Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Driogairí Shliabh Liag

01/05/20 Driogairí Shliabh Liag agus Cosaint Shibhialta Chomhairle Contae Dhún na nGall ag dul i bpáirt lena chéile san Iarracht Mhór Náisiúnta.

Slieve Liag Civil Defence

 

Tá Driogairí Shliabh Liag i nDún na nGall ag tacú leis an iarracht náisiúnta i gcoinne COVID-19 trína bpróiseas táirgthe a athdhíriú ó bheith ag déanamh biotáille ardghradamach go dtí díghalrán láimhe le haghaidh otharlanna, seirbhísí riachtanacha agus oibrithe ar an líne thosaigh i nDún n nGall.

 

Tá geallta ag an chomhlacht an chéad 1,000 lítear a dheonú do sheirbhísí riachtanacha i nDún na nGall, le cuidiú ó Chosaint Shibhialta Chomhairle Contae Dhún na nGall a thabharfaidh an díghalrán láimhe amach chuig áiseanna sláinte ar fud Dhún na nGall ar a son.  

 

“Tá lúcháir orainn a bheith ábalta ár gcuid áiseanna táirgthe sa drioglann ar an Charraig a úsáid le díghalrán láimhe a tháirgeadh ón tseachtain seo”, a dúirt an stiúrthóir Moire Doherty.  

 

Tá muid i ndiaidh gearradh siar ar an ghnáththáirgeadh a dhéanaimid agus tá muid ag díriú ár n-aird ar thacaíocht a thabhairt d’oibrithe ar an líne thosaigh agus iad ar a seacht ndícheall muid a chosaint ó leathnú an víris seo.”

 

“Tá díghalrán láimhe riachtanach dár seirbhís sláinte, ach tá gá le 60% d’alcól a bheith ann ar a laghad le go mbeadh sé éifeachtach.  Thuig muid go bhfuil muidne in áit mhaith le cuidiú lenár seirbhísí áitiúla agus lenár bpobal áitiúil anseo i nDún na nGall agus tá muid ag deonú 1,000 lítear do na seirbhísí riachtanacha i nDún na nGall,” a dúirt sí.

 

“Bhí muid ag obair le Rosaria in Algaran Teoranta i nGleann Cholm Cille, ag úsáid an tsaineolais leathain atá aici chun díghalrán éifeachtach a dhéanamh a bhfuil 70% d’alcól ann, agus é saibhrithe le feamainn áitiúil le é a dhéanamh níos séimhe don chraiceann.”

 

“Le coinneáil suas leis an éileamh ón phobal, is gá go mbeadh díghalrán láimhe ar fáil agus ós rud é gur féidir linné é a dhéanamh go háitiúil ciallaíonn sin gur lú na fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith sa slabhra soláthair le himeacht ama.  Thug Comhairle Contae Dhún na nGall agus na Coimisinéirí Ioncaim tacaíocht don togra seo ón tús.”

 

“Tá meon an-láidir pobail i nDún na nGall, agus sin an fáth gur roghnaigh muid an áit le cónaí ann.  Tá muid uilig ag dul fríd am iontach corraitheach le chéile agus mar bhean ghlúine san am atá thart tá lúcháir orm a bheith in ann ár gcuid a dhéanamh ar son oibrithe sláinte agus oibrithe s’againne ar an líne thosaigh, chun iad a chosaint fad agus atá siadsan ag sábháil beatha daoine.” Dúirt an tUas. Doherty fosta: “do bhaill den phobal sa cheantar áitiúil reáchtálfaidh muid seirbhís ‘cliceáil agus bailigh’ ón siopa ar líne”

 

Idir an dá linn, in aineoinn na paindéime domhanda, tá stiúrthóirí le Driogairí Shliabh Liag ag brú ar aghaidh le pleananna le haghaidh drioglann úr in Ard an Rátha.  “Ní dócha go mbeidh muid oscailte i mbliana de bharr na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair” a dúirt Stiúrthóir Bainistíochta James Doherty “ach tá tús curtha againn le hobair ar an suíomh agus tá rún daingean againn, chomh luath agus is féidir, an drioglann uisce beatha a thógáil agus toiseacht ar Uisce Beatha Éireannach a tháirgeadh ar scála suntasach in Ard an Rátha.”

 

“Ní ba luaithe sa bhliain, sheol muid an scéim ‘Casca an tSeanchaí’ trína dtig le daoine na chéad chascaí ón drioglann a cheannach, agus ba mhór an sásamh  agus gliondar dúinn fáilte a chur roimh na chéad daoine den 600 Úinéir Cascaí Seanchaí.  Tá siad ag cuidiú linn an drioglann a thógáil agus tá siad mar chuid lárnach de stair agus de rath an chomhlachta.”

 

Bunaithe in iarthar Dhún na nGall, ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin in Éirinn, leanann Driogairí Shliabh Liag orthu lena dtáirgeacht chruthaitheach, agus tá siad i ndiaidh uisce beatha Éireannach atá tirim agus deataithe faoin ainm Dark Silkie a tháirgeadh, bainte leis an bhranda clúiteach Silkie, chomh maith le Jin dar ainm An Dúlamán a bhfuil neart Santa Ana Armada ann.  Go gairid i ndiaidh dóibh é a sheoladh, bronnadh bonn airgid ar Jin An Dúlamán de neart Santa Ana Armada sna Gradaim Dhomhanda Jin i gcatagóir Jin Cabhlaigh, agus cuireadh Moira Doherty ar an ghearrliosta le haghaidh Dhriogaire na Bliana.

 

Deir Moira gur onóir atá ann a bheith aitheanta ag an leibhéal idirnáisiúnta: “Tá sé go hiontach a bheith aitheanta i measc cuid de na brandaí jin is fearr sa domhan. Tá scéal iontach saibhir ag Jin an Dúlamán de Neart Santa Ana Armada, agus ceangal láidir le Dún na nGall, mar sin de tá lúcháir orainn a bheith á chur sin ar fáil do dhaoine ar fud an domhain a bhfuil dúil acu sa jin.”

 

I measc na mbrandaí eile atá ag an drioglann tá an Legendary Silkie Irish Whiskey, An Dúlamán Irish Maritime Gin agus Vodca Assaranca, a eisíodh in 2019.  Tá Driogairí Shliabh Liag tiomanta chun an oidhreacht driogaireachta i nDún na nGall a athmhúscailt agus tá sé beartaithe acu dhá tháirge eile a eisiúint nuair a bheas siad aibí, mar atá an Sliabh Liag Donegal Single Malt Irish Whiskey agus an Donegal Pot Still Irish Whiskey.

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar Dhriogairí Shliabh Liag tabhair cuairt ar www.sliabhliagdistillers.com.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO