Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Grianphainéil Fótavoltacha i Leifear

1-12-20 Breis grianphainéal fótavoltach curtha ar Theach an Chontae, Leifear

Tá 32 grianphainéal fótavoltach curtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar dhíon an tríú hurlár i gCeannáras na Comhairle i Leifear. Tá 36 grianphainéal fótavoltach ann cheana féin ó bhí 2019 ann.

 

‘Tiontaíonn fótavoltachas na gréine an grianfhuinneamh ina leictreachas’ a deir Peadar Espey, Bainisteoir Saoráidí agus ball d’Fhoireann Fuinnimh Chomhairle Contae Dhún na nGall. 

 

Pictured at the installation of the Photo Voltaic Solar Panels added to County House, Lifford are L to R: Barry Sharkey - North West PV (Contractor), Emmett McCabe - DCC Facilities and Energy Team Member,  Peadar Espey – DCC Facilities Manager and Energy Team Member

 

‘Tá na grianphainéil fótavoltacha thar a bheith tábhachtach ná tá siad ag cur leis an sprioc atá againn cursaí fuinnimh a fheabhsú inár bhfoirgnimh. Ginfidh an córas fótavoltach i dTeach an Chontae tuairim is 16,700 cileavatuair de leictreachtas ina aghaidh na bliana.  

 

‘Nuair a éireos na laethanata níos faide agus níos gile ó mhí an Aibreáin go Meán Fómhair, beidh sé d’acmhainn aige níos mó ná 120 cileavatuair a ghineadh in aghaidh an lae’ a dúirt sé.

 

Tá an togra seo mar chuid d’aidhm leanúnach na Comhairle le cúrsaí fuinnimh a fheabhsú ar fud a ngnó. Tá an méid seo ag teacht leis an chóras creidiúnaithe Bainistiú Fuinnimh ISO 50001 a baineadh amach den chéad uair in 2016. D’éirigh leo é seo a choinneáil i ndiaidh dianiniúchtaí neamhspléacha a dhéanamh.

Mar fhocal scoir, dúirt Peadar Espey go rachadh an fuinneamh in-athnuaite seo go mór chun tairbhe don Chomhairle ná tá sé d’aidhm acu 50% éifeachtacht fuinnimh a bhaint amach roimh 2030. Tagann an méid seo faoi ‘Plean Náisiúnta Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019’.

 

Clár athnuaite SMART

Is comhpháirtí idirnáisiúnta iad Comhairle Contae Dhún na nGall de ‘Clár Artach an Fhorimeall ó Thuaidh agus An Tras-Chlár Comhoibrithe Artach’, clár athnuaite SMART.

Mar chuid den chlár seo, tugann saineolaithe idirnáisiúnta léargas ar a dtaithí féin maidir le teicneolaíocht chliste in-athnuaite fuinnimh agus an dóigh a ndéanann siad í a iniúchadh.

 

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar chlár athnuaite SMART ag smartrenew.interreg-npa.eu nó ar na líonraí sóisialta seo a leanas:

Twitter

LinkedIn

Facebook

Nó is féidir clárú don nuachtlitir anseo.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO