo le haghaidh gach teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim.
17. Cad é an rud é Ceanntásc Ráiteas Bainc?
Is é is ceanntásc ráiteas bainc ann ná barr an leathanaigh ó ráiteas bainc ar na mallaibh ar a bhfuil ainm agus seoladh do ghnólachta agus uimhir chuntais bainc na gnólachta, ar chóir é a scanadh agus a uaslódáil mar cheangaltán leis an fhoirm iarratais ar mhaithe le hainm agus seoladh agus sonraí cuntais bainc do ghnólachta a dheimhniú.
18. Cad é mar a shíním an fhoirm?
Ba chóir d’iarratasóirí a n-ainm a chlóscríobh isteach, agus nuair a bhrúnn siad “Seol” tá siad ag deimhniú go bhfuil na sonraí ar fad ceart/fíor.
19. An bhfuil orm Uimhir Rochtana Imréiteach Cánach a thabhairt?
Má tá tú ag déanamh iarratas le haghaidh roinnt gnólachtaí / áitreabh (do dheontais de mhéid iomlán de €10,000 nó níos mó), nó má tá tú ag soláthar earraí/seirbhísí don údarás áitiúil, caithfidh tú Uimhir Rochtana Imréiteach Cánach a chur isteach le gur féidir do stádas imréiteach cánach a sheiceáil.
20. Cén áit a dtig liom tuilleadh eolais a fháil?
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó do Bhailitheoir Ioncaim cuí. Is féidir a gcuid sonraí teagmhála a fháil ar d’éileamh/ráiteas rátaí, nó tá siad liostaithe thíos mar a leanas: Ceantar Bardais Dhún na nGall Ann Crawford - (087 7623095) - [email protected] Mairead Devine - (087 3488567) - [email protected] Ceantar Bardais na nGleanntach Barry Travers - (087 6084162 ) - [email protected] Ceantar Bardais Leitir Ceanainn Lorraine Bonner - (087 2041529) - [email protected] Mairead Shields - (087 6222084) - [email protected] Ceantar Bardais Shrath an Urláir Miriam Bonner - (087 3662219) - [email protected] Christina O'Donnell - (087 9192272) - [email protected] Ceantar Bardais Inis Eoghain Paula McCann - (087 0574596) - [email protected] Marie Deeney - (087 3172688) - [email protected]
21. Mura bhfuil mé sásta leis an chinneadh mo dheontas a dhiúltú, an dtig liom achomharc a dhéanamh?
Thig, is féidir achomharc a dhéanamh maidir le haon chinneadh chun deontas a dhiúltú chuig [email protected] suas go dtí 30 Meán Fómhair 2020.
22. Is Soláthraí Cúram Leanaí mé. An bhféadfaidh mé iarratas a dhéanamh ar an Deontas Atosaithe COVID-19 agus ar thacaí ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (RLGÓ)?