Tosófar feachtas dreideála ag Cuan Bhun Cranncha ón lá inniu, Dé Céadaoin 17 Meitheamh go dtí Dé hAoine 26 Meitheamh 2020. Déanfaidh MV Otterbank dreideáil chéachta gach lá ó 7am go dtí 8pm. Beidh srianta ar dhaoine dul chuig an ché agus bheith ag bogadh thart laistigh den chuan le linn na n-oibreacha seo, agus iarrtar ar dhaoine eile a úsáideann an cuan agus ar oibreoirí báid bheith cúramach agus iad i mbun gníomhaíochtaí laistigh den chuan.
Tá an obair seo riachtanach le hoibriú sábháilte an chuain a chinntiú do gach duine a úsáideann é agus le cuidiú le haon seoladh riachtanach tarrthála a chaithfidh RNLI a dhéanamh ar mhaithe le sábháilteacht gach duine amuigh ar an fharraige.
Cloífear go docht le gach riail i dtaca le Covid-19 i rith an ama. Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a dhéanfaidh maoirseacht ar an obair.