Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Suim mhór i Nasc Fíorúil Dhún na nGall 2020

06/10/20 – Suim mhór i Nasc Fíorúil Dhún na nGall 2020

 

Agus an ócáid ar líne Nasc Dhún na nGall ag druidim linn, tá an-suim ar fad léirithe ag daoine ó gach cearn den domhan. Beidh an ócáid ar siúl Déardaoin 8 Deireadh Fómhair agus díreoidh sé ar roinnt príomhthéamaí, a bhfuil ina measc; athlonnú go Dún na nGall, cianobair, nuálaíocht i gcúrsaí gnó agus turasóireachta, chomh maith le seisiún de cheol traidisiúnta agus comhaimseartha.

 

 

Agus í ag caint roimh Nasc Dhún na nGall 2020, dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Rena Mhic Dhonnchaidh: “Bhí sé an-tábhachtach go raibh muid in ann Nasc Dhún na nGall 2020 a reáchtáil, agus a bhuí leis an teicneolaíocht atá ar fáil, is féidir linn fáilte chuig an ócáid fhíorúil seo a chur roimh mhuintir Dhún na nGall iad féin, an Diaspóra agus daoine eile ar suim leo an contae seo. Tá lúcháir orainn leis an tsuim atá léirithe go dtí seo. Dóibh siúd atá cláraithe cheana féin, scaip an scéal i measc do chuid cairde agus comhghleacaithe. Ba mhaith linn go bhfeicfeadh an oiread daoine agus is féidir cad é atá le tairiscint againne anseo i nDún na nGall.”

 

Má tá tú ag streachailt le cothromaíocht a fháil idir do shaol oibre agus do shaol pearsanta faoi láthair, cuirfidh tú suim i seisiún na maidine go háirithe. Díríonn sin ar an Athlonnú go Dún na nGall agus an Chianobair. Beidh réimse cainteoirí ann as measc na ndaoine sin a bhog go Dún na nGall, daoine a dhéanann cianobair sa chontae, agus na tacaíochtaí atá ar fáil ó leithéidí Faisnéis do Shaoránaigh, Crosscare agus Grow Remote chun cuidiú le daoine atá ag smaointiú ar bhogadh anseo.

 

Tá réimse teicneolaíochtaí úra agus nuálaíochtaí i nDún na nGall a bheas ar taispeáint le linn sheisiún an tráthnóna a bhaineann leis an Nuálaíocht. Beidh cainteanna ann ón Dr. Stephen Seawright ó na WiSar Labs in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Stephen Mulligan ó Three Ireland, Joe Dunleavy ó Pramerica agus an Dr. Gillian Doyle a labhróidh faoi thuras Cerebreon go Dún na nGall.  Déanfaidh Emagine Media eispéireas turasóireachta i bhfoirm VR chomh maith le cuid de na háiteanna is mó clú i nDún na nGall a thaispeáint.

 

Beidh deis ansin ag rannpháirtithe sult a bhaint as meascán de cheol traidisiúnta agus comhaimseartha. Beidh rac-cheol malartach ó In Their Thousands as Dún na nGall, chomh maith le ceol ó Devri as Bostún agus Cherish the Ladies as Nua-Eabhrac, dhá ghrúpa a bhfuil an-tionchar ag an Diaspóra orthu.

 

Clárú don Ócáid

Le ticéid a chur in áirithe anois don ócáid SAOR IN AISCE seo tabhair cuairt anseo, rphost [email protected], nó scairt +353 74 9160735. 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO