Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > PRanna ó Iúil 2019 > Sciobóil na bhFear 1

Seóthaispeántas Sciobóil na bhFear i nDún na nGall

Mens Shed

Seóthaispeántas Sciobóil na bhFear i CPI, Caisleán na Finne anuraidh. Beidh sé ar siúl arís i mbliana ar 23ú Deireadh Fómhair.

 

Buailfidh Sciobóil na bhFear as fud fad an chontae le chéile lena n-earraí a chur ar taispeáint i CPI, Caisleán na Finne Dé Céadaoine seo ó 11.30 r.n. - 2.30 i.n., mar pháirt de Mhí na hAthúsáide.

 

“Le roinnt blianta, tá Sciobóil na bhFear go mór chun tosaigh ó thaobh ábhair a athúsáid agus a uaschúrsáil” a deir Suzanne Bogan, Oifigeach Feasachta Dramhaíola le Comhairle Contae Dhún na nGall agus tá muid “thar a bheith sásta go bhfuil muid ag obair i gcomhar le Sciobóil na bhFear arís i mbliana le feasacht a ardú le linn na míosa ar an dóigh gur féidir le hachan duine níos mó a dhéanamh dár dtimpeallacht tríd earraí agus ábhair a athúsaid”.

 

“Beidh an seóthaispeántas seo ina dheis iontach ag daoine atá ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil maidir le hathúsáid agus an méid a thig a dhéanamh sa bhaile nó sa láthair oibre ó thaobh bainistiú dramhaíola de”.

 

“Níl ann ach luach a chur ar na rudaí atá againn cheana féin” a deir Suzanne, “tríd iad a úsáid agus a athúsáid chomh fada agus chomh minic agus is féidir linn. Ní bheadh an oiread gá le hamhábhair nó le hearraí úra a dhéanamh agus a scaipeadh agus mar sin, ní bheadh an oiread dramhaíola i gceist, rud a chiallaíonn go laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa.”

 

“Is foirmeacha d’athúsáid iad earraí a thabhairt, a athchóiriú agus a dheisiú. Tugann siad seans do dhaoine airgead a shábháil nó a shaothrú, a bheith cruthaitheach, scil úr a fhoghlaim agus a bheith airdeallach ó thaobh na timpeallachta de”.

 

“Cuir i gcás go ndíolfaí péire bróga seachas péire a chur ina n-áit nó má thógfaí leabhair ar iasacht ón Leabharlann, chiallódh sé go laghdófar dramhaíl agus astaíochtaí gás ceaptha teasa. Impíonn muid ar dhaoine le linn Dheireadh Fómhair, béim a chur ar athchóiriú, ceannacht athlámh agus uaschúrsáil, iasacht, malartú agus athlíonadh” a mhínigh Suzanne.

 

Tá lá den chéad scoth geallta ag seóthaispeántas Sciobóil na bhFear agus is deis é do dhaoine a bhfuil suim acu i sciobóil na bhfear tuilleadh eolais a fháil faoin rud atá ar bun acu agus an dóigh le bheith páirteach ann” arsa Kathleen Bonner, Comhordaitheoir Sciobóil na bhFear i nDún na nGall.

 

Beidh Highland Radio ag craoladh beo ó imeacht na Céadaoine agus beidh cur i láthair an-speisialta ó Chór na bhFear, Gleannán na Finne mar chuid de. Tá an imeacht ag fáil tacaíochta ó Chumann Náisiúnta Sciobóil na bhFear agus beidh Barry Sheridan, Príomhfheidhmeannach Chumann Náisiúnta Sciobóil na bhFear i láthair ar an lá.

 

Beidh an imeacht á reáchtáil ó 11.30 r.n. go 2.30 i.n. ar an Chéadaoin 23ú Deireadh Fómhair, tá fáilte roimh achan duine agus tá saorchead isteach.

 

Tá an togra seo i measc na dtograí atá á reáchtáil le linn Mhí na hAthúsáide. I measc na dtograí eile, tá Feachtas Róthair Scoile na hAfraice, áit gur féidir seanrothair nó rothair nár úsáideadh a fhágáil ag ceann ar bith den sé Ionad Athchúrsála, An Clochán Liath, Carn Domhnach, Leitir Ceanainn, Baile na nGallóglach, Srath an Urláir agus An Lathaigh nó ag aon scioból na bhfear ar fud Dhún na nGall.

 

Tá an seans agat páirt a ghlacadh i #dúshlánuaschúrsála19, dúshlán náisiúnta a thugann ort rud inteacht úr nua a chruthú as seantáirge agus anam a chur in earra/ábhar nach bhfuil ag teastáil. Is féidir clárú don chomórtas ar líne ag mywaste.ie. Is é an 25ú Deireadh Fómhair an spriocdháta.

 

 

Téigh chuig mywaste.ie le tuilleadh leideanna a fháil maidir le hathchúrsáil sa bhaile nó sa láthair oibre.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO