Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Cruinniú na nÓg 2020

Níl teorainn le Cruthaitheacht ag Cruinniú na nÓg 2020

 

Beidh Cruinniú na nÓg, lá bliantúil cruthaitheachta saor in aisce do pháistí agus do dhaoine óga, ar siúl Dé Sathairn 13 Meitheamh. Is é seo an tríú bliain den fhéile, agus ar an lá seo spreagtar páistí agus daoine óga le bheith páirteach i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha ina gcomharsanachtaí féin agus ina bpobail féin, agus déantar an rannpháirtíocht sin a cheiliúradh.  Agus beidh sé rud beag difriúil i mbliana!

 

Siocair na srianta sláinte poiblí atá i bhfeidhm faoi láthair, beidh gach ócáid ar siúl ar líne agus ar an teilifís, le cuidiú ó RTÉ.  Beidh rudaí iontacha ar fáil anseo i nDún na nGall do pháistí agus do dhaoine óga, ina measc ceardlanna ar líne ar an lá, agus iad uilig SAOR IN AISCE.

 

Agus í ag caint thar ceann na Foirne Cultúir agus Cruthaitheachta, molann Eileen Burgess, Bainisteoir Rannán Cultúir Dhún na nGall le Comhairle Contae Dhún na nGall, molann sí do gach duine “a gcumas cruthaitheach a fhiosrú trí rud éigin giota beag difriúil a thriail, nó am a chaitheamh ag comhroinnt a gcuid spéiseanna cruthaitheacha le cairde nó le teaghlach. Cé gur féidir go mbeidh sé rud beag difriúil i mbliana, tá go leor dóigheanna le bheith páirteach ann.” 

 

I measc na rudaí is mó suim ar an lá beidh ceardlanna ar an Scrabhchódáil, Cumadh Amhrán, Scríbhneoireacht Chruthaitheach, agus an Chraoltóireacht, ag cur deiseanna iontacha ar fáil do dhaoine óga dul i mbun rud éigin úr.  Moltar duit áit a chur in áirithe go luath do na himeachtaí seo, mar tá teorainn leis an líon áiteanna.  Tá dóigheanna eile a thig bheith páirteach ar an lá.  D’fhéadfá do phuball a chur suas sa seomra suite chun éisteacht leis an cheolchoirm óige ‘Inár nAonar le Chéile’, nó amharc ar ghearrscannán coimisiúnaithe de chuid Wild Strands a thugann Star Wars agus Tai Chi Qigong le chéile agus ina bhfuil daoine óga as Cionn Mhálanna. Tá daoine óga ar bís le tamall anuas don leabhrán ar líne dar ainm ‘Recipes for Disaster’, a bheas ar fáil le híoslódáil ar an lá.

 

Tá an oiread sin rudaí ar siúl go háitiúil agus go náisiúnta gur cinnte go mbeidh rud éigin ann do gach duine.   De bharr comhoibriú le Comhairle Dearaíochta agus Ceardaíochta na hÉireann, beidh seisiúin teagaisc á gcraoladh roimh an lá mór faoin dóigh le d’eitleog féin a dhéanamh as earraí tí agus í a chur ar eitilt ar an lá féin. Beidh ranganna beo ar siúl ar siúl sna laethanta roimh ré, mar sin de, bí cinnte do shúil a choinneáil amach dóibh.

 

Is tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach é Cruinniú na nÓg, faoi choimirce na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus tá sé á chur ar fáil i gcompháirt le RTÉ agus leis na hÚdaráis Áitiúla.  Tá an bhliain seo mar pháirt d’Fheachtas an Rialtais #InThisTogether.

 

Tá gach eolas faoi imeachtaí Dhún na nGall, chomh maith le sonraí áirithinte, ar fáil ar wainfest.ie/family-events.html agus is féidir na himeachtaí agus tograí náisiúnta a fheiceáil ar cruinniu.creativeireland.gov.ie/

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO