Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Brian Friel The Laurels G

Taighde ar na Labhrais de chuid Brian Friel

Brian Friel

 

Tá Rannóg Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall ag glacadh le hiarratais go dtí’n Aoine, 8ú Bealtaine maidir le staidéar a bhaineann leis ‘Na Laurels’, teach cónaithe inár tógadh máthair an drámadóra Brian Friel. Tá an teach seo suite sna Gleannta agus ba é an bunsmaoineamh a bhí taobh thiar den dráma cáiliúil Dancing at Lughnasa. Tá an staidéar seo faoi stiúir Chomhairle Conate Dhún na nGall le comhchistiú ó Éire Ildánach agus an Chomhairle Oidhreachta mar chuid de chur  i bhfeidhm Plean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

 

“Is deis ar dóigh í seo le bheith páirteach i dtionscnamh a bhaineann le saothar Brian Friel, duine de mhór-ambasadóirí na contae” a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. Táthar ag súil go dtarraingeoidh an tionscamh seo an méid atá ar eolas cheana féin faoi oidhreacht na Laurels, scríbhinní Brian Friel ar an Bhaile Beag agus na Gleannta le chéile ach fosta stair mhuintir Uí Luain agus mhuinitr Uí Fhríl. Beidh an taighde seo mar bhunchloch agus deis le heolas a bhailiú agus a chaomhnú faoi na Laurels, taighde atá faoi réir ag Iontaobhas Brian Friel. Is fianaise ann féin é an sainchomhartha stairiúil seo de shaothar Bhrian ná ba iad an teach seo agus iad siúd a raibh cónaí orthu ann, a spreag Brian leis an dráma Dancing at Lughnasa a scríobh. Tá na seoda litríochta seo chomh tábhachtach agus téann siad go mór i bhfeidhm ar mhic léinn, ealaíontóirí, turasóirí agus an pobal i gcoitinne.”

 

Rugadh Brian Friel (1929-2015) i gCnoc Maol, gar don Ómaigh, Co. Thír Eoghain. Bhog a theaghlach go Doire nuair nach raibh sé ach deich mbliana d’aois. Chaitheadh sé saoire an tsamhraidh ag teach ‘Na Laurels’ sna Gleannta, áit a raibh cónaí ar a aintíní, deirfiúracha Uí Luain. Ina chuid cainte Self-Portrait (1971), cuimhníonn Brian Friel ar laetha a óige:

“Nuair a bhí mé i mo ghasúr, chaith muid roinnt de laethanta saoire an tsamhraidh ag baile mo mháthar in aice leis na Gleannta i gContae Dhún na nGall. Tá cuimhní soiléire agam do na saoirí sin ar nós gur an an tseachtain seo a chuaigh thart a bhí ann. Tá cuimhne mhaith agam ar chruth na gcupaí agus iad crochta sa chúlchistin, an patrún a bhí ar na leaca ar urlár na cistine, achan snaidhm adhmaid ar na staighre adhmaid, achan mhurlán dorais, achan bholadh, agus an cruth agus an uigheacht a bhain le hachan chrann dá raibh timpeall na háite.”

 

I ndiaidh dó céim a bhaint amach i gColáiste Naomh Iósaef i mBéal Feirste, mhúin sé i nDoire ó 1950 go dtí 1960. D’fhág sé an mhúinteoireacht le slí bheatha a bhaint amach mar scríbhneoir. Bhog sé féin agus a chlann go Dún na nGall ag deireadh na seascaidí. “Bhí Brian Friel ar an drámdóir ba chlúití dá raibh ann le linn a ama” a dúirt Traolach Ó Fionnáin, Oifigeach Ealaíne, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

“Cé gur rugadh i dTír Eoghain é, bhí Dún na nGall mar bhaile aige. Tá a chuid saothar iontach go deo, go háirithe an dóigh ar chruthaigh sé an baile miotasach ‘An Baile Beag’ (Ballybeg) as an léargas a fuair sé ar na Gleannta. Luaitear an áit seo i roinnt dá chuid drámaí, ina measc, tá Philadelphia, Here I Come! (1964), Translations (1980), Dancing at Lughnasa (1990), agus The Home Place (2005). Is é Dancing at Lughnasa, áfach, an dráma is mó ina léirítear an taithí a fuair sé ar na ‘Laurels’ agus ar an saol a bhí acu siúd a raibh cónaí orthu ann.” 

    

Tá an teach anois mar ‘Foirgneamh Cosanta’ faoin Acht Pleanála agus Forbartha mar gheall ar an ailtireacht a bhaineann leis agus an ceangal atá aige le Brian Friel. “Tá na Laurels ar cheann den líon beag foirgnimh chosanta atá i gContae Dhún na nGall agus a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leo” a dúirt Collette Beattie, Oifigeach Caomhantais, Comhairle Contae Dhún na nGall. “Táthar den tuairim go bhfuil gnéithe speisialta ailtireachta, eolaíochta agus cultúrtha ag baint leis an fhoirgneamh. Cuirfidh an taighde seo go mór le tuairisc chaomhantais an tí, a rinne Comhairle Contae Dhún na nGall coimisiúnú uirthi i 2017 agus fosta cuirfidh sé leis na hiarrachtaí atá ar bun ag Iontaoabhas Brian Friel faoi láthair leis an fhoirgneamh a chaomhnú agus an bunéadach agus bunábhar chomh maith leis an suíomh a choinneáil mar atá.”

 

Is é an rud atá i gceist leis an staidéar ná taighde cartlainne, anailís ar shaothar litríochta agus scríbhinní Uí Fhríl, taighde ar stair an teaghlaigh, agallaimh le faisnéiseoirí tábhachtacha agus comhcheangal a dhéanamh idir oidhreacht agus ábhar cultúrtha ‘Na Laurels’ i dtaca le comhthéascanna sóisialta, cultúrtha agus staire de. D’oirfeadh an staidéar seo de staraí, údar, ealaíontóir, seanchaí, gineolaí, tíreolaí cultúrtha nó duine ina mbeadh roinnt de thréithe na saineolaithe seo acu sa dóigh agus go mbeadh siad ábalta cuntas éagsúil, eolach, cuimsitheach de ‘Na Laurels’ - na daoine, an áit agus an prós a chur ar fáil.

 

Tá tuilleadh eolais faoin togra taighde agus an t-iarratas ar fáil anseo agus is féidir iarratas a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] roimh a 4.i.n Dé hAoine, 8ú Bealtaine. Má tá eolas úsáideach ag duine ar bith a rachadh chun taribhe don staidéar seo, moltar daofa teagmháil a dhéanamh le hOifig Oidhreachta na Comhairle ar (074) 917 2576 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO