Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Gnó ag úsáid Teicneolaíochta

12/05/2020 Réitíonn teicneolaiocht deacrachtaí d’úinéirí Theach an Bháid

Boathouse

Mairéad agus Garry Anderson ó Theach an Bháid sna Cealla Beaga.

 

Is beag eolas a bhí ag Mairéad agus Garry Anderson ar na dúshláin a bhí ar na bacáin agus in ann dóibh nuair a d’oscail siad a mbialann sna Cealla Beaga i mí na Nollag seo caite.

 

‘Bhí an-áthas orainn Teach an Bháid a oscailt agus tháinig seo sna sála ar ár ngnó rathúil a bhí againn i mbothán inár dhíol muid bia mara, Bothán Bhia na Mara’ a mhíníonn Garry.

 

‘Ach i mí Mhárta, bhí orainn na doirse a dhruid mar a bhí amhlaidh do go leor gnólachtaí beaga eile ar fud na tíre.  D'infheistíomar an oiread sin airgid i dTeach an Bháid, ní raibh an dara suí sa bhuaile againn ach iarracht a dhéanamh ár gcur chuige a athrú agus féachaint an raibh dóigh ar bith go dtiocfadh linn leanúint ar aghaidh ag obair ar dhóigh shábháilte.

 

 

‘D’oscail muid seirbhís bia le tabhairt leat agus cé go raibh an-éileamh uirthi,  chruthaigh an tseirbhís réimse dúshlán eile ar fad dúinn.  Bhí ár gcustaiméirí ag bailiú le chéile ag feitheamh ar a gcuid bia agus ní raibh muid in ann na rialacha maidir le scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm.  Mar sin, b’éigean dúinn Teach an Bháid a dhruid arís agus athmhachnamh macánta a dhéanamh’.

 

‘Chuaigh muid i muinín ár gcara Eugene Blaine.  Is as An Bhroclais ó dhúchas é agus is fiontraí teicneolaíochta é Eugene atá lonnaithe sa RA.  Thairg sé úsáid an ardáin teicneolaíochta ‘Rhino Ar Líne’ dúinn, ardán teicneolaíochta atá aige cheana féin agus is mór an difear a rinne sin dúinn’, a deir an comhpháirtí Mairéad.

 

D’oibrigh Mairéad agus Garry go dlúth le Eugene chun suíomh a fhorbairt chomh tapaidh agus ab fhéidir leo chun seirbhís ar líne a chruthú ar Rhino Ar Line.  Is féidir le custaiméirí biachláir a sheiceáil ar líne, ordaithe a chur isteach, íocaíochtaí a dhéanamh agus thar aon rud eile, is féidir leo am faoi leith a roghnú lena gcuid ordaithe a bhailiú, rud a chiallaíonn nach bhfuil scuainí móra fada ann níos mó.

 

‘Ciallaíonn an aip nua gur féidir le Teach an Bháid oibriú go sábháilte agus ag an am céanna, cloí leis na rialacha maidir le scaradh sóisialta’ a deir Mairéad.

 

Chruthaigh an chomhpháirtíocht seo buntáistí eile do Theach an Bháid. 

 

‘Ó thosaigh muid ag glacadh ár n-orduithe ar líne ar Rhino Online, tá faill agam anois sula a dtosaím ar an réamhullmhúchán, seiceáil an stoc atá de dhíth orainn agus an méid ceart bia a ullmhú, rud a chiallaíonn go bhfuil dramhaíl laghdaithe agus brabús méadaithe sna hamanna deacra seo’, a mhíníonn Garry.

 

Tá Teach an Bháid ag déanamh go maith anois, agus tá dílseacht agus aiseolas ó chustaiméirí thar a bheith dearfach.

 

‘Is breá le custaiméirí an tseirbhís nua éifeachtúil.  Tá ár n-aiseolas chomh dearfach agus fiú nuair atá deireadh le COVID-19,  leanfaimid ar aghaidh leis an tseirbhís bia le tabhairt leat a chur ar fáil.  Fiú amháin sna hamanna dúshlánacha seo, is iontach an rud é go bhfuil deiseanna nua ar fáil’, a deir Mairéad.

 

‘Is amanna deacra iad seo d’aon duine i mbun gnó agus bhí an t-ádh orainn a bheith in ann ár gcur chuige a athrú go tapaidh agus na fadhbanna a réiteach trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht seo.  Sílim gur am é seo do ghnólachtaí a bheith ag obair le chéile agus ag cuidiú lena chéile chun dúshláin COVID-19 a shárú agus réitigh nuálacha a chruthú chun a chinntiú go leanfar na gnólachtaí ar aghaidh ar bhonn leanúnach. 

 

‘A bhuíochas lenár gcomhpháirtíocht le Eugene agus a fhoireann ag Rhino Ar Líne.  Tá muid muiníneach gur féidir linn teach slán as seo agus go mbeidh muid anseo dár bhfoireann agus dár bpobal go dtí an tráth nach mbeidh ach breac-chuimhne ag na daoine ar ghéarchéim COVID-19.  Tá ár ndearcadh i bhfad níos dearfaí anois. Léiríonn tréimhsí  corracha mar seo an spunc atá i nghnólachtaí i nDún na nGall ’, a deir Garry agus aoibh an gháire air. 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO