Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Seirbhísí Cló agus Idirlín sna Leabharlanna

17/07/20 Seirbhísí cló agus idirlín tosaithe arís i Leabharlanna Dhún na nGall

Ón Luan 20 Iúil, beidh seirbhísí cló, idirlín, WIFI agus áiseanna staidéir ar fáil arís sna cúig cinn de leabharlanna i nDún na nGall atá foscailte don phobal cheana féin.  Cuireadh tús le hathfhoscailt na leabharlann, de réir a chéile, ar an 18 Meitheamh, nuair a chuir na leabharlanna seirbhís ‘féachaint agus fágáil’ amháin ar fáil.  Is iad na leabharlanna atá ar foscailt don phobal faoi láthair ná An Lárleabharlann, Leitir Ceanainn, Leabharlann Pobail Bhun Cranncha, Leabharlann Pobail Bhun Dobhráin, Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair agus Leabharlann Phobail an Dá Bhaile.  Tá na huaireanta foscailte agus sonraí teagmhála ar fáil ar www.donegallibrary.ie.

 

De bharr riachtanais scaradh sóisialta, leanfar le bainistiú a dhéanamh ar rochtain isteach sna foirgnimh agus beidh srianta ama ar sheirbhísí.  Agus í ag caint faoin chéad chéim eile d’athoscailt na leabharlann, dúirt Eibhlín Brugha, Bainisteoir Rannáin: ‘Is é an tosaíocht is mó atá againn gach duine a choinneáil slán sábháilte, agus mar sin de beidh roinnt athruithe ar an dóigh a mbíonn rochtain ag an phobal ar ár gcuid seirbhísí. Creidimid go mbeidh an pobal tuisceanach.   Ón athoscailt i lár mhí Mheithimh tá éileamh ar sheirbhísí cló agus idirlín.  Mar sin de, tá lúcháir orainn a bheith in ann na seirbhísí seo a thairiscint anois.  ‘

 

Beidh féinfhreastal ina chuid lárnach d’úsáid na leabharlainne, agus nuair is cuí beidh srianta ama i bhfeidhm i dtaca le seirbhísí.  Beidh ar bhaill leabharlainne a gcárta leabharlainne a thabhairt leo chun rudaí a fháil ar iasacht tríd an chóras féinfhreastail. Meabhraítear d’úsáideoirí fosta gur gá duine fásta a bheith in éineacht le páistí faoi 12 d’aois. Beidh na leabharlanna ag cur uaireanta ar leith ar fáil do bhaill leochaileacha den phobal ó 2.00pm go dtí 4.00pm agus iarrtar ar bhaill den phobal nach bhfuil leochaileach teacht chugainn taobh amuigh de na huaireanta seo.  Beidh stáisiúin dhíghalraithe ar fáil ar fud na leabharlann agus iarrfar ar bhaill den phobal cloí le gach prótacal sábháilteachta.

 

Tá foireann na leabharlann ag obair i dtreo na chéad chéim eile d’athoscailt na leabharlann in áiteanna eile agus fógrófar iad seo san am atá amach romhainn.  Cuirtear i gcuimhne do bhaill leabharlainne go bhfuil seirbhísí ar líne, trína dtig teacht ar ríomhleabhair agus ríomh-irisí, cúrsaí ar líne agus acmhainní taighde, ar fáil ag www.donegallibrary.ie

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO