Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Buaiteoirí Comórtas Sábháilteachta Bóthair

04/02/19 Sábháilteacht Bóthair chun tosaigh ag Páirc na Finne

Tá buaiteoirí Chomórtas Ealaíne maidir le Sábháilteacht Bóthair fógraithe ag Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall agus Cláirsigh na Finne. Tháinig líon mór iontrálacha ó dhaltaí bunscoile i nDún na nGall arís i mbliana. Léiríonn sé seo an suim a chuireann bunscoileanna an chontae sa chomórtas.

 

Buaiteoirí-

 

Caitlin McLaughlin, Scoil Treasa Naofa, Baile Mhálanna.

Ciara Larkin, SN An Teaghlaigh Naofa, Béal Átha Seanaidh.

Vanessa Cuffe, SN Naomh Mura, Tooban, Bun na hAbhann.

Tatum Ptasinsk, SN Naomh Iósaef, Ráth Maoláin. 

Emma Nic Suibhne, Scoil Naomh Dúigh, Anagaire.

Ella Willshire, Scoil Náisiúnta an Teaghlaigh Naofa, Béal Átha Seanaidh.

Anika Benny, Scoil Mhuire gan Smál, Leitir Ceanainn

 

Fógrófar príomhbhuaiteoir an chomórtais ag leath-am le linn cluiche a imreoidh Cláirsigh na Finne i gcoinne Chumann Peile Ruagairí Shligigh i bPáirc na Finne ar an Aoine 14ú Feabhra 2020. Le sábháilteacht bóthair a chur chun tosaigh, déanfar pictiúr an bhuaiteora a thaispeáint ar chlár fógraíochta i bPáirc na Finne sa tséasúr atá amach romhainn. Ní hamháin go léiríonn líon na n-iontrálacha an cumas ealaíne atá ag daltaí bunscoile ach tugann sé léargas dúinn ar chomh tiománta agus atá na múinteoirí i dtaca le buanna a ndaltaí a chur chun cinn.

 

Ghabh Brian O’ Donnell Oifigeach Sábháilteachta Bóthair le Comhairle Contae Dhún na nGall buíochas leis na scoileanna uilig a ghlac páirt sa chomórtas. Dúirt sé “ba mhaith liom tréaslú leis na buaiteoirí uilig agus na scoileanna as tacaíocht a thabhairt don togra tábhachtach seo a bhaineann le Sábháilteacht Bóthair. Ba cheart go mbeadh na daltaí uilig a tharraing pictiúr an-bhródúil astu féin ná bhí caighdeán ard sna pictiúrí. Tá sé thar a bheith spreagúil go bhfuil múinteoirí agus daltaí mar pháirt de agus tá súil againn go bhfuil achan dalta a ghlac páirt sa chomórtas níos eolaí ar shábháilteacht bóthair anois. Cuireann an comórtas an téama Sábháilteacht Bóthair chun cinn agus tugann ar dhaltaí a gcuid samhlaíochta a úsáid chun manaí a chruthú agus pictiúrí a tharraingt bunaithe ar na dóigheanna le contúirtí ár mbóithre a sheachaint” .

 

Dúirt comhordaitheoir Chlár Scoile Chláirsigh na Finne John Campell go bhfuil ‘rath mór ar an chomórtas seo i measc daltaí bunscoile agus go bhfuil lúcháir mhór ar Chláirsigh na Finne go bhfuil siad ábalta cúrsaí sábháilteachta bóthair a chur chun cinn i nDún na nGall. “Tá lúcháir orainn go bhfuair muid líon mór iontrálacha iontacha arís i mbliana agus go bhfuil daltaí bunscoile ag tarraingt airde ar chúrsaí sábháilteachta bóthair agus na contúirtí a bhaineann lenár mbóithre tríd na pictiúrí seo”.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO