Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Toibreacha Naofa Cholm Cille

Ag teacht athuair ar Thoibreacha Naofa Cholm Cille le linn an chuimhneacháin 1500 bliain

 

 

An raibh a fhios agat go bhfuil corradh le fiche Tobar Naofa tiomnaithe do Cholm Cille i nDún na nGall?  Ó tharla gurb í an bhliain stairiúil seo cuimhneachán 1500 bliain bhreith Cholm Cille agus go dtiteann a Fhéile ar 9úMeitheamh, d’fhéadfadh seo faill a thabhairt do phobail áitiúla teacht ar na toibreacha seo arís.    

 

Tá toibreacha naofa ar na suíomhanna is mó a ndéantar adhradh Críostaí iontu in Éirinn agus meastar go bhfuil 3,000 tobar ar fud na tíre, cuid acu a bhfuil baint acu le luathshuíomhanna eaglasta ach a mbunús tiomnaithe do naomh atá tábhachtach sa cheantar agus ar fud na tíre.

 

Is traidisiún forleathan ársa é toibreacha a adhradh agus in am amháin bhí cuid de na toibreacha tábhachtach mar shuíomhanna do dheasghnátha réamh-Chríostaí – rud a léiríonn a dtábhacht i gceantracha a bhaineann leis na Ceiltigh, mar Éire agus Albain. Is cosúil gurb é ‘Beatha Cholm Cille’ (Vitae Columbae) sa tseachtú céad le hAdhamhnán an chéad tagairt riamh do thoibreacha  naofa i gcomhthéacs Éireannach.

 

I suirbhé a choimisiúnaigh Comhairle Contae Dhún na nGall in 2012 mar chuid de Phlean Oidhreachta an Chontaeaithníodh 180 tobar naofa sa chontae – 16 níos mó ná an 64 atá liostaithe i dTaifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna agus atá cosanta faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta. Tá sin chóir a bheith chomh mór le méid iomlán na dtoibreacha ar fud na Sé Chontae atá taifeadta mar 187 i dTaifead Suíomhanna agus Séadchomharthaí Thuaisceart Éireann. Dearbhaíodh fosta sa tsuirbhé go raibh nó nach raibh 26 as 43 tobar ann nach raibh a fhios cá raibh siad.

 

I measc na dtoibreacha a bhfuil baint acu le naomh, ní nach ionadh gurb é Colm Cille an duine is suntasaí i nDún na nGall nó tá 22 tiomanta dó – níos mó ná Pádraig agus Bríd, dhá naomhphátrún eile na hÉireann. Luaitear Colm Cille i gcinn eile sna scéalta béaloidis – mar Thobar Naomh Fionnán gar do Dhún Fionnachaidh an áit a dúradh a dtug Colm Cille ar uisce teacht amach as an charraig leis an tart a bhaint de Naomh Fionnán.

 

An áit a bhfuil baint ag toibreacha le Pátrún is é an traidisiún atá ann cuairt a thabhairt ar an Tobar Naofa ar lá fhéile an Naoimh.  Mar sin de i gcás bhunús thoibreacha Cholm Cille, ba é an traidisiún cuairt speisialta a thabhairt ar an 9ú Meitheamh – agus tá an dáta sin agus an  15ú Lúnasa á gceiliúradh le seacht dtobar naofa ar a laghad. 

 

Bhí an traidisiún ann fosta ‘Turas’ a bheith ag mórán toibreacha nuair a shiúlann oilithrigh ar shlí chuig an tobar naofa – nó i nGleann Cholm Cille agus i nGartán – tá tobar naofa ar cheann de na stáisiúin ar an Turas.  

 

Tá cliú ar thoibreacha fosta mar gheall ar a gcumhachtaí leighis agus is minic a luaitear sin leis an naomhphátrún. Ag cuid de na toibreacha, leantar leis an nós píosaí éadaigh a chrochadh as crann nó ofrálacha ‘Móideacha’ a fhágáil.  Sin an cás i gcónaí ag cúig cinn de na toibreacha – sna bailte fearainn An Líonán, Ceathrú Bhláthach, Cnoc na Foithre, Biofán agus Disert. 

 

Luaitear ‘leigheasanna’ áirithe le cuid de thoibreacha Cholm Cille – deirtear go dtógann na toibreacha i Magherawarden agus i  nGartán an chumha de dhuine agus bhí aird ar Thobar na Súl  i Stacarnach mar leigheas ar shúile tinne.  Le cuairt ar an tobar i Más an Easa bhí leigheas traidisiúnta ar scoilteacha agus creideadh go mbeadh eallach saor ó aicíd dá seolfaí idir an tobar agus an cladach iad i mBinnín.

 

Rud atá fíorspéisiuil ná an béaloideas a bhaineann le toibreacha.  Deirtear gur fhág Colm Cille lorg a chos nuair a léim sé de chnoc ag Tobar na Súl ar chúl Stáisiún Traenach Mhín an Lábáin agus gur fhág sé lorg a ghlún i dTulaigh Armhaoile nuair a stop sé ag an tobar ar a bhealach chun na Srúibhe in Inis Eoghain an áit ar fhág sé le dul go hOileán Í.  Agus maidir leis an tobar i gCnoc na Foithre, deirtear sa bhéaloideas nach bhfuil iasc ar bith i Loch Cholm Cille mar gur bheannaigh an Naomh é lena láimh chlé cionn is gur shéan an t-iascaire go raibh iasc ar bith aige.

 

“Tá Toibreacha Naofa ina suíomhanna tábhachtacha oidhreachta, stairiúla, cultúrtha agus creidimh” arsa Seosamh Ó Gallchóir, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.  “Baintear úsáid as lear mór acu go dtí an lá inniu. Tháinig laghdú le tamall de bhlianta ar an nós ag pobail áitiúla cuairt a thabhairt orthu, agus mar gheall air sin seans go gcaillfear eolas na staire agus an bhéaloidis a bhaineann leo nó go ndéanfar dearmad cá bhfuil siad mura scríobhfar síos é”. 

 

Tá ceithre thobar naofa dá leithéid atá tiomnaithe do Cholm Cille atá ‘ar iarraidh’ sa mhéid is nach bhfuil a fhios faoi láthair cá bhfuil siad ach go bhfuil siad sna bailte fearainn seo, an Caiseal Ard, Tullyhorky agus Cúil Chalbhaigh cóngarach do Bhéal Átha Seanaigh agus Ballymagroarty Scotch cóngarach do Bhaile an tSratha.

 

Tá trí Thobar Naofa Cholm Cille ann fosta an áit a bhfuil a fhios cá bhfuil siad ach níor mhair siad go dtí an lá inniu. Tháinig creimeadh ar thobar in Inis Bó Finne agus cailleadh san fharraige é, cuireadh suíomh tobair bheannaithe i mBaile Mhic Coin faoi fhoraois gus níl gnéithe ar bith a mhaireann ón tsuíomh ar a raibh tobar, reilig agus eaglais darbh ainm ‘Cill an Leabhair’ i mbaile fearainn Glen Lower.

 

Agus í ag cur fáilte roimh an tseans go gcuirfear spéis arís i dToibreacha Naofa Cholm Cille mar chuid de na himeachtaí ceiliúrtha 1500 bliain, dúirt Deirdre Harte, Bainisteoir Tionscadail Cholmcille 1500  “Má thugann tú cuairt ar cheann de Thoibreacha Naofa Cholm Cille nó má tá eolas agat ar cheann ar bith de na suíomhana atá ar iarraidh, ba deas linn cluinstin uait. Tig leat do chuid scéalta agus do chuid grianghrafanna a roinnt ar leathanch Facebook Cholmcille 1500  ag www.facebook.com/Colmcille1500NW. Gheobhaidh tú mionsonraí ar imeachtaí atá pleanáilte don cheiliúradh 1500 bliain má thugann tú cuairt ar www.colmcille1500.com”.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO