Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Tograí an Rannáin Chultúir

05/01/21 Sraith uathúil de thionscadail á soláthar ag Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall

Tá Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall le 3 thionscadal ealaíon agus oidhreacha uathúla ilchineálacha a sholáthar a bheas á maoiniú tríd an Chlár SÍOCHÁIN IV, clár a bhainistíonn Comhlacht na gClár Speisialta AE.

 

Tá na tionscadail mar chuid den Phlean Gníomhaíochta Údaráis Áitiúil €5.5m atá ag Comhairle Contae Dhún na nGall.  Fuair an Plean Gníomhaíochta seo tacaíocht ó Chlár SÍOCHÁIN IV an AE, clár atá á riar ag Comhlacht na gClár Speisialta AE.  Chuir Oifig an Fheidhmeannais sa Tuaisceart agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail sa Deisceart cistiú meaitseála ar fáil.

 

Is ionann Scéaltaí Teorann an Iarthuaiscirt/Scéalta na Trioblóide agus Tionscadal Faisnéise agus Meán ina bhfuil Páistí agus Seantuismitheoirí ón dá thaobh den teorainn rannpháirteach agus atá á eagrú ag an Ionad Cultúrtha Réigiúnach. In ainneoin na ndianghlasálacha iolracha agus an iliomad srianta, níor cuireadh páistí scoile as gach cearn de Dhún na nGall, Doire agus Tír Eoghain de bheith ag tabhairt faoi sheisiúin SPRAÍÚLA OIDEACHASÚLA oiliúna ar líne leis na scannánóirí gutháin chliste as Dún na nGall, Póca Productions.

 

Tionscadal Scéalta Teorann ón Iarthuaisceart, Eva & Gerry

 

Is é a bhí i gceist leis na ceardlanna ná foghlaim faoin dóigh le gutháin chliste, táibléid agus iPadanna a úsáid mar fhíscheamaraí, le scéalchláir a chruthú, foghlaim faoi theicnící agallaimh agus go leor scileanna tábhachtacha eile a bhféadfadh sé go n-eascródh gairmeacha rathúla astu i dtionscal na scannánaíochta amach anseo. Spreagadh rannpháirtithe, le linn na gceardlann seo fosta, le hagallaimh lena dtuismitheoirí nó lena seantuismitheoirí a scannánú agus le taifead a dhéanamh dá gcuid cuimhní faoi bheith ag fás aníos san Iarthuaisceart le linn na dtrioblóidí.  I ndiaidh na gceardlann, thug an stiúrthóir scannán, Keith O’Grady, faoi agallaimh leantacha le roinnt rannpháirtithe agus tosóidh sé anois ar scannán faisnéise úr a dhéanamh bunaithe ar na scéalta iontacha s’acu.

 

Scéalta Teorann ón Iarthuaisceart - An Teorainn ag Magh

 

Is taispeántas fíorúil agus foilseachán é Cónaí i nDún na nGall a léiríonn an pobal ilchineálach a fhágann gurb é Dún na nGall ‘an áit is cúláilte ar domhan’. Tá an fhoireann ‘Living in Donegal’ de chuid an Ionaid Chultúrtha Réigiúnaigh ag obair le 25 duine, a bhfuil gaolta acu i ngach cearn den domhan ach arb é Dún na nGall is ‘baile’ dóibh.  

Ag cónaí i nDún na nGall - Fadl

 

Faoi mhaoirsiú an choimeádaí, an Dr. Harriet Purkis, rinne an grúpa eicléictiúil seo de dhaoine a gcuid scéalta pearsanta agus a gcuid eispéireas laethúil a scannánú le cuidiú ón fhísghrafadóir, Eugene McGinty, agus tá siad ag obair faoi láthair lenár ngrianghrafadóir tionscadail, Declan Devlin, le sraith álainn de phortráidí ‘ar leac an dorais’ a chruthú.  Déanfaidh muid an taispeántas tumthach iomlán a sheoladh ar líne i mí Feabhra 2021, mar a mbeidh tú in ann bualadh go fíorúil leis na daoine seo agus níos mó a fhoghlaim faoi dtaobh díobh. Tiocfaidh foilseachán úr sna sála ar an taispeántas ar líne ina mbeidh grianghraif áille ón tionscadal mar aon le sleachta agus agallaimh. 

 

Ag cónaí i nDún na nGall - Sindhuja

 

Tá Cartlann Chontae Dhún na nGall agus Músaem Chontae Dhún na nGall ag gabháil faoi láthair don tionscadal Macallaí na nDeich mBliana  lena ndírítear ar stair na mblianta réabhlóideacha (1912 – 1924) agus a n-oidhreacht i gContae Dhún na nGall. Cuireadh tús leis an tionscadal i mí Eanáir nuair a tháinig páistí agus daoine óga le chéile faoi choinne sraith de cheardlanna a d’fhiosraigh Deich mBliana na gComórthaí Céid. Le linn na dianghlasála, lean comhordaitheoir an tionscadail, Alarnagh Barrett-McGinley, den obair ar an tionscadal sa domhan fíorúil.

 

Tionscadal Macallaí na nDeich mBlianta - Gaelscoil na gCeithre Máistrí - múnlaí agus déantáin giortaithe 

 

Ghlac páistí, daoine óga, grúpaí staire agus an pobal i gcoitinne páirt i ndúshláin staire ar líne, i dtionscadal staire béil agus chomhroinn scéalta agus grianghraif ar leathanach an ghrúpa Macallaí na nDeich mBliana ar Facebook. Nuair a tháinig deireadh leis an dianghlasáil, tugadh faoin tionscadal in athuair agus cuireadh ceardlanna cianda ar fáil do thart ar 150 páiste ar fud Dhún na nGall, mar a bhfiosraítear stair na tréimhse trí dhrámaíocht, stair béil nó seanchais agus scríbhneoireacht chruthaitheach.  Tá sraith d’agallaimh staire seanchais déanta fosta ag an staraí seanchais, Regina Fitzpatrick, mar chuid den tionscadal.  Cuimseofar na hagallaimh seo sa bhailiúchán Cartlainne de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Is féidir breis eolais a fháil ar cheann ar bith de na tionscadail seo ach teagmháil a dhéanamh le Clodagh Murray ag [email protected]

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO