Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg léirithe spéise ó úinéirí talún agus réadmhaoine le haghaidh paistí talún, suíomhanna tréigthe agus foirgnimh reatha i lár bailte agus sráidbhailte ar fud an chontae agus a bheadh siad toilteanach a dhíol ar mhaithe le tithíocht shóisialta. Glacfar san áireamh suíomhanna úrnua agus suíomhanna athfhorbraíochta, chomh maith le tailte agus réadmhaoine atá tréigthe, folamh nó tearcúsáidte agus atá suite i lár bailte agus sráidbhailte.
B’fhearr go mbeadh na suíomhanna / réadmhaoine suite in aice le pobail inbhuanaithe agus laistigh de shiúl na gcós ó scoileanna, siopaí, áiseanna pobail agus fóillíochta, bialanna, agus áiseanna eile. Ba chóir na tailte atá á dtairiscint le díol bheith criosaithe (zónáilte) go cuí i.e. Fóirsteanach le haghaidh forbairt chónaithe láithreach bonn, inseirbheáilte, agus inrochtana go díreach ón bhóthar poiblí. Go ginearálta, ba chóir go mbeadh talamh na suíomhanna cothrom, nó le fánaí deas réidh. Ní ghlacfar san áireamh talamh atá truaillithe agus suíomhanna ar a dtarlaíonn tuilte.
Ba chóir léiriú spéise a chur isteach chuig an seoladh / rphost atá tugtha thíos agus is gá an t-eolas seo a leanas a bheith air:
Sonraí teagmhála úinéir na talún / na réadmhaoine ar a n-áirítear ainm, seoladh, uimhir ghutháin agus seoladh ríomhphoist
Léarscáil de shuíomh an láithreáin ar a dtaispeántar teorainn na dtailte / na réadmhaoine
Cruthúnas maidir le húinéireacht na talún / na réadmhaoine ag an duine atá á dhíol (i.e. Cóip d’fhóilió)
Deimhniú i dtaca le hacraíocht na talún nó
Deimhniú i dtaca le méid na réadmhaoine, i gcás foirgneamh
Sonraí maidir le criosú na talún faoi láthair de réir Phlean Forbartha an Chontae / an Phlean Ceantair Áitiúil
Cóip den chead pleanála ábharach, má bhaineann le cás
Costas
Ba chóir fiosrúcháin agus Léirithe Spéise a dhéanamh chuig:
Rannóg Tithíochta Caipitil
Comhairle Contae Dhún na nGall
Ionad na dTrí Abhainn
Leifear
Co. Dhún na nGall
F93 PN3H
nó trí rphost chuig:
Breathnóidh Comhairle Contae Dhún na nGall ar na haighneachtaí agus rachaidh siad i dteagmháil le húinéirí réadmhaoine de réir mar is gá. Níl aon dualgas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall glacadh le haon léiriú spéise a gheofar faoin phróiseas seo. Déanfar aon sealbhú bunaithe ar; idirbheartaíocht, luacháil neamhspleách, luach ar airgead, maoiniú a bheith ar fáil, cead agus conradh ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.
Tagann Comhairle Contae Dhún na nGall faoi na forálacha san Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.