Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Moltaí Tithe Sóisialta i Leitir Ceanainn

30/06/20 Moltaí á lorg maidir le tithíocht shóisialta lándéanta a sholáthar i Leitir Ceanainn,

Tithíocht Shóisialta trí Shealbhú Lándéanta - Leitir Ceanainn

 

Tá sé ar cheann de phríomhchuspóirí Chomhairle Contae Dhún na nGall tithíocht shóisialta, atá ardchaighdeánach agus inbhuanaithe, a sholáthar ar fud Chontae Dhún na nGall i gceantair ina bhfuil riachtanas ann dó.  Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg moltaí faoi láthair ó Fhorbróirí atá in ann tithíocht shóisialta lándéanta a sholáthar i Leitir Ceanainn chun cuidiú le freastal ar an riachtanas tithíocht shóisialta atá ag an Chomhairle faoi láthair.  

Tá an Chomhairle ag iarraidh ar Fhorbróirí iarratais a dhéanamh le haghaidh aonaid tithíochta ina bhfuil 1, 2, 3 agus 4 sheomra codlata.   Is gá go mbeadh 5 aonad ar a laghad sna tograí, agus is féidir an méid seo a leanas a bheith san áireamh:

 

Aonaid chríochnaithe, ar a n-áirítear tograí a bhféadfadh féidearthachtaí athnuachana a bheith bainte leo,

Aonaid atá á dtógáil,

Aonaid le bheith tógtha ar shuíomhanna fóirsteanacha.

 

Le hiarratas bailí a dhéanamh, beidh ar Fhorbróirí obair i gcomhpháirt le Foireann Deartha faoi stiúir Ailtire agus le Conraitheoir Tógála a bhfuil na scileanna riachtanacha agus taithí acu le tithíocht shóisialta d’ardcháilíocht a dhearadh, a sholáthar agus a dheimhniú.  

 

Tá an próiseas seo fógraithe ar eTenders (Tagairt RFT 171855).  Is féidir gach eolas agus na doiciméid ar fad a fháil ó eTenders.  Ní mór iarratais a dhéanamh go docht daingean de réir na riachtanas sna doiciméid soláthair agus is é 16.30 Dé hAoine 31 Iúil 2020 an dáta deireanach le hiarratas a dhéanamh.   Ba chóir aon fhiosrúchán ó pháirtithe a bhfuil suim acu a chur trí eTenders.

 

Aon Chonradh a dhéanfar, beidh sé ina Chonradh Sealbhaithe.

 

Níl aon dualgas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall glacadh le haon iarratas.   Beidh aon sealbhú faoi réir théarmaí próiseas soláthair, cead pleanála, mhaoiniú na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus faoi réir chonartha.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO