Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Seirbhís Concierge seolta

04/03/2020 Seirbhís úr Concierge Gnó na Comhairle seolta inniu

Concierge 1

Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Niamh Kennedy le Eleanor Hanna, Hanna Hats, Toni Forrestor, Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn, Richard Curran, Eugene McBrearty Ker Engineering, Garry Martin, Comhairle Contae Dhún na nGall, Paul Byrne, Óstán an Radisson Leitir Ceanainn agus Séamus Ó Conghaola, Comhairle Contae Dhún na nGall ag ócáid bhricfeasta gnó de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall in Óstán an Radisson Leitir Ceanainn maidin Dé Céadaoin nuair a seoladh go hoifigiúil Seirbhís úr Concierge Gnó na Comhairle chomh maith.

 

Seoladh Seirbhís úr Concierge Gnó de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall níos luaithe inniu mar chuid de Bhricfeasta Gnó na Comhairle in Óstán an Radisson i Leitir Ceanainn.

 

Agus í ag seoladh na seirbhíse úire seo go hoifigiúil mhínigh Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Niamh Kennedy: “Tá an tseirbhís úr seo mar chuid de thiomantas na Comhairle chun leanúint orainn ag tacú le gnólachtaí i nDún na nGall agus le gnólachtaí a bhfuil sé de rún acu athlonnú go Dún na nGall.   Is é is cuspóir leis eolas a thabhairt do ghnólachtaí faoi sheirbhísí na Comhairle agus iad a nascadh le seirbhísí tábhachtacha agus le baill foirne”.

 

“Soláthraíonn an tseirbhís úr Concierge seo pointe teagmhála tiomanta chun gnólachtaí a nascadh le réimse seirbhísí laistigh de Chomhairle Contae Dhún na nGall, chun freastal ar riachtanais atá ag gnólachtaí trasna réimsí éagsúla, a bhfuil ina measc rochtain ar sheirbhísí tábhachtacha de chuid na Comhairle, comhairle ar cheisteanna ar nós réitigh mhaoine, agus nascacht dhigiteach.  Oibríonn an tSeirbhís Concierge Gnó i gcomhar le seirbhísí eile de chuid na Comhairle, an Oifig Fiontair Áitiúil ina measc, óna bhfuil réimse leathan de thacaíochtaí ar fáil cheana féin, ar nós comhairle ar leith gnó agus tacaíochtaí airgid do ghnólachtaí atá ag toiseacht as an úr nó iad siúd atá ag méadú”.

 

Concierge 2

Baill Foirne ó fhoireann timpeallachta Chomhairle Contae Dhún na nGall ag Bricfeasta Gnó na Comhairle in Óstán an Radisson i Leitir Ceanainn maidin Dé Céadaoin nuair a seoladh Seirbhís úr Concierge Gnó na Comhairle go hoifigiúil chomh maith.

 

Agus é ag caint ag an ócáid a reáchtáladh mar chuid de Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla, mhínigh Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Séamus Ó Conghaola, go bhfuil an Chomhairle ag cur béim ar dhúshraith eacnamaíochta an chontae a fhorbairt agus a dhoimhniú, agus go mbeidh an cuspóir seo lárnach sa chlár oibre a bheas ag an Rannán úr Forbartha Eacnamaíochta a bunaíodh sa Chomhairle ar na mallaibh.

 

“Tá an obair seo á déanamh laistigh de chomhthéacs náisiúnta beartais, an Creat Pleanála Náisiúnta ina measc.   Trí réimse de bheartais láidre comhoibritheacha tá sé d’aidhm againn tógáil ar shaol sóisialta agus eacnamaíochta an chontae trí gheilleagar láidir bríomhar a bheith mar bhunús faoi. Tá sé i gceist againn seo a bhaint amach trí chomhoibriú níos fearr, faoi cheannas an Rannáin Forbartha Eacnamaíochta agus na hOifige Fiontair Áitiúil ach go seachtrach fosta tríd an obair atá muid a dhéanamh lenár bpáirtnéirí ar nós BOO, ITLC, CFT agus Fiontraíocht Éireann”.

 

Reáchtáladh an ócáid mar chuid de chlár imeachtaí Sheachtain na Fiontraíochta Áitiúla, agus bhí cainteoirí eile i láthair, an t-iriseoir clúiteach gnó agus láithreoir an Dragons Den Richard Curran, a thug a chuid tuairimí ar an Bhreatimeacht agus ar an dóigh a bhféadfaidh gnólachtaí i nDún na nGall na deiseanna atá ann, de bharr na n-athruithe atá ag teacht, a thapú.

 

Concierge 3

Baill Foirne ó fhoireann timpeallachta Chomhairle Contae Dhún na nGall ag Bricfeasta Gnó na Comhairle in Óstán an Radisson i Leitir Ceanainn maidin Dé Céadaoin nuair a seoladh Seirbhís úr Concierge Gnó na Comhairle go hoifigiúil chomh maith.

 

Agus é ag rá go bhfuil an t-athrú saoil ar cheann de na ceisteanna is dúshlánaí atá ann de bharr an Bhreatimeachta, dúirt Richard Curran gur féidir le haon athrú bheith scanrúil ach “cé go dtig le hathrú a bheith ina ábhar imní agus ina dhúshlán, thig leis a bheith ina dheis fosta.  Cuireann an Breatimeacht deis ar fáil do ghnólachtaí chun amharc ar an mhodh oibre atá acu agus a fhiafraí an féidir rudaí a dhéanamh níos fearr”.

 

Bhí léargais, tuairimí agus smaointe éagsúla maidir leis an Bhreatimeacht, agus na deiseanna atá ann do ghnólachtaí, faoi chaibidil ag an phainéal plé  ar a raibh Eleanor Hanna, Hanna Hats, Toni Forrestor, Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn, Paul Byrne, Óstán an Radisson Leitir Ceanainn agus Eugene McBrearty, Ker Engineering, agus ba é Garry Martin, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta le Comhairle Contae Dhún na nGall a rinne cathaoirleacht ar an phlé.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO