Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Macalla na Staire ón bhaile

Macalla na Staire - Togra Staire ón Bhaile

Tá togra staire ar líne á reáchtáil ag Macalla na Staire le Músaem Contae Dhún na nGall agus Cartlann Chontae Dhún na nGall le linn do na srianta Covid 19 a bheith i bhfeidhm.  Tá an togra seo mar chuid den togra Macalla na Staire, á mhaoiniú ag Cartlann Chontae Dhún na nGall (Peace IV), agus tá béim ar leith ar na Deich mBliana Stairiúla idir 1912-23. 

 

De barr an scaradh sóisialta, tá an chuid is mó againn sa bhaile agus scartha ónar gcuid agus ónár gcairde. Cuireann na dúshláin atá againn ar Facebook béim ar theaghlaigh agus na glúnta a tharraingt le chéile (go fíorúil) agus an t-am atá caite a scrúdú ó do cheantar áitiúil.  Tá meascán éagsúil d’ábhair agus de dhúshláin mar chuid den togra; ó ghníomhaíochtaí cruthaitheacha go dtí taighde teaghlaigh, tá rud éigin ann do gach duine.  Cé go bhfuil an togra dírithe ar pháistí agus ar dhaoine óga, is féidir le gach duine a bheith páirteach.  Túsphointe maith iad na dúshláin do dhaoine fásta tabhairt faoi thaighde teaghlaigh/áitiúil a dhéanamh, agus toiseacht ar níos mó eolais a fháil ar na himeachtaí céad bliain a tharla in Éirinn Réabhlóideach.

 

  • Le bheith páirteach, gabh chuig an leathanach Echoes of the Decades ar  Facebook.
  • Cuir do chuid freagraí féin, nó freagraí do pháiste, ar na dúshláin atá ann.
  • Smaoinigh taobh amuigh den bhosca; d’fhéadfá grianghraif, taighde, agallaimh, líníochtaí nó fiú múnlaí 3D a sheoladh isteach.  Iarrtar ar thuismitheoirí grianghraf d’fhreagraí na bpáistí a ghlacadh lena nguthán agus sin a phostáil ar leathanach Facebook Macalla na Staire, chomh maith le céadainm an pháiste, aois agus scoil.
  • Cuirtear suas dúshláin úra gach Máirt agus Déardaoin.

 

Úsáidimis an t-am seo leis an tseanam a chomhroinnt.  Tá muid ag dúil le bhur scéalta faoi Dhún na nGall a fheiceáil.

 

Fá choinne tuilleadh eolais faoin togra cuir teachtaireacht phríobháideach chuig Donegal County Archives ar Facebook nó déan teagmháil le:

Alarnagh Barrett McGinley: [email protected]

Comhordaitheoir Togra Peace IV, Cartlann Chontae Dhún na nGall

 

Tá an tionscadal seo ag fáil tacaíocht airgid ó Chlár PEACE IV an Aontais Eorpaigh, atá á bhainistiú ag Foras Chláir Speisialta an AE (FCSAE).

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO