Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Iarratais á lorg don Chlár Feabhsú Pobail

21/07/2020 Iarratais á lorg don Chlár le haghaidh Feabhsú Pobail 2020

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus an Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁ) ar lorg iarrataisí le haghaidh cláir a chuireann maoiniú ar fáil do phobail in Éirinn.

 

D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, an tUas. Michael Ring TD go raibh an Clár Feabhsaithe Pobail (CFP) don bhliain 2020 seolta agus go bhfuil maoiniú de €2 milliún ar fáil go náisiúnta, mar thús, go mall i mí Mheithimh.

 

Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a chuireann an maoiniú ar fáil don Chlár Feabhsaithe Pobail agus cuirfear maoiniú ar fáil in 2020 chun na háiseanna atá ar fáil do phobail a fheabhsú.  Is é seo an tríú bliain den chlár, agus leagann sé béim ar thacaíocht a thabhairt do ghrúpaí i gceantracha atá faoi mhíbhuntáiste.

 

Seoladh an Clár Feabhsaithe Pobail den chéad uair in 2018 agus tugadh maoiniú do 264 togra ar fud Chontae Dhún na nGall ó shin.  Is é €74,812 an ciste a bheas ar fáil do Dhún na nGall in 2020 agus is é an Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁ) a dhéanfaidh é a bhainistiú.  Tá dhá dheontas ar fáil - deontas beag caipitil idir €500-€1,000 agus deontas mór caipitil suas le €5,000.

 

Is é a dúirt an tAire Ring:  “Tugann an CFP tacaíocht fhíorthábhachtach do ghrúpaí pobail chun cuidiú leo a gcuid áiseanna a fheabhsú. Ar deireadh thiar, freagraíonn an Clár do riachtanais aitiúla agus dá bharr sin cuireann sé roinnt maoinithe ar fáil le haghaidh tograí níos mó fosta.

 

“Bímid ag brath go mór ar na coistí pobail seo, agus tá súil agam go mbeidh an maoiniú seo ina chuidiú acu chun leanúint leis an obair thábhachtach a dhéanann siad sa tsochaí s’againne. Molaim go láidir do phobail eolas a chur ar an CFP agus iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú má shíleann siad go dtiocfadh leis bheith ina chuidiú go háitiúil.”

 

Tá solúbthacht sa Chlár don bhliain 2020 le gur féidir le coistí pobail an maoiniú a úsáid le haghaidh caiteachais a bhaineann le COVID-19, agus tá cinneadh déanta ag CFPÁ Dhún na nGall tús áite a thabhairt d’iarratais ó ghrúpaí atá ag lorg maoinithe le haghaidh caiteachas caipitil a bhaineann le COVID 19.

 

Mhol an Clr. Martin McDermott, Cathaoirleach ar CFPÁ Dhún na nGall do gach Grúpa Pobail iarratas a dhéanamh agus dúirt sé: “Ligeann an clár seo do ghrúpaí pobail an obair luachmhar atá á dhéanamh acu ar son daoine eile i gceantracha áitiúla ar fud an chontae a chur i gcrích.  Tharraing an ghéarchéim sláinte COVID 19 aird ar an obair mhór luachmhar a dhéanann Coistí Pobail ina gceantracha áitiúla. 

 

Mar aitheantas ar na deacrachtaí a bheas ag coistí íoc as na costais a bhaineann le hathruithe agus méaduithe a chur lena gcuid foirgneamh agus seachadadh seirbhísí de bharr na srianta le linn COVID 19, shocraigh an CPFÁ ar thús áite a thabhairt d’iarratais ó ghrúpaí atá ag lorg maoinithe chun íoc as costais chaipitil de bharr COVID 19 agus chun deis a thairiscint do ghrúpaí maoiniú a fháil ón Chlár Feabhsaithe Pobail le híoc as na costais seo”

 

Dáta Druidte

 

Caithfear iarratais chomhlánaithe a fháil, ar a dhéanaí, faoi 3pm Dé hAoine 14 Lúnasa 2020.

 

Tuilleadh eolais agus foirm iarratas

https://www.donegalcoco.ie/community/fundingforyourgroup/communityenhancementprog

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO