Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Plean do Spásanna Lasmuigh

11/06/20 Pleananna le haghaidh Spás Breise Lasmuigh don Scaradh Sóisialta fógartha ag an Chomhairle

Outdoor Furniture supports

An Chearnóg, Baile Dhún na nGall

 

Tá pleananna nochta inniu ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Nicholas Mac an Chrosáin, chun tacú le gnólachtaí san earnáil turasóireachta agus fáilteachais trí chuidiú leo spásanna breise itheacháin agus suí a chur ar fáil taobh amuigh.

 

Thig le húinéirí bialann agus caiféanna cur isteach ar cheadúnas ón Chomhairle fá choinne spásanna breise suí lasmuigh, rud a chuideoidh leo cloí le riachtanais scaradh sóisialta ar mhaithe le sláinte an phobail, agus rud a chuideoidh le hinbhuanaitheacht a ngnólachta in 2020.  

 

Tá an Chomhairle tiomanta chun cinneadh a dhéanamh ar gach iarratas taobh istigh de 10 lá oibre, a fhad is go bhfuil an t-eolas riachtanach ar fad faighte againn ón tús, agus tá muid ag cealú gnáth-tháillí ceadúnais faoin scéim seo in 2020.

 

“Tá lúcháir orm a bheith in ann na pleananna seo a nochtadh inniu, agus creidim go dtabharfaidh siad tacaíocht agus cúnamh praiticiúil do ghnólachtaí a gcuid áitreabh a oscailt arís in 2020, ar dhóigh atá inmharthana agus inbhuanaithe.   Tá an earnáil ghnó i nDun na nGall ag obair go crua chun ullmhú do phlean oibre an rialtais leis an gheilleagar agus an tsochaí a athoscailt de réir a chéile, ach san am céanna ag comhlíonadh treoracha sláinte agus sábháilteachta agus ag coinneáil iontaoibh na gcusaiméirí”, arsa an Clr. Mac an Chrosáin.

 

Dúirt sé fosta: “Ag éirí as teagmháil leanúnach le heagraíochtaí éagsúla, ina measc Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn, Cónaidhm Óstáin na hÉireann agus Fáilte Éireann, tá tuiscint agus béim níos fearr anois ar an imní is mó agus na ceisteanna is mó atá ag cur as do ghnólachtaí le linn na chéad chéime seo den téarnamh.  Is léir go bhfuil tábhacht ar leith le tograí agus tacaíochtaí maidir le spásanna lasmuigh a atheagrú le freastal ar na gnólachtaí atá ag athoscailt san earnáil turasóireachta agus fáilteachais, le go mbeidh níos mó spáis acu agus go mbeidh ar a gcumas cloí le riachtanais a bhaineann le scaradh sóisialta agus a bheith inmharthana go heacnamúil.

 

“Tá béim sna pleananna seo ar úsáid spáis lasmuigh, spás atá faoi smacht na Comhairle, chun tacú le gnólachtaí oscailt arís le linn an téarnaimh ach san am céanna tá béim chomh maith ar a chinntiú go bhfuil siad inrochtana do gach duine, go bhfuil spás sábháilte ann d’oibrithe riachtanacha agus d’úsáideoirí seirbhísí, agus chun cuidiú le gach páirtí leasmhar”.  

 

Tá an Chomhairle ag fiosrú roghanna maoinithe do láithreacha pobail níos mó, áit a bhféadfadh eagras áitiúil ar nó Comhlachas Tráchtála nó Coiste Forbartha Pobail áis níos mó lasmuigh a bhunú chun cur leis an spás itheacháin agus spás suí, faoin scéim seo, in áiteanna ar nós cearnóga lár baile nó spásanna poiblí eile.  

 

Tá na pleananna seo sa bhreis ar thograí agus ar thacaíochtaí eile atá á gcur ar fáil ag an Chomhairle chun tacú le gnólachtaí le linn na tréimhse seo, ina measc an Deontas Atosaithe do ghnólachtaí chun cuidiú le costais athoscailte, cealú trí mhí ar Rátaí Tráchtála do ghnólachtaí atá thíos leis de bharr Covid-19, Dearbháin Leanúnacha Ghnó agus Dearbháin Trádála ar Líne atá ar fáil ón Oifig Fiontair Áitiúil, an feachtas leanúnach faisnéise agus cumarsáide maidir le tacaíochtaí atá ar fáil do ghnólachtaí, ina measc gnólachtaí san earnáil turasóireachta agus fáilteachais, feachtas comhtháite margaíochta agus forbairt táirgí le haghaidh na turasóireachta ag díriú ar an mhargadh ar fud oileán na hÉireann agus ag baint an leasa is mó is féidir le haghaidh Dhún na ngall mar láthair oibre iargúlta a d’fhéadfaí a roghnú.  

 

Agus mar fhocal scoir, dúirt an Clr. Mac an Chrosáin: “Tá Comhairle Contae Dhún na nGall tiomanta chun tacú le gnólachtaí de réir mar a osclaíonn an contae arís i ndiaidh na dianghlasála de bharr Covid-19.   Tá an earnáil turasóireachta agus fáilteachais an-tábhachtach do Dhún na nGall agus is tógáil croí é an Chomhairle a fheiceáil i mbun comhoibriú leis na páirtithe leasmhara ar fad d’fhonn an tionscal a choinneáil ag dul in 2020, chomh maith le feachtas margaíochta ar leith don turasóireacht a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, ag díriú ar mhargaí áitiúla agus ar mhargaí uile-Éireann, a bheas ina bpríomh-mhargaí do ghnólachtaí turasóireachta i nDún na nGall in 2020.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO