Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Moltaí Chruinniú na nÓg

Páistí agus Daoine Óga – Bíodh do ghuth agat don Lá Cruthaitheach

20/01/20 Páistí agus Daoine Óga – Bíodh do ghuth agat don Lá Cruthaitheach

 

Páiste i mbun saothar cruthaitheach le péint ag ócáid de chuid Pobail le Chéile ar an Fhál Carrach le linn Chruinniú na nÓg 2019. Grianghraf le John Soffe.

 

Tá sé beartaithe go mbeidh Cruinniú na nÓg, lá náisiúnta na cruthaitheachta, ar siúl don tríú bliain ar fud Dhún na nGall Dé Sathairn 13 Meitheamh. Tugann sé deiseanna do dhaoine óga idir 0-18 a bheith cruthaitheach agus tá an Fhoireann de chuid Éire Ildánach i nDún na nGall ag tabhairt cuireadh do dhaoine óga guth a bheith acu agus imeachtaí cruthaitheacha a mholadh.

 

Tá Cruinniú na nÓg ina chuid de Chlár Éire Ildánach go náisiúnta agus reáchtáltar é i gcomhpháirt leis na hÚdaráis Áitiúla. Is í Éire an t-aon tír ar domhan ina mbíonn lá náisiúnta de chruthaitheacht saor in aisce ar siúl do pháistí agus do dhaoine óga.

 

Tá Eileen Burgess, comhordaitheoir ar Éire Ildánach Dhún na nGall, ag moladh do pháistí agus do dhaoine óga guth a bheith acu i dtaca leis an chineál gníomhaíochtaí a bheas beartaithe ar fud an chontae i mí Mheithimh i mbliana. “Ba mhaith linn go mbeidh páistí agus daoine óga ag cuidiú linn chun clár imeachtaí na bliana seo a ullmhú trí insint dúinn faoi na himeachtaí cruthaitheacha ar mhaith leo triail a bhaint astu nó iad a dhéanamh. Ba mhaith linn clár imeachtaí a ullmhú a spreagann daoine óga agus atá ábharach dóibh agus a chuirfidh lena gcumas cruthaitheach.”

 

 

Daoine óga ag glacadh páirte i gceardlann CINE chun foghlaim faoi na scileanna digiteacha a bhaineann le fótagraiméadracht agus digitiú déantúsán. D’úsáid na rannpháirtithe gutháin chliste agus trealamh grianghrafadóireachta agus aipeanna saor in aisce le déantúsáin agus ábhair eile a ghabháil agus íomhánna tríthoiseacha a dhéanamh díobh. Grianghraf le Paul McGuckin

 

‘In 2019 bhí 31 imeacht ar siúl ar fud Dhún na nGall, mar shampla safari feamainne, scoil foraoise, súgradh slupairte, ceardlanna ar an réaltacht fhíorúil, agus go leor eile a bhí ar siúl taobh istigh agus amuigh faoin spéir in áiteanna éagsúla. Bhí ról an-luachmhar ag Comhairle Óige Dhún na nGall sa phróiseas roghnúcháin anuraidh agus tá lúcháir orainn chun cur leis sin i mbliana trí ghuth a thabhairt do pháistí níos óige go luath sa phróiseas pleanála.”  

Is féidir moltaí ó pháistí agus ó dhaoine óga a dhéanamh tríd an cheistneoir gairid atá ar fáil ag http://bit.ly/CruinniúnanÓgCreativeSuggestions a líonadh isteach nó trí bhualadh isteach i Músaem Contae Dhún na nGall, san Ionad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn nó ina aon cheann de na 13 leabharlann ar fud Dhún na nGall agus an suirbhé gairid a líonadh isteach.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO