Tá tarscaoileadh 100% ar rátaí tráchtála i bhfheidhm go ceann tréimhse 6 mhí ón 27 Márta 2020 go dtí 27 Meán Fómhair 2020 do gach íocóirí rátaí diomaite de roinnt bheag catagóirí. Cuirfear an tarscaoileadh i bhfeidhm mar chreidmheas in ionad rátaí don tréimhse 6 mhí atá clúdaithe in 2020. Is iad na catagóirí nach bhfuil san áireamh ná fóntais, bainc, ollmhargaí móra agus corparáidí (féach thíos).
Baineann an tarscaoileadh le 100,000 íocóir rátaí go náisiúnta.
An dóigh le hiarratas a dhéanamh
Níl aon ghá le hiarratas a dhéanamh chuig Comhairle Contae Dhún na nGall. Cuirfidh Comhairle Contae Dhún na nGall creidmheas 100% i bhfeidhm gan iarraidh in ionad rátaí tráchtála, go ceann tréimhse 6 mhí, d’aicmí agus do chatagóirí de réadmhaoin shealbhaithe inrátaithe nuair nach bhfuil an gnólacht atá ina seilbh san áireamh i gcatagóir eisiata sa liosta thíos.
I gcás go bhfuil tú cáilithe le haghaidh creidmheas sé mhí in ionad rátaí, agus go bhfuil do bhille rátaí don bhliain 2020 íoctha agat cheana féin, socróidh an Chomhairle aisíocaíocht nó creidmheas. Ba chóir duit dul i dteagmháil leis an oifig rátaí le socruithe a dhéanamh. Is féidir sonraí teagmhala a fháil anseo:
Cad é a tharlóidh i ndiaidh 27 Meán Fómhair 2020?
I dtaca le haon síneadh ama don tarscaoileadh i ndiaidh Mheán Fómhair, coinneofar sin faoi athbhreithniú agus déanfar cinneadh nuair a bheas níos mó cinnteachta ann i dtaca le tionchar leanúnach na paindéime ar ghnólachtaí agus ar athoscailt na sochaí.
Catagóirí eisiata
Mar aitheantas go bhfuil líon beag rátíocóirí ann nach raibh aon tionchar ag an phaindéim ar a ngnólachtaí, ní bheidh na rátíocóirí seo i dteideal tarscaoileadh uathoibríoch. Mar sin féin, tá ciste á chur ar fáil do rátíocóirí sna catagóirí seo a thig a thaispeáint go raibh tionchar suntasach diúltach ag an phaindéim ar a ngnó. Ba chóir do na rátíocóirí seo dul i dteagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall maidir lena rátaí tráchtála.
Ní bhaineann an creidmheas seo leis na catagóirí eisiata seo a leanas:
*Tagraíonn áitribh aonair do gach réadmhaoin a bhfuil luacháil déanta uirthi faoin aon uimhir réadmhaoine amháin.
Is féidir le gnólachtaí atá sna catagóirí eisiata thuas incháilitheacht a lorg ó Chomhairle Contae Dhún na nGall más féidir a thaispeáin go raibh drochthionchar suntasach ag an phaindéim ar an ghnó. Féadann an Chomhairle fianaise dhoiciméadaithe a lorg chun tacú le hincháilitheacht. Sa chás seo, gabh i dteagmháil le do bhailitheoir áitiúil, sonraí teagmhála thuas.
Tá tuilleadh eolais ar fáil sa chiorclán Béarla Frequently Asked Questions for Local Authorities on Circular Fin 11/2020 Six-Mon ón Roinn Airgeadais