Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Tairiscintí á lorg - Athnuachan na gCealla Beaga

30/07/20 Tairiscintí á lorg le haghaidh Thionscadal Athnuachana Lár Baile na gCealla Beaga 2040

Killybegs 2040

 

Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil tairiscintí á lorg le haghaidh seirbhísí ó Fhoireann Deartha Ailtireachta chun an tionscadal athnuachana “Na Cealla Beaga 2040” a thabhairt ó chéimeanna an mhiondeartha agus maoirseacht ar an obair thógála go dtí an deimhniúchán deiridh agus tabhairt ar láimh.

 

Tá luach €4.84m ar an tionscadal suntasach athnuachana seo agus tá sé á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin Chiste le haghaidh Athnuachan agus Forbairt Tuaithe, atá ina ghné shuaitheanta de Thionscadal Éireann 2040.  Tá an tionscadal mar thoradh ar chomhoibriú idir an pobal áitiúil, Comhairle Contae Dhún na nGall agus an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

 

Is tionscadal athnuachana claochlaitheach lár baile é Na Cealla Beaga 2040 a bhfuil forbairt áite ag a croílár.   Tá de chuspóir aige creatlach uirbeach an bhaile a athrú ó bhonn trí fheabhsúcháin timpeallachta a dhéanfaidh áit níos tarraingtí do chónaitheoirí, do chuairteoirí agus do ghnólachtaí, agus déanfaidh sé tuilleadh fostaíochta a chruthú, teacht isteach a mhéadú agus an earnáil phríobháideach a ghníomhachtú.  Tacóidh an fhorbairt atá beartaithe leis an earnáil turasóireachta, atá ag fás léi, trí athfhorbairt shuntasach a dhéanmh ar Theach an Oileáin mar áis úr turasóireachta i gcomhar le mol digiteach a dhíreoidh ar thuilleadh gnó, fiontraíochta agus nuálaíochta a chothú sna Cealla Beaga.  Chun cur leis an athfhorbairt ar Theach an Oileáin tá sé i gceist an carrchlós poiblí atá ann cheana féin sa Chearnóg a thiontú ina spás pobail le háiseanna éagsúla chun é a úsáid mar spás sóisialta agus mar spás tráchtála a mheallfaidh cuairteoirí agus cónaitheoirí isteach i lár an bhaile.

Agus é ag cur fáilte roimh an dul chun cinn ar an tionscadal go dtí seo, aithníonn Cathaoirleach Cheantar Bardais Dhún na nGall, An Clr. Michael Naughton, chomh tábhachtach agus atá an tionscadal le haghaidh turasóireacht sa bhaile, agus dúirt sé: “Tá an baile ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus ar an bhealach réigiúnach go Sliabh Liag, Pointe Sár-Radhairc de chuid Fháilte Éireann.  Má tá muid ábalta an leas is mó is féidir a bhaint as an mhargadh sin agus as an líon mór cuairteoirí atá ag méadú agus ag teacht chuig an cheantar tríd an Oifig Fáilte ag Teach an Oileáin agus ag an spás pobail, is féidir go mbeidh na Cealla Beaga ina cheann scríbe é féin lena chaiteachas féin sa Bhaile”.

 

Rinne an Comhairleoir áitiúil Niamh Kennedy cuid mhór oibre ar iarrachtaí athnuachana sa Bhaile le roinnt blianta anuas, agus leag sise béim ar thábhacht an tionscadail ag an am seo ó thaobh deis a chruthú le haghaidh postanna úra éagsúla tríd an mhol turasóireachta agus digiteach.  Thug an Clr. Kennedy aitheantas ar leith don obair a rinne pobal na gCealla Beaga agus na gnólachtaí áitiúla leis an tionscadal seo, agus an infheistíocht a ghabhann leis, a thabhairt go dtí an áit a bhfuil sé faoi láthair agus dúirt sí: “d’aithin pobal na gCealla Beaga tábhacht an tionscadail seo, agus an deis infheistíochta a ghabhann leis, agus d’oibrigh siad go dlúth agus go fuinniúil leis an Chomhairle chun an tionscadal a fhorbairt.  Ní bheadh an tionscadal san áit ina bhfuil sé gan a ndúthracht agus a gcomhoibriú, agus is iontach an tionscadal a fheiceáil anois ar tí a bheith curtha i gcrích. Tá mé ag súil le bheith ag obair leis an Chomhairle, leis an phobal, agus leis an Fhoireann Deartha chun an tionscadal spreagúil seo a chur i gcrích go rathúil.

 

Ag caint fá dtaobh de Na Cealla Beaga 2040, dúirt Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála le Comhairle Contae Dhún na nGall: “Tá an fhorbairt atá beartaithe mar chuid de straitéis níos leithne leis na Cealla Beaga a athnuachan agus le réimse poiblí an bhaile a fheabhsú chun cumas fisiciúil, sóisialta agus eacnamúil an bhaile a neartú, agus ar an dóigh sin, tacú le Na Cealla Beaga a shainaithint mar Bhaile Straitéiseach i bPlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2018-2024, agus na cuspóirí sonracha athnuachana i bPlean Ceantair Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024 a chur i bhfeidhm.  Is iad Foireann Athnuachana agus Forbartha na Comhairle atá i gceannas ar an tionscadal agus tá comh-mhaoiniú á fháil ón Chomhairle fosta, rud a léiríonn tiomantas suntasach chun na Cealla Beaga agus deisceart Dhún na nGall a athnuachan.

 

Dúirt Paul Kelly, Pleanálaí Sinsearach Feidhmiúcháin ar Fhoireann Athnuachana agus Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall: “tá muid ar lorg Foireann Deartha Ailtireachta a bhfuil an-taithí acu, le saineolas ar leith ar ailtireacht, ar dhearadh uirbeach agus ar fhorbairt áite chun an tionscadal spreagúil seo a sheachadadh go dtí na caighdeáin is airde de réir mar a bhfuil an pobal ag dréim leis agus de réir ár gcuid ardchuspóirí athnuachana.  Tá sé beartaithe againn an chéim miondeartha a chríochnú in am don tús leis an obair thógála i mí Aibreain 2021, agus tá muid ag dréim go mairfidh an obair thógála 52 seachtain.”

 

Tá doiciméid tairisceana ar fáil ar https://www.etenders.gov.ie/ agus is an 31 Lúnasa 2020 an dáta deiridh le haghaidh tairiscintí a fháil.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO