Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Plean Gníomhaíochta Ráth Mealtain 2020

03/07/20 Plean Gníomhaíochta Ráth Mealtain 2020 seolta

Ramelton Action Plan

 

Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirt le hAiltireacht Dedalus, a fhógairt gur foilsíodh Plean Gníomhaíochta Ráth Mealtain  - Staidéar ar Ghníomhaíochtaí Oidhreachta le haghaidh Athnuachana agus Athbheochana. Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoin Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile agus is toradh é ar chomhoibriú idir an pobal áitiúil, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Ailtireacht Dedalus.

 

Soláthraíonn an Plean roinnt gníomhaíochtaí oidhreachta atá forbartha i gcomhairle leis an phobal áitiúil agus a bhfuil de chuspóir acu tacú le hathnuachan agus le hathbheochan Ráth Mealtain mar bhaile ceann scríbe a bhfuil scéal agus blaiseadh áitiúil ar leith ag baint leis.  Is rud ar leith agus speisialta sa tír í an oidhreacht shaibhir thógtha seo atá ar marthain i Ráth Mealtain agus d’fhéadfadh sé a bheith mar ‘Phríomh-Ghné Dhíolacháin’ do Ráth Mealtain. Tá léirithe ag taighde idirnáisiúnta go bhfuil an-luach leis an oidhreacht sa saol eacnamaíochta agus sóisialta, agus mar sin de is céim chun tosaigh iontach tábhachtach é an togra seo leis an acmhainn iontach speisialta seo a chaomhnú.

 

Tá sé i gceist go mbeidh cuidiú ar fáil sa Phlean do réimse leathan páirtithe leasmhara, idir phríobháideach agus phoiblí, amhail úinéirí talún, úinéirí gnó, grúpaí áitiúla pobail, eagrais stáit agus údaráis phoiblí.  Leagann an doiciméad síos fís le haghaidh an bhaile don am atá le teacht agus leagann sé amach réimse smaointe, gníomhaíochtaí agus tograí a mbeidh buntáistí fadtéarmacha leo, má chuirtear i bhfeidhm iad, chun tréithe an bhaile a chaomhnú agus chun todhchaí beoga bríomhar a chinntiú do Ráth Mealtain.

 

Bhéimnigh Cathaoirleach Cheantar Bardais Leitir Ceanainn, an Clr. Dónal Mac Giolla Chomhaill, an tábhacht a bhí le Plean Gníomhaíochta Ráth Mealtain don phobal áitiúil agus dúirt sé:  ‘Tá cur chuige fíor-chomhoibritheach idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus pobal Ráth Mealtain le feiceáil i bPlean Gníomhaíochta Ráth Mealtain, agus is iadsan a bheas lárnach i gcur i bhfeidhm éifeachtach na ngníomhaíochtaí sa Phlean, atá dírithe ar an leas i mó is féidir a bhaint as an oidhreacht fhíorluachmhar uathúil atá sa bhaile, agus oidhreacht atá fíorthábhachtach do thodhchaí an bhaile’.

 

Tá foilsiú an Phlean an-tráthúil mar go bhfuiltear i ndiaidh maoiniú a fháil ar na mallaibh do Lár Baile Stairiúil Ráth Mealtain - Scéim Athchóirithe agus Athrú ó Bhonn ar an Réimse Poiblí faoin ghlaoch ar na mallaibh ón Chiste Forbartha agus Athnuachana Tuaithe, atá á reáchtáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.  Cuideoidh an maoiniú atá faighte chun seirbhísí sainchomhairleoireachta a fhostú chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an tionscadal trí chéimeanna pleanála, comhairliúchán poiblí agus miondearadh go dtí go mbeidh tionscadal caiptil réidh-chun-sluasaide ann.  Tá sé beartaithe faoin tionscadal roinnt gníomhaíochtaí tosaíochta aitheanta de chuid Phlean Gníomhaíochta Ráth Mealtain a chur i bhfeidhm, ar a n-áirítear spásanna agus áiteanna tábhachtacha poiblí a fhorbairt taobh istigh de lár an bhaile stairiúil le téama comónta claochlaitheach.

 

Agus é ag caint faoi Phlean Gníomhaíochta Ráth Mealtain, dúirt Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha Pobail agus Pleanála le Comhairle Contae Dhún na nGall: ‘Is Plean Gníomhaíochta ardaidhmeannach, fadtéarmach, comhoibritheach do Ráth Mealtain é seo, rud a athróidh an leagan amach uirbeach ó bhonn trí fheabhsúcháin sa réimse poiblí agus trí athchóiriú oidhreachta.  Cruthóidh sé áit níos tarraingtí do chónaitheoirí agus do chuairteoirí, agus cuirfidh sé borradh faoi ghníomhaíochtaí gnó, fiontraíochta, pobail agus deonacha, idir úr agus reatha, leis an bhaile a athnuachan ar dhóigh atá inbhuanaithe’.

 

Dúirt Duncan McLaren ó Ailtireacht Dedalus, ar Ailtire Caomhantais creidiúnaithe go dtí Grád 1 ag an RIAI é, agus údar an Phlean seo: ‘Tá Ráth Mealtain ar cheann de na bailte stairiúla is fearr caomhnaithe in iarthuaisceart na hÉireann; tá sé uathúil mar gheall ar na tithe aonaracha neamhchoitianta atá ar marthain ann ón 18ú agus ón 19ú céad, chomh maith le foirgnimh thionsclaíochta dhúchasacha agus bailedhreach éagsúil atá cruthaithe ag na struchtúir seo laistigh dá suíomh tírdhreacha.  Cuideoidh an Plean Gníomhaíochta, agus tacóidh sé, leis an phobal áitiúil maidir le treoir oidhreachta agus gníomhaíochtaí ar leith a sholáthar leis an bhaile a athnuachan, a athchóiriú agus a fhorbairt amach anseo ar dhóigh atá tuisceanach don timpeallacht agus ar dhóigh a gcaomhnóidh agus a bhfeabhsóidh na tréithe speisialta seo don 21ú haois.’

 

Cuireann Joe Birney, Cathaoirleach ar Choiste Athnuachana Ráth Mealtain, síos ar an ról fíorthábhachtach atá ag an Choiste chun na gníomhaíochtaí sa Phlean a chur i bhfeidhm, agus deir sé: ‘Tá an Coiste an-tiomanta chun oidhreacht ar leith an bhaile a athnuachan agus a chaomhnú, agus tá sé de phríomhchuspóir acu dul i ngleic le haon mheath eile nó le haon chreimeadh eile ar Ráth Mealtain mar bhaile. Tugann Plean Gníomhaíochta Ráth Mealtain ardan dúinn leis seo a bhaint amach agus tugann sé deis shuntasach thráthúil dúinn cur chuige comhtháite agus spriocdhírithe a thoiseacht i dtaca le hathnuachan chlaochlaithe, rud a chuirifidh le tábhacht speisialta an bhaile agus an tsuímh san fhadtéarma.’

 

Tá Plean Gníomhaíochta Ráth Mealtain ar fáil le feiceail ar líne.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO