Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Aibreán 2023

11-04-2023 – Tacaíocht d’fheirmeoirí chun feirmeacha traidisiúnta a chaomhnú

Farm buildings near St. Johnston that benefitted under the Heritage Council’s Traditional Farm Buildings Grant Scheme.

Foirgnimh Feirme in aice le Baile Suingean a fuair tacaíocht thairbhiúil faoi Scéim Deontais Foirgnimh Thraidisiúnta Feirme na Comhairle Oidhreachta.

 

Tá maoiniú ar fáil d’fheirmeoirí le foirgnimh thraidisiúnta feirme de chuid Chontae Dhún na nGall a chaomhnú, faoi Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme atá á riar ag an Chomhairle Oidhreachta i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Is é is aidhm le Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme ná a chinntiú go gcaomhnaítear, le haghaidh úsáid talmhaíochta, na foirgnimh thraidisiúnta feirme sin a chuireann le carachtar an tírdhreacha agus atá luachmhar ó thaobh na hoidhreachta de. Is ar líne amháin a ghlacfar le hiarratais agus is é an dáta druidte le haghaidh iarratais a fháil don scéim deontais ná Dé Luain 24 Aibreán ar 5pm.

 

‘Cuireann ár gcuid foirgneamh traidisiúnta feirme le carachtar an tírdhreacha faoin tuath agus déanann feirmeoirí obair thábhachtach cúram a thabhairt dóibh agus le iad a chaomhnú’ a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. ‘Cuidíonn Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme le foirgnimh thraidisiúnta feirme leanúint orthu a bheith ábhartha d’obair thalmhaíochta, cuidíonn sí le gnéithe den oidhreacht thógtha tuaithe atá tábhachtach do charachtar an tírdhreacha réigiúnaigh a chothabháil, agus cuireann sé slite beatha na tuaithe agus stair áitiúil in iúl do chuairteoirí agus do bhunadh na háite. Molann an scéim go láidir d’fheirmeoirí, agus tacaíonn sí leo, ar a laghad cuid de na deisiúcháin a dhéanamh iad féin. Soláthraíonn sí fostaíocht fosta i gceantracha tuaithe do chonraitheoirí áitiúla agus spreagann sí ceardaithe áitiúla chun an dea-chleachtas caomhnaithe is fearr a fhoghlaim agus a chur i bhfeidhm.

 

 

Tá an deontas ar fáil chun foirgnimh thraidisiúnta feirme a chaomhnú, ar a n-áirítear díonta, ballaí, deisiúcháin struchtúrtha, fuinneoga agus doirse. Beidh deontais ar fáil fosta do struchtúir ábhartha eile amhail dromchlaí ar chlóis stairiúla agus ar ghnéithe tírdhreacha thart ar chlós na feirme, ar bhallaí agus ar gheataí traidisiúnta feirme. Le bheith i dteideal don scéim, is gá go mbeadh tréithe dúchasacha oidhreachta nó seandálaíochta a bheith ag baint leis na foirgnimh agus struchtúir ábhartha eile, cur leis an tsuíomh ina bhfuil siad agus gan a bheith faoi scáil foirgnimh eile ar mhórscála agus nua-aimseartha. Idir 2016 agus 2022, thacaigh an Chomhairle Oidhreachta le caomhnú 580 foirgneamh traidisiúnta feirme ar fud na tíre.

 

Tá Scéim Deontais na bhFoirgneamh Traidisiúnta Feirme ar oscailt d’fheirmeoirí atá (i) ina rannpháirtithe gníomhacha sa scéim agra-chomhshaoil ar a n-áirítear An Scéim Timpeallachta Tuaithe Agra-Aeráide (ACRES) nó (ii) ina rannpháirtithe i gComhpháirtíocht Nuálaíochta Eorpach (EIP) nó (iii) ina rannpháirtithe ceadaithe ar an Scéim um Fheirmeoireacht Orgánach. Is gá gurb é an t-iarratasóir an t-úinéir ar an fhoirgneamh/struchtúr ábhartha eile lena bhfuil maoiniú á lorg fána choinne nó a bheith ag gníomhú le cead an úinéara. Clúdóidh an deontas suas go dtí 75% de chostas na n-oibreacha. Is é an deontas is lú a thairgfear ná €4,000 agus is é an deontas is mó a thairgfear ná €30,000. Agus €1.25 milliún ar fáil faoin scéim, measann an Chomhairle Oidhreachta go bhféadfaí tacú le suas le 70-80 tionscadal ar fud na tíre in 2023.

 

Tá tuilleadh sonraí agus foirmeacha iarratais ar fáil ó shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta ag: www.heritagecouncil.ie agus ar (086) 025 9202.  Tá comhairle ar fáil d’iarratasóirí fosta ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall.