Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Uisce óil á shábháil de bharr cóiriú sceite

13-09-21 Uisce óil á shábháil de bharr cóiriú sceite

 

 

Irish Water Leak Sign

 

Tá tuilleadh dea-scéala ann do Dhún na nGall go bhfuil breis agus 500,000 lítir uisce á shábháil in aghaidh an lae, i ndiaidh d’Uisce Éireann, ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall, sceitheadh suntasach a aimsiú agus a chóiriú i mBun Cranncha. De bharr na n-oibreacha seo, beidh soláthar uisce níos seasmhaí agus níos iontaofa ar fáil don bhaile agus do na ceantracha máguaird.


Mar thoradh ar an sceitheadh suntasach seo a chóiriú, ar an bhóthar ó Bhun Cranncha go dtí An Slaba, sábhlaítear go leor uisce óil glan le soláthar uisce a chur ar fáil do bheagnach 3,900 duine sa lá, líon daoine arb ionann é agus daonra Mhainéar Uí Chuinneagáin, An Bhaile Nua, Bhun na hAbhann, Fhathna, Bhaile Suingean agus Chill Fhéich.


D’aithin Uisce Éireann agus Comhairle Contae Dhún na nGall go raibh sceitheadh suntasach ón soláthar uisce i mBun Cranncha, an dara baile is mó daonra i nDún na nGall, agus chuaigh sé crua orthu é a aimsiú de dheasca eolas teoranta a bheith ar fáil faoin ghréasán poiblí faoi thalamh.


Rinneadh athbhreithniú cuimsitheach ar an ghréasán agus, i ndiaidh gur cuireadh isteach méadar úr poiblí, bhí oibrithe in ann an sceitheadh a aimsiú agus an obair chóirithe a shocrú.


Mar chuid de na hoibreacha, cuireadh isteach bulc-mhéadar, gléas a bhailíonn eolas faoi úsáid uisce agus faoi shruth uisce, ar an phríomhphíopa i mBun Cranncha. Chuidigh an méadar le hoibrithe leis an sceitheadh faoi uisce ar an soláthar poiblí a aimsiú, soláthar a fhreastalaíonn ar cheantar mór tíreolaíoch ó Bhun Cranncha go Magh agus ó Bhaile Suingean go Mainéar Uí Chuinneagáin.


D’oibrigh Uisce Éireann agus Comhairle Contae Dhún na nGall le chéile lena chinntiú gur tugadh an tionscadal chun críche, agus chuidigh eolas luachmhar áitiúil, chomh maith le hoibreacha thar oíche ar an 20 Iúil 2021, le haon chur isteach ar an phobal áitiúil a laghdú an oiread agus ab fhéidir.


Agus é ag caint faoin obair rathúil athchóirithe, dúirt Declan Cawley, Ceannaire na nGréasán Réigiúnach le hUisce Éireann: “Tá sé doiligh a thuigbheáil go raibh breis agus 500,000 lítir d’uisce óil glan á chailliúint faoin talamh in aghaidh an lae. Ní raibh aon uisce ag teacht aníos os cionn na talún, mar sin de, bhí na sonraí eolais seo riachtanach dúinn leis an sceitheadh seo a aimsiú. Is acmhainn luachmhar é an t-uisce agus tá sé costasach lena chur ar fáil, mar sin de, bhí sé fíorthábhachtach ar fad an sceitheadh ollmhór seo a aimsiú agus a chóiriú go rathúil.


“Sa bhliain 2018, bhí ráta sceite náisiúnta de 46% ann, agus faoi dheireadh na bliana 2020 is 40% a bhí ann, agus tá muid anois ag dul i dtreo ráta sceite náisiúnta de 38% a bheith ann faoi dheireadh na bliana 2021. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis na pobail, na gnólachtaí, na húinéirí tí agus na coimitéirí as a bhfoighid agus as a gcomhoibriú fad agus atá muid ag cur feabhas ar an ghréasán uisce ar fud an chontae, chun an soláthar uisce i nDún na nGall a chosaint.”


Ag caint faoin tionscadal, dúirt Margaret Doherty, Innealtóir Feidhmiúcháin le Tionscadal Caomhnaithe agus Aimsithe agus Cóirithe Uisce de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall: “Mar thoradh ar an chomhoibriú idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus Uisce Éireann, tá soláthar uisce níos seasmhaí agus níos iontaofa ag custaiméirí.
“Bhí a fhios againn go raibh sceitheadh faoi thalamh sa ghréasán poiblí, ach ní raibh muid cinnte cá háit go díreach a raibh sé, mar sin de, bhí orainn feabhas a chur ar an bhonneagar ar an ghréasán poiblí le muid a threorú go dtí an áit go díreach a raibh an sceitheadh ann.

 

“Ghlac sé cuid mhór obair scrúdaithe agus phleanála leis an sceitheadh a dheisiú. Bhí muid ag cailliúint uisce óil glan luachmhar faoin talamh, agus tá uisce fíorluachmhar mar acmhainn, mar sin de, is céim mhór chun tosaigh é an sceitheadh seo a chóiriú agus an gréasán a fheabhsú.


“Is cuspóir tábhachtach é an soláthar uisce i nDún na nGall a chosaint agus a neartú go fadtéarmach, agus tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Uisce Éireann ag leanúint lena gcuid iarrachtaí an leibhéal sceite uisce sa cheantar a laghdú níos mó, rud a fhreastalóidh ar riachtanais an chontae san am atá amach romhainn.”
Leanann Uisce Éireann leis ag obair i gcomhpháirt leis na húdaráis áitiúla ar fud na hÉireann gach lá le sceitheadh uisce a laghdú. Mar chuid de Chlár Náisiúnta Uisce Éireann um Laghdaithe Sceite táthar ag infheistiú €500 milliún suas go dtí deireadh 2021 leis an leibhéal sceite uisce ar fud na tíre a laghdú trí phríomhphíopaí uisce atá sean nó briste a chóiriú agus a athnuachan. Cinnteoidh sé seo go mbeidh soláthar sábháilte agus iontaofa uisce ann, rud atá fíorthábhachtach dár sláinte, dár dtimpeallacht agus don daonra atá ag méadú agus don gheilleagar atá ag fás.


Leanann Uisce Éireann leis ag obair i gcomhpháirt leis na hÚdaráis Áitiúla, conraitheoirí agus le grúpaí eile chun sláinte agus folláine na mball foirne agus bhaill den phobal a chosaint, agus le leanúnachas a chinntiú i dtaca le huisce óil agus le seirbhísí fuíolluisce atá riachtanach. Chuirfeadh Uisce Éireann i gcuimhne do dhaoine gur chóir an chomhairle ón FSS a leanúint i dtaca le Covid 19 agus a chinntiú go nitear na lámha go minic.
Fá choinne tuilleadh eolais, féach www.water.ie/reducingleaks

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO