Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Aibreán 2023

11-04-2023 – Maoiniú chun 7 séadchomhartha seandálaíochta a chaomhnú

Funding under the Community Monuments Fund will allow Donegal GAP Heritage & History Group to complete conservation repairs to Doon Fort, a Western Stone Fort and an archaeological monument in Loughadoon near Portnoo.

Cuideoidh maoiniú faoin Chiste Séadchomharthaí Pobail le Grúpa Oidhreachta agus Staire GAP Dhún na nGall chun deisiúcháin a dhéanamh ar dhaingean an Dúin, Dún Cloiche Iartharach agus séadchomhartha seandálaíochta i Loch an Dúin in aice le Port Nua.

 

 

Bainfidh seacht gcinn de shéadchomharthaí seandálaíochta i gContae Dhún na nGall tairbhe as maoiniú de bhreis agus €384,500 faoin Chiste Séadchomharthaí Pobail a d’fhógair Malcolm Noonan T.D., An tAire Oidhreachta agus Athchóiriú Toghchánach.  Is tionscnamh de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Séadchomhartha, faoin Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla, é an Ciste Séadchomhartha Pobail.   

 

“Soláthraíonn an maoiniú 100% seo, a fuarthas ón Chiste Séadchomharthaí Pobail do na séadchomharthaí seandálaíochta seo, tacaíocht a bhfuil géarghá léi chun cuidiú le iad a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur chun cinn’ a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. ‘Tá gach ceann de na séadchomharthaí seandálaíochta atá maoinithe faoin scéim seo á gcosaint faoi na hAchtanna um Shéadchomharthaí Náisiúnta. Tá an chuid is mó den 3,400 suíomh seandálaíochta a bhfuiltear eolach orthu i gContae Dhún na nGall faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi chúram príobháideach, agus dá bhrí sin, is deis iontach í an scéim seo d’úinéirí talún, do choistí pobail nó d’údaráis áitiúla oibreacha caomhnaithe a dhéanamh, rochtain níos fearr orthu a spreagadh, a gcuma a fheabhsú nó séadchomharthaí a neartú lena gcosaint i gcoinne éifeachtaí an athruithe aeráide.  Ó cuireadh tús leis an Chiste Séadchomharthaí Pobail i mí Iúil 2020, bhain seacht gcinn déag de shéadchomharthaí i gContae Dhún na nGall tairbhe as, go dtí méid iomlán de bhreis agus €1 milliún.’  

 

Tá maoiniú bronnta ar Ghrúpa Oidhreachta agus Staire GAP Dhún na nGall chun oibreacha caomhnaithe a chur i gcrích leis An Dún a neartú agus a dheisiú (€97,660); ar Ghrúpa Caomhnaithe Eaglais Chill Bharrainn leis an bhinn thiar agus an doras isteach chuig Eaglais Chill Bharrainn a neartú agus a athphointeáil (€31,241); ar Chumann Pobail Chionn Mhálanna fá choinne painéil léirmhíniúcháin, turas fíorúil, bileoige agus suíomh gréasáin chun rochtain a fheabhsú do chuairteoirí chuig an tSeaneaglais ag Tobar Mhálanna (€16,993); agus ar Fhorbairt Dhún Lúiche le plean léirmhíniúcháin agus caomhnaithe a ullmh chun rochtain agus tuiscint a fheabhsú maidir leis an suíomh eaglasta luath-mheánaoiseach Sraith na Cille, Dún Lúiche (€8,356).

 

Bainfidh trí reilig stairiúla, atá faoi chúram Chomhairle Contae Dhún na nGall, tairbhe as maoiniú faoin Chiste Séadchomharthaí Pobail chomh maith. Fuair Pobal Dhún Cionnaola Teoranta maoiniú le ballóga Eaglais Chill Leachta Aodha a chaomhnú agus a neartú (€103,341). Fuair Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirtíocht le Cumann Staire Ráth Maighe, maoiniú le hoibreacha saorchloiche ar Eaglais Ráth Maighe a chaomhnú agus a neartú, chomh maith le deisiúcháin ar bhallaí teorann na reilige stairiúla seo (€99,705). Fuair Grúpa Oidhreachta Inbhir maoiniú le Plean Bainistíochta Caomhnaithe agus oibreacha mionsonraithe a ullmhú do Eaglais agus Reilig Naomh Naille in Inbhear (€27,336).

 

Caithfear na hoibreacha caipitil ar fad, agus tuairiscí, a bheith déanta faoi thús mhí Dheireadh Fómhair agus beidh Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall agus an Músaem Contae ag tabhairt comhairle agus tacaíocht do na hiarratasóirí leis na tograí seo a chur i bhfeidhm sna míonna amach romhainn. Dúirt an tAire Oidhreachta agus Athchóiriú Toghchánach, Malcolm Noonan T.D.,: ‘Tá lúcháir orm maoiniú a fhógairt le haghaidh 140 togra oidhreachta ar fud na tíre faoin Chiste Séadchomharthaí Pobail, go dtí méid iomlán de €8 milliún, méadú 33% ón mhéid a bhí ann anuraidh. Tá an ciste seo i ndiaidh tacú le breis agus 330 tionscadal ó bunaíodh é in 2020, ag imirt tionchar dearfach inbhraite ar dhúnta agus eaglaisí meánaoiseacha agus ar chaisleáin agus reiligí stairiúla a mbíodh saol ár sinsear fite fuaite iontu, chomh maith lenár saol féin, ag déanamh ceangail idir muid agus ár stair ársa. Is infheistíocht é fosta, ar ndóigh, sa todhchaí: sa chúram, sa chaomhnú agus sa phoiblíocht a thugtar do na séadchomharthaí iontacha seo agus na suíomhanna stairiúla iontacha seo, agus sna pobail agus sna saineolaithe oidhreachta a bhainistíonn an obair go gairmiúil le iad a chaomhnú, a chosaint agus a chomhroinnt. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na hiarratasóirí ar fad i mbliana as a gcuid oibre, agus guím gach rath ar na tograí ar éirigh leo maoiniú a fháil.’

 

Dá mba mhaith leat a fháil amach cad iad na séadchomharthaí seandálaíochta atá i do cheantar féin nó ar do mhaoin féin, thig leat amharc ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Náisiúnta Séadchomharthaí ar www.archaeology.ie. Is gá cead a fháil roimh ré, ón tSeirbhís Náisiúnta Séadchomharthaí, sula ndéanfar oibreacha ar bith ar, nó in aice le, séadchomhartha seandálaíochta.  Más úinéir nó caomhnóir thú ar shéadchomhartha seandálaíochta nó ar shuíomh stairiúil nó má tá tú páirteach i gcoiste pobail atá ag iarraidh an oidhreacht seandálaíochta áitiúil a chaomhnú, tá comhairle ar fáil ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGAll trí ríomhphost ó [email protected] nó ar (074) 917 2576.