Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Tús leis an Séasúr Snámha

Preas-Ráiteas 23-06-20 Tús leis an Séasúr Snámha i nDún na nGall

carrickfinn

An Charraig Fhinn, ceann de na tránna ar a mbeidh Gardaí Tarrthála ar dualgas ón Satharn 27 Meitheamh 2020. Grianghraf a bhuí le Paul McGuckin (glactha roimh na srianta) 

 

 

Cuirfear tús mar is ceart le Séasúr Snámha Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo nuair a rachaidh na gardaí tarrthála trá i mbun dualgais ag 13 thrá ar fud an chontae.   Beidh Gardaí Tarrthála ar dualgas seacht lá sa tseachtain ón Satharn 27 Meitheamh go dtí deireadh mhí Lúnasa, agus don chéad dá dheireadh seachtaine i mí Mheán Fómhair.  Beidh Gardaí Tarrthála ar dualgas ar gach láthair ó 12:00pm go dtí 6:30pm, nó i Ros Neamhlach áit a bhfuil an tseirbhis ar fáil ó 11:00am go dtí 7:00pm.  Beidh leithris phoiblí ar oscailt fosta ón deireadh seachtaine seo ag gach trá a bhfuil garda tarrthála ar dualgas ann.

 

Tá 12 thrá agus 2 mhuiríne sa chontae i ndiaidh Bratacha Gorma a fháil, rud a chiallaíonn go bhfuil Dún na nGall ag barr na gcairteacha mar an chontae leis an líon is mó Bratach Ghorm don bhliain 2020.  Anuas air sin, bronnadh an gradam Cósta Glas ar 4 thrá eile chomh maith. Tá sé mar aidhm ag na gradaim seo feasacht ar an chomhshaol a ardú agus tránna, muiríní agus uiscí snámha intíre ar fud an domhain a bhainistiú go siosmaideach ó thaobh na timpeallachta de. Iarrann Comhairle Contae Dhún na nGall ar an phobal sult agus taitneamh a bhaint as na tránna a bhuaigh duaiseanna i mbliana.  Sin ráite, iarrann an Chomhairle ar an phobal cloí leis na treoracha a bhaineann le COVID-19  - spás fisiciúil a choinneáil idir iad féin agus daoine eile, a lámha a ní go rialta agus a bheith múinte ag casachtach.  

 

Beidh Gardaí Tarrthála Trá i mbun oibre i nDún na nGall ón Satharn 27 Meitheamh ag na tránna seo a leanas; Bun Dobhráin, Ros Neamhlach, Muirbheach, Fionntrá, Port Nua / An Fhearthainn, An Charraig Fhinn, Trá na Cille, Cnoc an Mharmair, Na Dúnaibh, Port an tSalainn, Ráth Maolain, Cúil Dabhcha agus An tSrúibh.  Fanóchaidh trá Lios Feannáin druidte don phobal de bharr damáiste stoirme a tharla don bhóthar isteach agus don áit pháirceála, agus ní bheidh seirbhís garda tarrthála ar fáil don bhliain 2020. 

 

Bíonn ráchairt mhór ar thránna an chontae nuair a thagann an ghrian amach ach cé go bhfuil sáimhín só ag baint le dul isteach san uisce ní chiallaíonn sin gur chóir duit do mhaidí a ligean le sruth ó thaobh na sábháilteachta de.  Léiríonn na bratacha dearga agus buí cén limistéar den trá atá faoi mhaoirseacht ag na gardaí tarrthála, ar na tránna sin a bhfuil gardaí tarrthála acu.   Lena chinntiú go mbeidh tú slán le linn do chuairte chuig an trá, molann Comhairle Contae Dhún na nGall do lucht snámha agus do chuairteoirí;

  • Snámh le daoine eile, chan i d’aonar
  • Snámh faoi sholas an lae, chan sa dorchadas
  • Ná gabh isteach san uisce choíche nuair atá bratach dhearg in airde ag na gardaí tarrthála
  • Tabhair aird ar na comharthaí ar an trá
  • Foghlaim an dóigh le trealamh a úsáid sula mbaineann tú triail as
  • Seachain a bheith ag snámh in áiteanna nach bhfuil tú eolach orthu
  • Fág am agat féin sos a ghlacadh i ndiaidh duit ithe, nó má tá tú tuirseach
  • Caith tréimhsí gairide san uisce
  • Snámh comhthreomhar leis an chladach, agus cóngarach dó
  • Ná húsáid bréagáin inséidte in uisce oscailte
  • Bíonn páistí i gcónaí i mbaol níos mó agus is gá súil a choinneáil orthu gan stad.
  • Ná gabh isteach san uisce choíche i ndiaidh duit alcól a ól.

 

CRÍOCH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO