Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Suíomh gréasáin nua seolta ag Trail Gazers

08/06/20 Suíomh gréasáin nua seolta ag Trail Gazers

Trailgazers

 

Tá an Togra Trail Gazers i ndiaidh a suíomh gréasáin úr a sheoladh a ligeann d’úsáideoirí a mbealach a dhéanamh trí ocht gconair phíolótacha ar fud na hEorpa, uilig ó chnaipe a bhrú.  

 

Seoladh an suíomh gréasáin úr, www.trailgazers.eu le linn ócáid speisialta fhíorúil i ndiaidh cruinniú míosúil leictreonach de chuid an togra Dé hAoine 5 Meitheamh, agus bhí breis agus 40 toscaire i láthair ón Eoraip.  

 

Agus é ag caint ag seoladh an tsuímh úir seo, dúirt an Clr Nicholas Crossan, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Beidh an togra seo ina acmhainn den chéad scoth do Leibhéil na hInse agus na bailte agus na sráidbhailte sa cheantar máguaird in Inis Eoghain san am atá romhainn, mar go dtaispeánfaidh sé an dóigh a gcuidíonn infheistíocht i siúlóidí agus sa rothaíocht le ceantracha áitiúla.   Tá súil agam go dtacóidh gach duine leis an tionscnamh seo, agus beidh sé ina mhúnla iontach le haghaidh infheistíocht a dhéanamh i gconairí ar fud an chontae.”

 

Trailgazers 2

Seoladh fíorúil an tsuímh úir de chuid Trail Gazers.

 

Is togra é Trail Gazers a fhaigheann maoiniú ón AE, faoi cheannas Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le páirnéirí ón Phortaingéil, An Spáinn, An Fhrainc, an RA agus Éirinn.   Fiosraíonn an togra an tionchar a imríonn conairí siúil agus fóillíochta ar phobail tuaithe a chothú, agus amharcann sé ar dhóigheanna úra ina dtig leis na háiseanna seo saol na ndaoine sna ceantracha seo a fheabhsú.

 

Dúirt an Bainisteoir Tionscadail le haghaidh Trail Gazers, Loretta McNicholas ó Chomhairle Contae Dhún na nGall: ‘Tá níos mó béime sa taisteal anois ar shult agus pléisiúr a bhaint as na conairí seo atá faoi cheilt, ag foghlaim faoin stair áitiúil, faoi chúrsaí cultúrtha agus tírdhreacha nádúrtha, agus turas féinfhollasaithe a dhéanamh a fhanóidh in intinn na ndaoine i bhfad i ndiaidh don tsaoire a bheith thart.’

 

Oibreoidh Trail Gazers chun tograí turasóireachta atá úr agus fíorúil a chruthú, rud atá níos tábhachtaí anois ná riamh.   Beidh i bhfad níos mó daoine ábalta a fheiceáil cad é uilig atá ar fáil sna réigiúin.  Beidh Trail Gazers ag comhroinnt eolais, agus ag foghlaim ón taithí atá ag páirtnéirí eile, chun pleananna bainistíochta le haghaidh conairí pobail inbhuanaithe a fhorbairt, pleananna a thabharfaidh cosaint do na hacmhainní sin a dtagann cuairteoirí lena bhfeiceáil, agus cosnóidh siad na conairí do na glúnta atá le teacht.

 

Tá lúcháir orm go mbeidh deis ag daoine anois amharc fríd an suíomh idirlín chun níos mó a fhoghlaim faoin togra seo, agus mholfainn do dhaoine teagmháil a dhéanamh leis an fhoireann atá ag Trail Gazers chun bheith páirteach sa togra.

 

Tríd an suíomh idirlín, thig leat cuid mhór a fhoghlaim faoin togra, amharc ar na dea-chleachtais, bualadh lenár bpáirtnéirí ar fad, foghlaim faoi gach conair phíolótach agus go leor eile.    Thig leat spaisteoireacht go fíorúil ó Leibhéil na hInse i nDún na nGall go Plazaola i Navarra, An Spáinn, ó Chemin De Mémoires, An Bhriotáin, An Fhrainc go dtí Conair Taff i nDeisceart na Breataine Bige.   Nó foghlaim faoi La Caldera de Taburiente sna hOileáin Chanáracha, nó Lúb álainn Chnoc na Rí/Chill Easpaig Bhróin i Sligeach nó fiú cuairt a thabhairt ar Shliabh Naofa na Portaingéile nó na Seven Hanging Valleys.

 

Agus í ag cur críoch leis an seoladh, ghabh Loretta Mc Nicholas buíochas le Clár Limistéar an Atlantaigh de chuid Interreg as maoiniú a thabhairt don togra, le Communication Lead NASUVINSA as an suíomh a fhorbairt agus a chur chun tosaigh, agus le Coiste Stiúrtha Trail Gazers as a dtacaíocht agus comhairle leanúnach.   Thug sí aitheantas speisialta don obair a rinne Mary Daly, An tOifigeach Cumarsáide agus Taighde, leis an suíomh a thabhairt chun beochta, trí ábhar úsaideoir-chairdiúil a chur ar fáil.   

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar Trail Gazers gabh chuig www.trailgazers.eu

 

Is togra é Trail Gazers a fhaigheann comh-mhaoiniú ó Chlár Limistéar an Atlantaigh de chuid Interreg trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO