Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Éire Shláintiúil

26-11-2020 – Éire Shláintiúil – Cúig chéim i dtreo na Folláine

Mar chuid den chlár Éire Shláintiúil i do Leabharlann Áitiúil, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag dul i gcomhpháirt le Meabhairshláinte Éireann chun sraith cainteanna a reáchtáil faoi na Cúig Chéim i dtreo na Folláine le linn drochama. Is ar Zoom a reáchtálfar na cainteanna ar line seo, tríd an nasc seo a leanas: https://us02web.zoom.us/j/89155637268

 

 

Tá dátaí le haghaidh gach seisiún cainte, agus tuilleadh eolais faoi na cainteoirí, thíos faoi seo:

 

Dé Máirt 1 Nollaig ar 7pm

Is ar an téama ‘Ceangail’ a labhróidh Sarah Barr. Is comhairleoir comhtháiteach í Sarah ar léi New Beginnings, cleachtas príobháideach comhairleoireachta i nDún na nGall. Tá ceardlanna cruthaithe agus á n-éascú ag Sarah, a bhfuil ina measc ‘Cúram do Mhamaí’ agus ‘Cúram Domsa’, chomh maith le ceardlanna folláine a éascú le haghaidh scoileanna agus gnólachtaí. Scríobhann sí ailt fosta ag díriú ar aire a thabhairt dár sláinte intinne agus dár bhfolláine.

Sarah Barr

 

Déardaoin 3 Nollaig ar 7pm

Is ar an téama ‘Tabhair faoi deara’ a labhróidh Julie Voss, a bhfuil obair déanta aici i dtacaíocht teaghlaigh agus i bhforbairt páistí le breis agus fiche bliain, agus ansin d’athraigh sé a gairm roinnt blianta ó shin agus rinne sé í féin a athoiliúint mar Chleachtóir Aireachais. San am i láthair, éascaíonn sí ranganna agus ceardlanna Aireachais le páistí, déagóirí agus daoine fásta. Ar na mallaibh, tá sí i ndiaidh dul i gcomhpháirt le múinteoir áitiúil iógá agus déanann siad Maidineacha Folláine le hiógá agus aireachas gach coicís trí zoom.

 

Julie Voss

 

Dé Máirt 8 Nollaig ar 7pm

Is é téama na seachtaine seo ná ‘Déan Aclaíocht’. Tá Nicola Harris ina Múinteoir Corpoideachais a bhfuil tréan oibre déanta aici le breis agus fiche bliain chun an tábhacht atá leis an Aclaíocht Fhisiciúíl don tSláinte agus don Fholláine a chur chun cinn. Is teagascóir spóirt í le Cóitseáil Éireann agus chuidigh sí le cuid mhór de na cláracha a sholáthar trí Chomhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall ó bunaíodh í in 1999.

Tá Garvin Walker ina chomhairleoir Aclaíochta agus Cothúcháin atá ag obair san earnáil le breis agus deich mbliana. Úsáideann sé an t-eolas agus an taithí atá bailithe aige le bheith ag obair le daoine óga mar Oibrí um Cheartas don Óige. Tá sé ina Theagascóir de chuid Chomhpháirtíocht Spóirt Dhún na nGall le haghaidh Fir ar a gCosa.

 

Déardaoin 10 Nollaig ar 7pm

Is é téama na seachtaine seo ná ‘Coinnigh ag Foghlaim’. Oibríonn Mairéad Cranley le haghaidh Chomhairle Contae Dhún na nGall. Is ise Bainisteoir Réigiúnach an Tuaiscirt agus an tOifigeach um Aoisbhá Dhún na nGall. Tacaíonn sí le 6 cinn de Chláracha Aoisbhá i Réigiún an Tuaiscirt agus oibríonn sí go háitiúil le Clár Aoisbhá Dhún na nGall chun áit níos fearr a dhéanamh de Dhún na nGall le dul chun aois ann. Tá sí ag staidéar faoi láthair leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le ‘ag dul in aois go sláintiúil’.

 

Mairead Cranley

 

Dé Máirt 15 Nollaig ar 7pm

Is é téama na seachtaine seo ná ‘Tabhair’. Bhunaigh Denise Diver Teiripe Chomhtháite i Mí Mheán Fómhair 2013, agus é de chuspóir aici teiripí tacaíochta aireachais a sholáthar i nDún na nGall, i nDoire agus ar line. Tá meas ar gach gné den duine; fisiciúil, mothúchánach, meabhrach, intleachtúil agus sóisialta. Tugtar réimse de mhodhanna tacaíochta leis an chóras néarógach a shuaimhniú agus an cholainn/an intinn/ an spiorad a chneasú. 

 

Denise Diver

 

Is clár náisiúnta é Éire Shláintiúil i do Leabharlann atá á mhaoiniú ag an Roinn Sláinte. Tá breis agus 120 leabhar ag leabharlanna i nDún na nGall a phléann le hábhair thábhachtacha ar nós bia sláintiúil, aclaíocht fhisiciúil agus sláinte intinne do dhaoine fásta agus do pháistí araon.  Tá teacht again ar leabhair leictreonacha agus reáchtálann muid imeachtaí sláinte ar bhonn rialta.

 

Sheol Éire Shláintiúil an feachtas ‘Bí Folláin’ ar na mallaibh lena thaispeáint do dhaoine conas cúram a thabhairt dá sláinte féin agus dá bhfolláine féin, idir fhisiciúil agus mheabhrach. Mar chuid den fheachtas ‘Bí Folláin’ de chuid Éire Shláintiúil, tugtar treoracha, eolas agus noda ar rudaí le muid uilig a choinneáil folláin sna míonna amach romhainn sa bhliain chrua seo a bhí ag gach duine.

 

 

Beidh an t-eolas seo maidir le Mianach agus Folláine ar fáil anseo agus faoi na ceannteidil seo a leanas: Ag Coinneáil Aclaí, Ag Coinneáil Teagmhála, Ag Déanamh Scíste, Ag Ithe go Maith, agus Ag Tabhairt Aire do do Mhothúcháin. Ba chóir dúinn uilig na seirbhísí iontacha seo a úsáid.  

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar na seirbhísí ar line atá ar fáil tríd an leabharlann áitiúil, tabhair spléachadh ar an suíomh s’againne, nó gabh chuig Leathanach Facebook Leabharlanna Dhún na nGall.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO